Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)

 

10:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Absolutely. Baineann sé leis an táille. Baineann an táille seo le airgead a bhailiú don Stát. Táthar ag caint ar €50 breise a chur ar ghnáth muintir na tíre atá ag cónaí i Luimneach, i gConamara agus ar fud na tíre. Bhí cruinnithe poiblí ar siúl agus an pointe mór a bhí ag daoine ag na cruinnithe sin ná nach mbeadh siad ábalta é seo a íoc. Níl siad in ann chuige agus nílim ag magadh faoi sin. Dúirt siad go bhfuil an oiread buailte sa mullach orthu, go bfhuil postanna caillte ag daoine agus go bhfuil costais breise oideachais orthu, go háirithe ar dhaoine atá ag iarraidh páistí a chur chuig an ollscoil. Tá siad ag rá linn nach bhfuil seo ceart ná cóir.

Tá mise ag rá gur é tuairim Shinn Féin ná gur córas breise é seo le airgead a bhailiú don Stát. Bheadh muide i bhfábhar córas chlárúcháin muna mbeadh táille i gceist, ach níl muid i bhfábhar an táille. Is ar an mbunús sin atá muid ag cur i gcoinne an Bille. Sa leasú seo, táimid ag iarraidh ar an Aire fáil réidh leis an táille, agus dar linne gur ceart glacadh leis. D'iarr mé níos túisce, ach ní bhfuair mé freagra, cén costas a bheadh leis an córas seo. An bhfuil meastachán déanta ar sin? Ní bhfuair muid freagra ar sin, mar baineann an méid atáthar ag baint amach leis an táille. Má tá sé ag dul ag cosnú €5 milliún in aghaidh na bliana leis an córas seo a riaradh, tá bealaí eile ann do Rialtas ar bith a bheadh i gceannas sa tír seo le €5 milliún a fháil, seachas costas breise a chur ar ghnáth dhaoine ar fud na tíre. Sin an bunphointe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.