Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)

 

7:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Tá lúcháir orm go bhfuil soiléiriú faighte air sin. Tá an Seanadóir Ó Clochartaigh ag éisteacht leis an soiléiriú sin chomh maith. Tá Gaeilge mhaith aige-sin agus ag go leor Seanadóirí anseo. Tá pleidhcíocht agus cluichí ag dul ar aghaidh anseo. Tá leasú fíor-thábhachtach molta agam féin agus ag mo chomhleacaithe ar an mBille seo i dtaca le Comhairle Contae an Chabháin. Tá comhairleoirí contaethe de chuid Fhine Gael ar Chomhairle Chontae an Chábháin agus iadsan atá i gcumhacht ar an gcomhairle sin agus atá ag láimhseáil thar cionn an Chomhairle Chontae sin faoi láthair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.