Seanad debates
Wednesday, 23 November 2011
Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)
10:00 pm
Jim D'Arcy (Fine Gael)
Tá a fhios agam. Tá an Seanadóir ag moladh nach mbeadh táille ar bith ann anois, nach bhfuil sé? Tá siad ag moladh nach mbeadh táille ar bith ann nuair a bhí siad ag moladh táille €200. Sin an rud atá mise ag rá. Tá an táille seo iontach íseal ar fad - €50 ar shláinte na bpáistí, na ndaoine agus na timpeallachta. Chosnódh sé i bhfad níos mó don teaghlach dá mbeadh orthu dul chuig an dochtúir dá mbeadh breoite ar na páistí toisc nach raibh na septic tanks seo folláin. Ní aontaím ar chor ar bith leis an leasú seo. Ní raibh daoine ag maslú na teanga ar chor ar bith, níor mhaith go ndéarfadh duine ar bith é sin, ach bhí siad ag rá go raibh siad ag cloisteáil an rud céanna, cosúil leis an lon dubh agus an port céanna á chanadh an t-am uilig anseo. Sin an rud a bhí siad ag maíomh agus ní aontaíom leo ar chor ar bith.
No comments