Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

11:00 am

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I move amendment No. 2:

In page 6, line 22, after "Gaeltacht" to insert "in this State".

Ceist í seo a théann go dtí croi an scéil ó thaobh na ceiste náisiúnta de. Táimid ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas go bhfuil an dá dlínse i gceist agus go bhfuil Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh agus go bhfuil Aire anseo chomh maith. Táimid ag iarraidh go mbeidh an Bille soiléir nuair a luaitear an tAire atá i gceist. Tá sé i gceist againn, i líne 22 "in this State" a chur isteach i ndiaidh "Gaeltacht". Tá an tír seo fós roinnte. Tá muidne i Sinn Féin ag iarraidh go mbeadh Poblacht 32 contae againn, ach, faraoir, níl sin againn. Nílimid sásta leis an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an Rialtas maidir leis na cruinnithe parlaiminteacha leis an Bhreatain Mhór le go mbrúifí an cheist i dtaobh aontú na tíre chun cinn. Chuir an ráiteas a rinneadh aréir sa Teach seo agus sna meáin ag Cathaoirleach Pháirtí an Lucht Oibre, maidir leis an seasamh agus an gceist faoin 32 contae agus Poblacht uile-Éireann a bheith againn, an-díomá orm.

Mar sin, táimid ag iarraidh a shoiléiriú go gciallaíonn "an tAire" sa gcás seo, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa Stát seo, sna 26 contae, mar tá Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta againn ó Thuaidh. Mar a tharlaíonn sé, is Aire de chuid Shinn Féin atá sa gcathaoir sin i láthair na huaire. Tá seo tábhachtach sa gcomhthéacs go gcaithfimid a bheith soiléir cén Aire atá i gceist againn insan Acht, mar go bhfuil foras teanga i bhfeidhm agus go mbíonn dhá Aire i gceist sa gcás sin agus mar go bhfuil an rialú agus an stiúradh atá á thabhairt do Fhoras na Gaeilge agus don Fhoras Teanga idir dhá Aire, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Caral Ní Chuilin agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sa taobh seo. Sin an fáth go bhfuil muid ag iarraidh go ndéanfar an leasú beag seo. Molaimid don Aire é a ghlacadh le haghaidh soiléireacht a thabhairt. De bharr go bhfuil caint níos deireannaí sa Bhille ar an Aire Ní Chuilin, ba chóir go dtógfaí sin san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.