Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

11:00 am

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Irish to follow. Le cois sin, tá buiséad an fhorais ag brath ar airgead ón Stát anseo agus airgead ón Aire nó an comhthionól sna Sé Contae. Tá buiséad an fhorais ag titim bliain i ndiaidh bliana. Dá bhrí sin - seo bun agus barr cur i bhfeidh an tAcht agus an Ghaeilge a shábháil - caithfidh airgead a bheith ar fáil leis na spriocanna atá sa straitéis agus an méid atá sa Bhille seo a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge a thógáil slán. Ní bheinn cinnte go bhfuil an buiséad ag an fhoras le sin a dhéanamh. Tuigim go huile agus go hiomlán go bhfuil ceist anseo faoi Éire aontaithe. Mar poblachtánach, creidim go láidir gur chóir dúinn, mar ionadaithe poiblí, gach iarracht a dhéanamh gach céim a ghlacadh leis an oileán a aontú. Ach ag an am céanna, cé go bhfuil baint ag an Ghaeilge le sin, caithfimid a bheith cúramach ó thaobh an Ghaeilge a fhorbairt taobh amuigh de na Gaeltachtaí.

Má fhágann muid an cúram ag eagraíocht a bhfuil faoi bhrú ó thaobh buiséad de, d'fhéadfaí deacrachtaí a chruthú. Ag an am céanna, ní bheadh an eagraíocht sin freagrach don Aire anseo go hiomlán ná don Oireachtas. Sin an fáth go bhfuil roinnt leasuithe istigh agam féin. Nílim ag fáil lochta ar bith ar an leasú atá istigh ag mo chomhleacaí, ach táim ag díriú airde ar an phointe sin. Creidim go láidir in eagraíocht de chuid an Stáit a chuireann na spriocanna atá sa Bhille seo i bhfeidhm, le cois na heagraisí eile, cosúil le Conradh na Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus eile, a bhfuil cúram speisialta acu, ar nós imeachtaí . Tá obair baile déanta acu go dtí seo agus ba chóir go mbeadh siadsan in ann cuidiú a thabhairt don údarás na spriocanna éagsúla sin a chur if bhfeidhm. Sin an méid atá le rá agam ar seo.

Tuigim cad as a dtagann an leasú seo. Tuigim go mbeidh an tAire Stáit agus an tAire Deenihan ag plé leis na hAirí ar an choiste chomhthionóil atá ar siúl idir an Stát agus na Sé Contae. Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh an Stát seo gach tacaíocht agus comhairle don Aire agus do na hinstitiúdí sa Tuaisceart le cuidiú a thabhairt dóibh straitéis a chur i bhfeidhm sna Sé Contae leis an Ghaeilge a fhorbairt agus a neartú. Ba chóir dúinne sa Stát seo, trí Fhoras na Gaeilge chomh maith, gach tacaíocht a thabhairt é sin a dhéanamh. Creidim go láidir go dtiocfaidh linn, i cúig nó sé nó ocht mbliain eile, Gaeltacht a bheith againn in nDoire, Gaeltacht a bheith againn i mBéal Feirste agus Gaeltacht a bheith againn in áiteacha eile sna Sé Contae. Tá súil agam go dtarlóidh sin. Tá eagraisí iontach maith dílis don Ghaeilge bunaithe sna Sé Contae. Tá baint agam féin le cuid acu agus bím ag caint leo go minic. Tá súil agam, go dtig linn, tríd an tacaíocht atá ar fáil d'Fhoras naGaeilge, an tacaíocht sin a thabhairt dóibh. Ach má daoine ag brath ar Fhoras na Gaeilge na spriocanna seo a chur i bhfeidhm amach as an buiséad atá aige faoi láthair, measaim go dtiocfadh le sin fiú níos mó brú a chur ar na pobail sna Sé Contae, de bhrí an buiséad atá ag an bhForas leagtha amach agus aontaithe agus de bhrí nach bhuil cuma air, de réir an Bhille seo, go mbeidh aon bhuiséad breise ar fáil. Cruthóidh sin deacrachtaí níos sa Stát seo, ach sna Sé Contae chomh maith. Caithfimid é sin a ghlacadh ar bord.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.