Seanad debates
Thursday, 28 June 2012
Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage
11:00 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as an soiléiriú sin. Ach an oiread leis an Aire Stáit, sílim go raibh sé tábhachtach gur cuireadh an am breise ar fáil le haghaidh Céim an Choiste. Seo an Bille is tábhachtaí do mhuintir na Gaeltachta a bhí ann le 56 bliain agus sin an fáth go bhfuil an oiread sin leasuithe istigh. Glacaim leis an méid atá ráite ag an Aire Stáit. Tuigim go bhfuil géarghá go mbrúifidh an rud seo ar aghaidh. Glacfaidh mé le focal an Aire Stáit agus táim sásta go leor lena fhreagra. Is féidir linn bogadh ar aghaidh mar sin agus ní bhrúifidh muid an leasú áirithe seo.
No comments