Seanad debates

Wednesday, 16 November 2011

Water Services (Amendment) Bill 2011: Second Stage (Resumed)

 

2:00 pm

Photo of Trevor Ó ClochartaighTrevor Ó Clochartaigh (Sinn Fein)

Ba mhaith liom seasamh pháirtí Shinn Féin ar an Bhille seo a shoiléiriú. Táimid i gcoinne an Bhille ar chuid mhaith bhunúis agus tiocfaidh mé isteach orthu. Tá go leor ráite ag na Seanadóirí eile a labhair romham agus cé go n-aontaímid go bhfuil géarghá le déanamh cinnte de go bhfuil an caighdeán uisce atá le fáil sa tír seo glan, sílimid go bhfuil go leor imeartais agus cluichíochta ar bun ag an Roinn sa Bhille seo, mar a luaigh an Seanadóir a chuaigh romham ansin. Cé go bhfuil sé le feiceáil i gcorr-áit go bhfuil rian beag de thruailliú á dhéanamh ag na dabhcha séarachais seo, ní hiad na dabhcha séarachais is mó is cúis leis na deacrachtaí uisce atá againn. Is iad na comhairlí contae agus na comhairlí áitiúla is measa ag feidhmiú sa tír ó thaobh cúrsaí séarachais de.

Ní gá ach breathnú ar an sampla i mo cheantar féin, an Cheathrú Rua i gConamara. Tá píopaí leagtha le haghaidh scéime séarachais ar an Cheathrú Rua nach bhfuil ag clúdach ach cuid den bhaile. Tá an fuíollábhar ó na leithris ag dul isteach sna píopaí sin agus tá na píopaí ag dul amach díreach san fharraige agus an truailliú glan ag dul amach inti. Táimid blianta fada ag lorg córas séarachais mar is ceart ar an Cheathrú Rua ach ní bhfuairimid é.

Ní eisceacht í an Cheathrú Rua. Tá cuid mhaith pobal ann ar fud na tíre atá sa chás chéanna, daoine amuigh faoin tuath. Tá sé go breá bheith ag éisteacht le Fianna Fáil ag cur i gcoinne an Bhille ach tá cuid mhaith den milleáin ar na Rialtais a chuaigh romhainn mar nach ndearnadh an infheistíocht sna ceantair faoin tuath go gcuireadh scéimeanna séarachais ar fáil ar fud na tuaithe a bheadh in ann déileáil leis na fadhbanna seo. D'admhaigh Seanadóirí a labhair romham go raibh gá na billiúin a infheistiú sa réimse seo ach ní dhearnadh é.

Níl sin maith go leor. Tá na daoine atá ina gcónaí amuigh faoin tuath ag íoc a gcuid cánacha chomh maith le duine ar bith eile. Níl mé cinnte an aontaím leis an phointe seo gur rud tuaithe-cathrach atá i gceist. Is féidir baile beag ar bith a phiocadh ina bhfuil córas séarachais ann cheana féin agus tá na bailte sin scoilte.

Arís, ag dul ar ais chuig baile na Ceathrún Rua, tá leath de mhuintir na Ceathrún Rua ar an gcóras nua séarachais ach níl an leath eile. Cén fáth go mbeadh ar mhuintir na Gleanna Móra atá sa Cheathrú Rua an táille a íoc ar an dabhcha séarachais nuair atá duine éicint atá ina chónaí sa tsráidbhaile nach gcaithfidh an táille céanna a íoc? Tá sé iomlán éagórach, sa bhreis ar an méid atáimid ag íoc cheana féin ó thaobh cánacha, mar a luaigh mo chomhghleacaí an Seanadóir Cullinane romham. Tá daoine ag íoc cánach sa tír seo go gcuirfidh seiribhísí poiblí ar fáil ach nílimid á bhfáil. Sa bhreis air sin, tá an Rialtas ag bualadh an universal social charge i mullach orainn agus tá sé ag dul a chur costais bhreise orainn ó thaobh na dtithe ina bhfuilimid inár gcónaí. Tá táillí breise ar na málaí plaisteacha agus eile agus eile. An duine atá thíos leo siúd i gcónaí ná an duine nach bhfuil a dóthain ioncaim aige le coinneáil ag imeacht mar atáimid faoi láthair.

Ar an taobh eile, d'áirigh mé Seanadóirí ag rá linn nach bhfuil an t-airgead againn le híoc as an chóras nua. Nílimid ag caint ach ar chúpla milliúin leis an water authority seo a chur ar bun. Má mhéadaíonn an Rialtas €50 fá 400,000 dabhcha séarachais, gheobhaidh sé thart ar €2 milliúin. Tá timpeall ar an méid sin i gceist ag an Aire ó thaobh costas riarthach an údaráis uisce nua seo. Chuir an Rialtas seo síniú le seic ar €750 milliún cúpla seachtain ó shin do shealbhóirí bannaí neamhráthaithe, unguaranteed bondholders, in Anglo Irish Bank. Ansin, tá sé de mhuineál aige casadh timpeall ag muintir na hÉireann agus a rá nach bhfuil aon airgead againn. Níl sin maith go leor agus ní ghlacfaimid leis sin. Tá an Rialtas chun an rud céanna a dhéanamh ó thaobh na nótaí gealltanais, na promissory notes, in Anglo Irish Bank; tá sé ag magadh faoi mhuintir na hÉireann agus ní ghlacfaimid leis.

Caithfidh an Rialtas rud éicint eile a dhéanamh maidir le hinfheistiú sna córais séarachais phoiblí. Ós rud é go bhfhuil mé ar an Dara Céim den iniúchadh seo, ba mhaith liom ceist a chur: cén comparáid atá déanta ag an Roinn leis an bhealach atá an rialachán seo á chur i bhfeidhm i dtíortha eile? Tá samplaí luaite de na Sé Chontae, áit ina bhfuil Sinn Féin, mo pháirtí féin, ag plé leis an Rialtas agus tá córas á chur i bhfeidhm ansin nach bhfuil ag cosaint airgid bhreise ar an cháiníocóir, áit ina bhfuil siad ag fáil desludging uair sa bhliain. Cén fáth nach féidir córas den chineál sin a chur i bhfeidhm anseo? Cén slí ina bhfuil an córas seo á chur i bhfeidhm ar Mhór-roinn na hEorpa. An bhfuil siad ag íoc na dtáillí céanna ansin?

Tá pointe tábhachtach luaite ag an Seanadóir Byrne: cearta an duine príobháidigh in aghaidh chearta an Stáit. In alt amháin sa Bhille, deirtear go bhfuil sé de cheart agam rochtain ar mo chuid talún a dhiúltú do dhuine ach, ar an taobh eile, mura ligim isteach é, táim ag briseadh an dlí. Tá an Rialtas chun coirpigh a dhéanamh de mhuintir na tuaithe má sheasaimid suas dár gcuid cearta. Ba mhaith liom fáil amach dearcadh an Ard Aighne ar an gceist sin.

Tá soiléiriú ag teastáil maidir leis an cheist cén caoi is féidir an táille seo a ardú. Tosnaíonn sé ag €50 ach cén caoi is féidir é a ardú?

Tá go leor ama breise ag teastáil uaim mar táim ag iarraidh pointí a dhéanamh. Ní leor cúig nóiméad leis an méid atá sa Bhille seo a phlé agus is trua go bhfuilimid teoranta don méid seo ama. Ní ghlacaim leis go bhfuilimid ag cur deiridh leis seo. Tá gá le tacaíocht a thabhairt do dhaoine má tá retrofitting le déanamh do septic tanks. Níl sé d'acmhainn ag daoine atá amuigh ansin faoi láthair. Níl a fhios agam cén pláinéad ar a bhfuil an Rialtas ina chónaí ach an dream lena mbuailim, níl an t-airgead acusan le dul ag íoc as septic tanks nó as córas nua. Níl sé sách maith ar chor ar bith go mbeadh an Rialtas ag iarraidh an rud seo a bhrú chun cinn in aghaidh thoil na ndaoine.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.