Seanad debates

Wednesday, 7 March 2012

11:00 am

Photo of Caít KeaneCaít Keane (Fine Gael)

Is mian le heagrais ar nós Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Seachtain na Gaeilge gníomhú mar ionstraim aontaithe darbh ainm Aontas Phobal na Gaeilge, a new branch of all of those organisations atá ag teacht le chéile le forbairt agus plean níos straitéise don Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann agus idirnáisiúnta. Céim radacach atá ann, all of those organisations coming together go fad-téarmach agus ba mhaith liom sin a fheiceáil in áit an méid a mhol Foras na Gaeilge, samhail iomaíoch a bhunú, a competitive model. Tá na heagrais ag moladh samhla comhpháirtíochta, a partnership model, agus tá siad cinnte go mbeidh na heagraíochta eile Gaeilge in ann struchtúr éagsúil comhpháirtíochta a aontú má thugtar deis dóibh. Tá mé ag iarraidh go dtabharfaidh Ceannaire an Tí seo an deis sin dóibh agus iad a thabhairt le chéile. Iarraim ar an Cheannaire go dtiocfaidh an tAire chuig an Teach le héisteacht leis an mholadh sin agus é a chur chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.