Seanad debates

Thursday, 24 November 2011

Oifig an Choimisinéara Teanga

 

11:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Maidir leis an gcoimisinéir féin, is cinnte go bhfuil meas agam agus againn uilig ar a chuid oibre. Maidir leis an gcoimisinéar féin, is cinnte go raibh meas agamsa, agus againn uilig, ar a chuid oibre. Rinne sé go héifeachtach é. Ach, mar a thuigeann an Seanadóir, tá cúrsaí eacnamaíochta na tíre mar atá agus tá cinneadh déanta an an Rialtas, a chuaigh os comhair an phobail, go bhfuil go leor eagraíochtaí, fo-eagraíochtaí agus boird a gcaithfear a thabhairt le chéile mar go raibh seirbhísí an Stáit ró-scaipthe iontu féin.

Tá an cinneadh déanta ag an Rialtas ach cuirfear i bhfeidhm é ag cur san áireamh an t-athbhreithniú atá a dhéanamh, agus a bhéas á dhéanamh ins na seachtainí agus an cupla mí amach romhainn, maidir leis an Acht teanga. Tá sé ar chlár an Rialtais go ndéanfar an t-athbhreithniú seo. Beidh cead ag na heagraíochtaí uilig, agus an Seanadóir ins an áireamh, a gcuid achoimrithe, a gcuid comhairlithe agus a gcuid barúlacha a chur isteach, agus beidh fáilte mhór rompu.

Tá an cinneadh déanta ag an Rialtas an t-athchóiriú a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí agus is páirt dó é seo. Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla ag gníomhú agus ag féidhmiú anois, mar atá a fhios ag an Seanadóir go maith, ó bhí 2003. Thugamar go léir tacaíocht dó nuair a bhí sé ag dul tríd an Dáil, mar a thugamar tacaíocht don bhfeachtas an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre ag leibhéal na hÉorpa chomh maith. Tá an t-Acht ag gníomhú agus tá rudaí á ndéanamh go maith ach b'fhéidir go bhfuil rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh níos fearr nó níos saoire. Tá an tréimhse comhairleacháin agus athbhreithnithe seo ar siúl i láthair na huaire sa dóigh go dtiocfaimid ar rudaí a d'fhéadfaí a dhéanamh níos fearr. Níl aon rud a déantar ar an tsaol seo nach féidir a dhéanamh níos éifeachtaí. Ba ait an duine thú dá ndéarfá nach bhféadfaí aon rud a dhéanamh níos fearr nó níos cuimsithí.

Níl déanta ach an cinneadh agus tá na sonraí uilig a bhaineann leis an chinneadh sin a chur i bhfeidhm le socrú go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.