Seanad debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Deirtear go bhfuil thart ar 70 milliún Gaeil scaipthe ar fud na cruinne. Is ionann é sin agus a rá nach bhfuil náisiún na hÉireann ar an oileán seo amháin, tá sé in aon áit a mbailíonn na Gaeil le chéile ann. Tá ard-mheas tar éis teacht ar an tír seo toisc na Gaeil seo a bheith ag feidhmiú thar lear. Níl aon amhras ná go bhfuil siad tar éis cabhrú linn ó thaobh turasóireachta de agus i ngach slí eile. Táim cinnte nach mbeadh an tsuim chéanna ag Uachtarán na Stáit Aontaithe sa Tuaisceart ach amháin an gradam a bhí bainte amach ag na Gaeil sna Stáit Aontaithe. Tuigimid go maith nach mbeadh próiseas síochána ann ach amháin an tsuim a bhí ag Uachtarán na Stáit Aontaithe sna deacrachtaí a bhí ann ag an am.

Guím gach rath ar an hAirí agus ar an Taoiseach a bheidh ag taisteal thar lear chun bualadh lenár ndaoine féin chun meas a thaispeáint agus aitheantas a thabhairt dóibh agus buíochas a ghabháil leo agus ár dtacaíocht a thaispeáint dóibh freisin. Tá súil agam, aon áit a dtéann siad ann, go mbeidh siad ag míniú do na Gaeil nach bhfuil dearmad déanta orthu. Tá an-chuid daoine óga tar éis dul ar imirce as an tír seo le déanaí. Ba chóir taispeáint dóibh go bhfuilimid ag smaoineamh orthu agus go bhfuilimid fós ag cabhrú lena chéile.

Éinne atá i gcoinne an Taoisigh agus na n-Airí a bheith ag taisteal thar lear chun aitheantas agus buíochas a thaispeáint do na Gaeil, ní thuigeann sé an tábhacht a bhaineann leis seo. Éinne a bhí ag taisteal thar lear agus a bhuail leis na Gaeil agus a fuair comhairle uathu, tuigeann sé go bhfuil siad ag súil go mór leis an gcuairt sin gach bliain. Tá súil agam nach mbeidh díspeagadh nó masla tugtha don obair sin agus tá áthas orm anois go bhfuil sé le tuiscint go mbeidh an Stát seo ag dul amach chun bualadh leis na "comh-Ghaeil" atá scaipthe ar fud na cruinniú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.