Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an 11 Seanadóir a ghlac páirt sa díospóireacht seo. Cuireann sé áthas orm go bhfuil an oiread sin suim ag na Seanadóirí san ábhar seo. De ghnáth, bíonn Seanadóirí ag tabhairt aghaidh ar a gcuid bailte, pé áit in Éirinn ina bhfuil siad, tráthnóna Déardaoin. Níor tharla sé sin inniu, áfach. Léiríonn sé sin an suim atá ag an Seanad san ábhar atá á phlé againn. D'éist mé le Seanadóirí ó gach taobh den Teach - ón Seanadóir Ó Murchú go dtí an Seanadóir Ó Maoláin - ag labhairt faoi cheist na Gaeilge agus, go mórmhór, faoi chur chun cinn na straitéise. Tháinig bá na Seanadóirí don teanga tríd. Léiríodar dea-thoil agus dea-mhéin i leith na Gaeilge. Thaispeáin siad go bhfuil siad deimhneach, seachas diúltach, maidir leis an ábhar seo. Cuireann sé sin áthas orm. Nuair a thoghadh mé mar Baill an Oireachtais don chéad uair, blianta fada ó shin, bhí me i gcónaí den bharúil go raibh an teanga luachmhar. Sílim fós gur chuid d'ár gcultúr agus dúinn féin í an Ghaeilge. Da mhór an trua é dá mbeimid deighilte ró-mhinic maidir le cur chun cinn na teanga. Tá lúcháir orm go bhfuil aontacht anseo maidir leis an straitéis agus conas í a chur i láthair.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh, a thagann ón nGaeltacht, go bhfeiceann sé an meath atá ag teacht ar an nGaeilge ina cheantar Ghaeltachta fhéin. Tá mé i mo chónaí sa Ghaeltacht chomh maith - ó thuaidh - agus feicim an meath céanna. Is dócha gurb é sin ceann de na fáthanna go bhfuil straitéis 20 bliain againn. Chuir an t-eolas a tháinig as an tsuirbhé teangeolaíochta alltacht orainn go léir. De réir an tsuirbhé, muna ndéantar rud éigin cinnte agus deimhneach gan mhoill, b'fhéidir nach mbeidh cainteoir dúchais ar bith sa tír fá chionn 20 bliain. Buille marfach a bheadh ann. Ní hionann sin agus a rá nach marfadh an Ghaeilge. Mairfeadh an Ghaeilge os rud é go bhfuil gaelscoileanna, srl., ar fud na tíre. Má bhristear an nasc atá sa Ghaeltacht - an slabhra a théann siar chomh fada a théann an teanga fhéin - céim ar gcúl mhór a bheadh ann. Tá sé iontach tábhachtach go mbeidh cainteorí dúchais againn. Bhí Laidin againn uilig a chuaigh ar scoil le linn m'óige. Bhí uncail an Chathaoirleach Ghníomhacha, Seanadóir Wilson, ina mhúinteoir iontach Laidine agus Ghréigise. D'fhoglaim muid uilig an Laidin don ardteistiméireacht agus, b'fhéidir san ollscoil. Ní fhéadfadh a rá gur teanga bheo a bhí ann. Má bhristear an nasc sa Ghaeltacht agus má chailltear an teanga i measc na cainteoirí dúchais, d'fhéadfadh an Ghaeilge a bheith ar nós na Laidine. Tá mé dóchasach nach dtarlóidh sé sin. Tá an dea-mhéin ann agus tá an straitéis sin chun tabhairt faoin cheist sin.

Ní rachaidh mé fríd na rudaí a dúirt gach cainteoir ach ba mhaith liom díriú isteach ar téamaí. Bhí an straitéis aontaithe ach nuair a rinne an Rialtas cinneadh agus nuair a scrúdaíodh an straitéis seo, chuir muid roinnt athruithe uirthi mar tá sé inghlactha go mbeadh an Rialtas ábalta amharc thart agus déanamh amach caidé an dóigh le dul ar aghaidh agus cad iad na rudaí atá indéanta. Moladh sa straitéis go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta, ní amháin sa Ghaeltacht féin ach ar fud na tíre. I ndiaidh dó an cheist a phle, d'aontaigh an Rialtas nach rachaimis ar aghaidh ar an dóigh sin, go bhfágaimis Údarás na Gaeltachta ag plé leis an straitéis sa Ghaeltacht chomh maith leis na freagrachtaí fiontraíochta agus fostaíochta, cultúir agus teanga atá air agus go mbeadh ról lárnach ag an Roinn féin ag cur na straitéise chun cinn, leis an údarás á dhéanamh sa Ghaeltacht, go mbeimis in ann díriú isteach ar Fhoras na Gaeilge agus Ranna eile.

Tá Foras na Gaeilge ó Thuaidh agus o Theas agus luadh go bhfuil Aire úr ansin, an tAire Carál Ní Chuilín, agus tá súil agam go mbeidh deis agam bualadh leis an Aire úr gan mhoill. Beidh sí i mBaile Átha Cliath amárach agus beidh cruinniú ag an Chomhaireacht Thuaidh-Theas taobh istigh de cúpla seachtain agus tá mé cinnte agus dóchasach go mbeidh a tacaíocht le fáil mar tá an aidhm chéanna aicise agus atá againne - an teanga a choinneáil beo, an Ghaeltacht a choinneáil beo agus brú ar aghaidh leis seo.

Is fada atá an Seanadóir Ó Murchú ag plé le cúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus cultúir. Bhí sé ina chathaoirleach ar an fhochoiste a ghlac le haighneachtaí sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Bhí mé iontach sásta leis an méid a bhí le rá aige agus an tacaíocht a gheall sé do chur i bhfeidhm na straitéise seo. Tá mé cinnte go mbeidh sé ansin chun faire ar rudaí agus súil a choinneáil orthu. Beidh sé in ann sin a dhéanamh go maith, mar a rinne sé nuair a bhí sé ina chathaoirleach agus cibé ról a bheidh ag an Seanadóir tá mé cinnte go ndéanfaidh sé go héifeachtach é. Thrácht sé chomh maith ar TG4, ar Raidió na Gaeltachta agus an stádas a thug siad don teanga agus an dea-mhéin atá ann don teanga.

Chuir sé in iúl go bhfuil straitéis trí bliana á hullmhú. Níl a fhios agam cé bheidh anseo i gceann 20 bliain ach ar a laghad tá an staitéis céimnithe agus beimid in ann an dul chun cinn a mheas ó bhliain go bliain agus ó thrí bliana go dtí trí bliana.

Tá na heagrais Ghaeilge ann chomh maith. Rinneadh tagairt don údarás, don Roinn agus d'Fhoras na Gaeilge ach tá eagrais dheonacha Ghaeilge amuigh sin leis na blianta, ar nos Chonradh na Gaeilge, atá ann le breis agus 100 bliain. Tá thart fá 20 acu ann agus beidh tionchar acusan ar chur i bhfeidhm na straitéise chomh maith. Ceann de na Ranna is mó a bheidh tionchar aici ná an Rionn Oideachais agus Scileanna. Rinne gach Teachta agus Seanadóir tagairt don Ghaeilge sa chóras oideachais agus caithfimid díriú isteach air sin. Tá lúcháir orm a rá go bhfuil an tAire Oideachais agus Scileanna mar bhall den fhochoiste Rialtais agus go bhfuil coiste oibre ó mo Roinn féin agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna ag teacht le chéile go rialta fá choinne díriú isteach ar caidé mar is féidir leis an Roinn Oideachais a gcuid a dhéanamh i gceann na straitéise.

Is as Contae Lú an Seanadóir D'Arcy ach tá blás Thír Chonaill ar a chuid Gaeilge go fóill agus níor chaill sé an méid a d'fhoghlaim sé i Rann na Feirste nuair a bhí sé ansin na blianta ó shin. D'aontaigh mé leis an méid a dúirt se, go bhfuil deacrachtaí móra sna gnáthscoileanna. Molaimid uilig na Gaelscoileanna agus an obair atá á déanamh agus an dóchas atá siad ag cothú. Mar sin féin, má amharcaimid ar cad atá ag dul ar aghaidh sna gnáthbhunscoileanna, agus an dearcadh atá ansin, is fadhb mór é sin. Caithfear díriú isteach air sin agus tá a lán dóigheanna ann chun sin a dhéanamh. Dúirt Seanadóirí áirithe gur ceart do na múinteoirí níos mó ama a chaitheamh sa Ghaeltacht. Sin rud a ndéanfaimid scrúdú air agus sin mar ábhar amháin a bheidh á phlé ag an choiste oibre idir na Ranna.

Is as mo cheantar féin an Seanadóir Ó Domhnaill agus d'éist mé go cúramach leis an méid a bhí le rá aige cionn is go bhfuil sé ina bhall d'Údarás na Gaeltachta le deich mbliana. Tuigeann sé caidé mar a ghníomhaíonn an t-údarás agus chuir mé suim sa méid a dúirt sé go n-aontaíonn sé go mbeadh freagracht na teanga agus na straitéise ar an údarás taobh istigh den Ghaeltacht agus go mbeadh sé ar an Roinn, ar Fhoras na Gaeilge agus ar Ranna eile taobh amuigh den Ghaeltacht.

Thagair an Seanadóir don rud is tábhachtaí ar fad: foinsí airgid. Tá géarchéim airgid ann agus tá sé tábhachtach go mbeadh acmhainní le fáil ach tá sé ráite go gcuirfimid an straitéis i bhfeidhm chomh fada agus a bheidh ar a gcumas leis na hacmhainní a chuirfear ar fáil dúinn. Beidh díospóireachtaí tábhachtacha idir seo agus an fómhar seo chugainn nuair a bheimid ag dul frí gach Roinn agus sinn ag iarraidh an oiread airgid atá againn a choinneáil agus daoine eile ag iarraidh a bhaint uainn. Tá tréimhse thábhachtach os ár gcomhair. Tá géarchéim eacnamaíoch sa tír ach beidh mé agus tAire ag déanamh ár ndíchill oiread acmhainní agus is féidir linn a fháil fá choinne an straitéis a chur i bhfeidhm.

Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an Seanadóir Van Turnhout agus thagair sí don dátheangathas agus an t-eolas a bhí aici ar chúrsaí sa Bhruiséil agus an bhéim ba chóir a bheith ar an teanga labhartha. Aontaím leis sin, ar ndóigh. D'éist mé leis an Seanadóir Kelly chomh maith agus an pointe gur chóir go mbeadh pointí sa bhreis le tabhairt san ardteistiméireacht do dhaoine atá ag dul ar aghaidh chun an litríocht a dhéanamh.

Fear Gaeltachta é an Seanadóir Ó Clochartaigh, cosúil liom féin, agus thóg sé buncheisteanna. Bhí comharthaí ceiste ann faoi ról an údaráis san am amach romhainn chomh fada agus a bhaineann sé le fiontraíocht. Tig liom liom a rá go cinnte go mairfidh an ról fiontraíochta sin ag an údarás mar tuigim an obair atá déanta sa Ghaeltachta le 30 bliain anuas agus na poist atá cruthaithe - 7,000 i láthair na huaire. Dúirt mé go minic nach mbeadh na poist sin sa Ghaeltacht dá mbeimis ag brath ar aisínteachaí eile taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá sé déanta ag an údarás mar a bhí sé déanta ag Gaeltarra Éireann roimhe sin. Sin an fáth a rinne muid cás an-láidir leis sin a fhágáil.

Anois i láthair na huaire tá ceangal neamhfhoirmeálta idir an t-údarás, Fiontraíocht Éireann agus an IDA. Tá sin ag dul ar aghaidh, mar is cóir, mar tá saineolas acu ar chúrsaí fostaíochta agus saineolas ag an údarás ar caidé ag dul ar aghaidh taobh istigh den Ghaeltacht agus is cóir go mbeidh an ceangal sin eatarthu agus beidh sé ar bhonn foirmeálta. Níl aon rud cinnte go fóill, tá cinn an Bhille le cumadh agus beidh cainteanna idir seo agus an fómhar, nuair a bheidh an Bille réidh le foilsiú. Tabharfaimid aire don méid a dúradh anseo inniu ach tá mise lánchinnte agus dáiríre go mbeidh daoine ag déanamh a bheag de ról an údaráis chomh fada agus a bhaineann sé le fostaíocht ach go mbeidh comhoibriú ann agus go mbeidh siad ag cuidiú lena chéile in áit tarraingt in éadan a chéile. Mar atá ráite, muna bhfuil fostaíocht sa Ghaeltacht, ní bheidh daoine sa Ghaeltacht agus muna bhfuil daoine sa Ghaeltacht, ní bheidh an teanga ann.

Maidir le teorainneacha na Gaeltachtaí, mhol an suirbhé teangeolaíochta go gcaithfimid díriú isteach ar sin. Téann an straitéis agus an cinneadh atá déanta ag an Rialtas leis an mholadh a bhí sa straitéis, go mbeidh deis ag pobal Gaeltachta, b'fhéidir ar bhonn paróiste - tá sin le socrú - teacht aníos sa dhá bhliain amach romhainn le plean forbartha teanga. Beidh cuidiú agus comhairle le fáil acu ó Údarás na Gaeltachta, sa Ghaeltacht, taobh amuigh den Ghaeltacht, ó Fhoras na Gaeilge, ón Roinn agus ó na heagraíochtaí deonacha le go mbeidh deis ag gach pobal Gaeltachta plean forbartha teanga a chur le céile. Déanfar monatóireacht ar na pleananna sin sna cúig bliana nó seacht mbliana amach romhainn. Tá sé molta sa straitéis nach féidir linn a thuilleadh a bheith ag braith ar cheantair tíreolaíochta le déanamh amach cén áit ina bhfuil an Ghaeilge, ach go gcaithfidh sé a bheith bunaithe ar chumas an phobail ansin an Ghaeilge a úsáid nó fonn a bheith orthu, san am atá amach romhainn, í a úsáid. Tá sin leagtha síos go mion sa straitéis agus tá sé de rún ag an Rialtas é a chur i bhfeidhm. Tá gréasáin Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith. Tá a leithéid ann. Tá pobail taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil Gaeilge le cloisint iontu ó lá go lá, maraon le cuid de na pobail atá áirithe mar ceantair Gaeltachta. Cinnte, caithfimid aitheantas a thabhairt dóibh siúd.

Tá impleachtaí ag na pleananna teanga. Má thoilíonn pobal atá sa Ghaeltacht i láthair na huaire nach bhfuil fonn orthu plean teanga a chur ar aghaidh, má shocraíonn siad é sin, beidh impleachtaí ag sin do na ceantair sin chomh fada agus a bhaineann sé le teorainn na Gaeltachta. Má tá dream nó gréasáin taobh amuigh den Ghaeltacht a deireann go bhfuil fonn orthu brú ar aghaidh, caithfear aitheantas speisialta a thabhairt dóibh siúd. Tá sin molta sa straitéis agus tá glactha aige leis an Rialtas.

Maidir le bord an údaráis, tá fiche duine ar an bhord i láthair na huaire. Nuair a bunaíodh an t-údarás, trí chloigeann déag a bhí ar an bhord, seachtar tofa go daonlathach agus seisear ainmnithe ag an Aire a bhí ann ag an am. Caithfidh mé a rá go raibh siad an-éifeachtach ar feadh an chéad cúpla téarma. Deir daoine gur sin ré órga an údaráis, nuair a bhí an bhallraíocht sin air, nuair a cuireadh na tionscail ar bun ar fud na tíre agus an fhostaíocht agus mar sin de. An dearcadh atá againn anois ná go bhfuil bord 20 duine ró leathan. De réir an tsaineolais idirnáisiúnta, bheadh bord níos lú níos éifeachtaí. Sin ceann de na fátha go bhfuil muid ag díriú isteach ar bhord níos lú, idir deichniúr agus 12. Ní bord é seo a bheidh ainmnithe ag an Aire nó ag an Rialtas. Bord é go mbeidh beirt nó triúr ainmnithe ag an Aire nó ag an Rialtas agus beidh an chuid eile ainmnithe ar shlí eile. Táimid ag scrúdú na ceiste seo i láthair na huaire agus ceann de na moltaí atá ann ná go mbeidh deis ag údaráis áitiúla a bhfuil ceantar gaeltachta faoina gceannas duine nó beirt a ainmniú ar bhord an údaráis. Is ionchur daonlathach é sin. B'fhéidir nach bhfuil sé chomh foirfe le toghchán, ach mar sin féin tá daonlathas ag teacht isteach. Tagann sé isteach sna coistí gairmoideachais, sna bord sláinte a bhí againn agus le go leor bord eile. Tá muid ag amharc ar na féidireachtaí uilig ansin. Sin an dearcadh atá againn i láthair na huair, ach leanfaidh muid ar aghaidh ag smaoineamh ar na moltaí a tháinig chugainn agus a cuireadh chun tosaigh anseo inniu. Nílimid chun neamhaird a dhéanamh orthu. Ag an phointe seo, sin an dóigh a bhfuil muid ag amharc air.

Tá ceist airgid ag teacht isteach agus ceist acmhainní. Tá a fhios ag gach duine go bhfuil géarchéim eacnamaíochta sa tír i láthair na huaire nach cuimhin le éinne anseo. Ní raibh a leithéid ann ó bunaíodh an Stát. Tá sé ag cosnú idir €15 billiún agus €20 billiún níos mó sa bhliain dúinn an tír a reachtáil ná mar atá muid ag fáil isteach ó chánacha agus mar sin de. Chosain an toghchán deireannach a bhí againn leath mhilliún nó mar sin. Tá costaisí toghchán ag dul in airde agus b'fhéidir go gcosnóidh an chéad toghchán eile milliún. Tá a fhios agamsa, dá mbeadh milliún agam inniu mar Aire, tá go leor rudaí a d'fhéadfainn a dhéanamh sa Roinn. Tá daoine ag teacht ó ghach taobh ag cuartú airgid. Luaigh an Seanadóir Taidhbhearc na Gaillimhe atá ag cuartú €300,000. Tá sin geallta dóibh agus tá muid ag amharc ar na féidireachtaí. Tá sé iontach deacair fiú €300,000 a aimsiú fá choinne Taidhbhearc na Gaillimhe, dream ag a bhfuil rud iontach déanta acu dár gcultúr. Táim ag cuimhniú ar amharclainn agus ar eagraíochtaí eile ar fud na Gaeltachta atá ag cuartú €€50,000 nó €100,000 ach níl sé againn le tabhairt dóibh.

Tá milliún againn fá choinne toghchán. Mar sin, caithfimid an rud a mheá go cúramach agus go faichilleach agus go fuarchúiseach. Ag an phointe seo, má thig linn airgead mar sin a shábháil, ach a bheith cinnte mar sin féin go mbeidh daonlathas indíreach insan údarás, caithfimid díriú isteach ar sin. Sílim go raibh neamhchinnteacht nó éiginnteacht ag baint leis an údarás go dtí seo. Bhí daoine ag cur ceiste caidé a bhí i ndán dó. Luaigh an Seanadóir ó Clochartaigh nó duine éigin eile sin. I 2008, trí bliana ó shin, ba é an deontas caipitil a bhí ag Údarás na Gaeltachta ná €25.5 milliún. I 2010 laghdaíodh go dtí €16 milliún. I mbliana, 2011, tá an údarás ag iarraidh a bheith ag gníomhú chomh héifeachtach agus is féidir leis ar dheontas caipitil de €6 mhilliún, titim ó €25.5 milliún go €6 mhilliún. Bhí amhras ar mhuintir an údaráis íad féin, bhí amhras ar fheidhmeannaigh agus ar na baill caidé a bhí i ndán don údarás. Ar a laghad, tá cinneadh déanta ag an Rialtas. Beidh údarás na Gaeltachta ann, beidh bord Údarás na Gaeltachta ann agus beidh feidhmeanna fiontraíochta ag Údarás na Gaeltachta laistigh de na laincisí agus na cúinsí atá orainn de bharr an airgid atá ar fáil. Sílim chomh maith mar go bhfuil sin socraithe anois, gur ceart dul ar aghaidh agus cead na Roinne Airgeadais a fháil le príomh fheidhmeannach lánaimseartha a cheapadh d'Údarás na Gaeltachta. Tabharfaidh sin uchtach agus dóchas dóibh.

Rinne go leor daoine pointí eile. Dhírigh an Seanadóir Cáit Keane ar an oideachas agus chomh tábhachtach agus atá teagasc múinteoirí agus chomh tábhachtach agus atá sé iad a thabhairt chun na Gaeltachta. Is pointe maith é agus rinne daoine eile an pointe céanna. Sílim go raibh an Seanadóir ag teagasc scoile agus go dtuigeann sí an tábhacht atá ann le go mbeidh cumas Gaeilge ag na múinteoirí. Muna mbeidh Gaeilge ag na múinteoirí, ní bheidh sí ag na daltaí. Toiligh an Seanadóir Ó Braonáin, nach bhfuil anseo anois, le sin. Caithfidh mé a mholadh. Cosúil le go leor daoine sa tír seo, ní raibh aon seans aige Gaeilge a labhairt ó d'fhág sé an scoil, ach rinne sé sár-iarracht an méid a bhí le rá aige a rá i nGaeilge. Luaigh an Seanadóir Tomás Ó Broin pointí ar nós tábhacht na gaelscoileanna agus na litríochta. Bhí muid uilig anseo ag cur béime ar an teanga labhartha, ach, mar a dúirt an Seanadóir, tá sé tábhachtach go mbeidh béim ar an litríocht chomh maith. Thagair an Seanadóir Cullinane do na toghcháin chomh maith agus don tábhacht atá leo. Dúirt sé gur maith an rud é go mbeadh díospóireacht breá bríomhar again agus go ndéanfadh sin maitheas don teanga. Rinne an Seanadóir Mullen pointe an-tábhachtach faoin Stát Seirbhís agus na Ranna a mbeidh muid ag braith orthu leis an straitéis a chur chun cinn. Is cóir go mbeidh na scileanna teanga sna Ranna leis an straitéis a chur i bhfeidhm. Is dúshlán é sin agus caithfimid díriú isteach ar sin.

Táim an-shásta leis an méid a bhí le rá anseo. Níl sé seo ach ina thús. Táimid ag obair go crua ar chinn na mBillí agus beidh siad á n-ullmhú idir seo agus deireadh na bliana. Mar a dúirt mé, tá go leor smaoineamh le déanamh. Tá a fhios agam, mar Aire Stáit, go bhfuil sé iontach tábhachtach léarscáil den bhealach romhainn a dhéanamh amach chomh luath agus is féidir. Caithfimid an bóthar a thógáil anois. Ar a laghad, tá léarscáil againn, tá an bealach romhainn agus tá an straitéis le cur i bhfeidhm. Beidh an t-údarás in áit. Tá teorainneacha na Gaeltachta i gceist. Sílim go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Is é an dul chun cinn is mó, mar a dúirt Seanadóir Ó Murchú, ná go bhfuil coiste Rialtais ar bun agus ag feidhmiú beagnach ar bhonn míosúil. Tá ionad straitéise na Roinne an-ghníomhach freisin. Tá fochoistí ar bun idir an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Tá an-chuid oibre ag dul ar aghaidh i láthair na huaire. Níl anseo ach an t-ullmhúchán leis an straitéis a chur a bhfeidhm.

Molaim na Seanadóirí uilig a d'éist leis an díospóireacht seo. Gabhaim buíochas leo, agus leis an gCeannaire as ucht an cuireadh a thug sé dom teacht anseo. Is é seo an chéad deis a bhí agam labhairt sa Seanad. Tá súil agam nach mbeidh sé an uair dheireanach. Ba mhaith liom teacht isteach anseo go rialta, mar a luaigh an Seanadóir Ó Murchú, chun plé a dhéanamh ar an ábhar seo agus léargas a thabhairt don Teach ar an dul chun cinn ata á dhéanamh againn. Gabhaim buíochas leis na Seanadóirí arís as ucht a dtacaíocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.