Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Sílim go bhfuil dhá rud i gceist anseo agus is é an chéad ceann ná An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Baineann an straitéis leis an Stát seo ina bhfuil muid inár gcónaí, cé má thugann duine an Phoblacht uirthi nó ainm eile. Ní théann an straitéis isteach i ndlínse eile - sin Tuaisceart na hÉireann. Mar sin, chomh fada agus a bhaineann sé leis an bhforas, is é an dualgas a bheidh air ná an straitéis 20 bliain a threorú sna ceantair taobh amuigh de na ceantair Gaeltachta sa Stát seo. Maidir le Tuaisceart Éireann - tá aithne phearsanta agam ar an Aire Ní Chuilinn agus bíonn cruinnithe againn go rialta ar bhonn oifigiúil - tuigeann an tAire ansin céard atá á dhéanamh againn agus go mbaineann sé seo leis an dlínse ó Dheas. Maidir leis an Tuaisceart, tá a bpolasaithe féin acu. Tá Foras na Gaeilge ansiúd sa Tuaisceart ag tabhairt tacaíochta don pholasaí atá acu. Bhí mé i mBéal Feirste roinnt mhí ó shin nuair a d'fhógair an tAire scéim úr, scéím a chuaigh i bhfeidhm orm féin, Líofa. An cuspóir atá leis an scéim sin ná 1,000 duine a fháil i dTuaisceart Éireann a mbeidh sásta an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt. Bhí mé ag caint leis an Aire coicís ó shin agus chuir mé ceist uirthi cé mar atá an scéim Líofa ag dul ar aghaidh agus dúirt sí liom go bhfuil breis agus 2,000 duine tar éis síneadh, cuid acu fiú sna póilíní sa Tuaisceart. Tuigeann muid cad atá ag dul ar aghaidh thuas ansin agus tuigeann an tAire agus an Foras caidé atá le déanamh anseo. Mar sin, chomh fada agus a bhaineann sé leis an straitéis 20 bliain, is orainn atá an fhreagracht. Sin an fáth nach féidir liom glacadh leis an moladh seo.

Dála an scéil, maidir lena ndúirt an Seanadóir maidir le aontú na tíre, ní shílim go bhfuil mórán daoine anseo nach n-aontódh leis. Bh'fhéidir nach ndéarfadh muid gur Poblachtánaigh muid, ach ní hionann sin agus a rá nach n-aontaíonn muid le aontú na tíre. Ach seo an rud atá indéanta agus atá praiticiúil ag an bpointe seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.