Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)

 

7:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Bhí an treoir a tháinig ón chás a bhí ann idir an Choimisiún agus Éire an-soiléir go raibh an Cúirt ag rá nach raibh Éire ag cloí leis na rialacha faoi ailt 4 agus 8, ach go raibh Contae an Chabháin ag cloí leo. Bhí Contae an Chabháin ag cloí leis na treoirlínte a leagadh síos ag an Environmental Protection Agency, EPA, i 1996. Níl aon soiléiriú faighte ag an Teach nó an Baill an Tí ar cad iad na treoirlínte a bhfuil an t-Aire ag dul a úsaid san mBille úr nuair a thiocfaidh sé i bhfeidhm. Ach an tuigbheáil atá againn ó na daoine proifisiúnta san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí go bhfuil an t-Aire ag dul i dtoil leis na treoirlínte a tháinig ón Choimisiún i 2009 agus a cuireadh i bhfeidhm ag an EPA i 2009 agus 2010. Sin iad na treoirlínte a bhfuil an t-Aire chun glacadh leo. Dá rachadh an t-Aire leis na treoirlínte atá á úsáid i gContae an Chabháin ní bhéadh siad chomh holc le treoirlínte 2009 nó 2010.

An mbéadh Seanadóirí ar thaobh an Rialtais sásta na moltaí go leir atá ins an mBille a fheiceáil? Tá sé molta againn-ne go mbéadh baint sloda aon uair ar fáil do gach teach sa tír, nach mbéadh táille ar aon teach agus nach mbéadh aon táille ar sheirbísiú a dhéanamh agus go mbéadh deontas suas go dtí 85% ar fáil do dhuine a bhfuil dabhach séarachais aige chun é a thabhairt suas go dtí an chaighdéan.

Bhéadh sin go léir molta do gach teach sa tír, ach amháin i gContae an Chabháin. Bhíóomar ag iarraidh soiléiriú a fháil ón Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.