Seanad debates
Thursday, 24 November 2011
Oifig an Choimisinéara Teanga
11:00 am
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Tá mé ag iarraidh a bheith soiléir go dtuigeann an Aire Stáit an méid atá i gceist agam. Faoi láthair, tá Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách ón Ombudsman. Tá an choimisinéir ábalta seasamh ar a chosa féin. Má léiríonn an aiseolas a fhaigheann an Rialtas maidir leis an athbhreithniú ar an Acht go gceaptar go bhfuil sé níos fearr go bhfanfadh Oifig an Choimisinéara Teanga neamhspleách, mar atá sé faoi láthair, an bheidh an Rialtas sásta athrú a dhéanamh ar an gcinneadh atá glactha?
No comments