Seanad debates
Wednesday, 23 November 2011
Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)
10:00 pm
Trevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)
Sin an pointe a bhí á dhéanamh agam a Sheanadóir nuair a bhí mé ag caint faoi na moltaí atá déanta ag Sinn Féin maidir leis an réamhbhuiséad. Bhí muid ag iarraidh díospóireachta faoi sin. Baineann an díospóireacht le cé as a bhfuil muid ag fáil an airgid agus cá bhfuil muid ag cur béime. An bhfuil muid ag cur béime ar tuilleadh chostais a chur ar ghnáth dhaoine nó an bhfuil muid ag rá, ó thaobh fealsúnachta de, gur ceart gurb iad na daoine a bhfuil neart airgid acu sa tír seo a bheadh ag iompar an ualaigh seo. Sin an bunphointe atá againn agus seasann muid le sin. Ar an mbunús sin, táimid ag moladh an leasaithe seo.
No comments