Seanad debates

Thursday, 28 June 2012

Gaeltacht Bill 2012: Committee Stage

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Tá job mór á dheanamh againn anseo. Beidh 19 ceantair phleanála Gaeltachta againn ar fud na tíre, gan trácht ar na líonraí taobh amuigh den Ghaeltacht. Táimid ag fanacht leis an Bhille seo le fada agus ag ullmhú don Bhille le blianta. Bhí brú mór ag teacht orainn ó na meáin agus ó Teachtaí agus Seanadóirí faoi chén uair a bheadh an Bille ag dul tríd an Teach. Tá áthas orm go bfuair na Seanadóirí deis cúpla lá a fháil chun a gcuid moltaí agus leasuithe a chur isteach. Cuirim fáilte roimh sin. Cuirim fáilte freisin roimh an suim atá léirithe ag an Teach seo sa Bhille, go bhfuil breis agus 100 leasú istigh. Tabharfaidh sin deis dúinn é seo a phlé go maith agus go mion.

Maidir liomsa, níl aon fhonn orm mar Aire Stáit aon mhoill ró-mhór a chur ar seo. Dúradh sa straitéis agus sa tsuirbhé teangeolaíochta go bhfuil géarghá leis an mBille a thabhairt isteach. Ach mar sin féin, aithním go bhfuil obair mhór ann. Ba mhaith liom go rachadh sé tríd an Teach an-luath, ach níl mé ag iarraidh mé féin nó an Roinn a cheangailt síos. Nuair a bheidh an Bille tríd an Teach, beidh rialacháin á thabhairt isteach. Tá sin luaite i dtús an Bhille. Beidh mé ag tabhairt isteach na rialacháin cuí chun na rudaí seo a chur i bhfeidhm agus glacfaidh sé sin tamall. Níl aon mhoilleadóireacht i gceist agam. B'fhéidir go mbeidh sé déanta taobh istigh de dhá bhliain nó taobh istigh de bhliain. Níl mé ábalta sin a insint do na Seanadóirí ag an am seo, ach is féidir liom m'fhocal a thabhairt nach gcuirfidh muid aon mhoill air. Níl mé ag iarraidh mé féin ná an Roinn a cheangailt taobh istigh de teorann ama, ach nílim ag úsáid sin mar bhealach éalaithe chun fáil amach ó teorann ama. Caithfimid a bheith praiticiúil agus réadúil. Déanfaidh muid é chomh luath agus is féidir. Mar sin, ní féidir liom glacadh le teorann ama de chineál ar bith, ach déarfaidh mé arís nach bhfuil aon mhoilleadóireacht i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.