Seanad debates

Wednesday, 23 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Committee Stage (Resumed)

 

10:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

I will speak in Irish, so Members may wish to put on their earphones.

Is dóigh go dtagann ceist an táille go bun an scéil maidir leis an cur i gcoinne atá ag Sinn Féin i dtaobh an Bille seo. Táimid glan i gcoinne an táille seo a bheith curtha ar ghnáth muintir na tíre ar an mbunús gur dóigh linn nach bhfuil siad in ann é a iompar faoi láthair. Ceapaim go gceapann an tAire nach mórán é €50, ach don dream atá muid ag labhairt leo amuigh ansin is fadhb an-mhór é go mbeadh €50 sa bhreis le n-íoc acu. Feiceann siad é mar cháin breise agus tá sé seo ag teacht sa mullach ar na costais breise atá buailte orthu, mar shampla an universal social charge, an táille breise atá le chur ar teach cónaithe, an costas breise a bheidh ar málaí bruscair agus mar sin de, costais atá ag ardú. Is ceist eacnamúil í seo agus is bunphointe fealsúnachta é idir muide agus an Rialtas.

Tá muide tar éis moltaí a chur chun cinn maidir leis an gcáinaisnéis a thaispeánann go bhfuil muide i Sinn Féin ar son an cháin a ghearradh ar na daoine atá ábhalta é a iompar, sin iad na daoine a bhfuil maoin thar na beart acu, atá os cionn €1 milliún acu. Táimid ag iarraidh go gcuirfí cáin maoine ar na daoine sin, go ndeanfaí gearradh siar ar na tuarastail sa seirbhís poiblí agus go mbeadh uasmhéid de €100,000 orthu sin. Tá go leor moltaí eile againn agus tá siad sa mholadh a chur muid chun cinn ó thaobh -----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.