Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

1:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)

Tá áthas orm go bhfuil mé in am don díospóireacht seo. I dtosach báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire Stáit. Is iontach an rud é go bhfuil an dualgas seo, dualgas cur chun cinn na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus sa Ghalltacht, curtha air go háirithe, mar is cinnte gur duine é an tAire Stáit leis an cur chuige agus an cumas lena chuid dualgas a chomhlíonadh, go háirithe ag am deacair mar seo nuair atá ganntanas acmhainní agus go leor eile.

Níl sé i bhfad ó labhair muid faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge anseo sa Seanad. Mar sin, nílim chun mórán a rá faoin straitéis féin sna cúpla nóiméid atá agam. Ba bhreá liom an méid seo a rá áfach. De réir an staidéir agus an taighde teangeolaíochta atá déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta thar cionn an rialtas deiridh, is maith an rud é agus is fíor tábhachtach é an dul chun cinn nua nó an treorú nua atá ag an Rialtas agus ag an straitéis i leith cur chun cinn na Gaeilge, ní ar leibhéal tír éolais ach ar leibhéil teangeolaíoch de. Amach anseo beidh trí leibhéil de Ghaeltacht ann. An leibhéal is láidre a bheidh ann ná áit ina mbeidh daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil agus go rialta agus ina bhfuil institiúdí láidre Gaeilge, ag feidhmiú trí Ghaeilge, lonnaithe ann le go mbeidh seirbhísí ar fáil. Ach tá sé an-tábhachtach nach mbeidh daoine sa limistéar Gaeltachta sin agus gur cuma má tá Gaeilge á labhairt acu nó nach bhfuil. Caithfidh an Ghaeltacht a bheith bunaithe ar phobal atá toilteanach, ní amháin Gaeilge a labhairt ach an Ghaeilge a chur chun cinn. Sin atá i gceist agam nuair a deirim go gcaithfear an t-aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ar bhonn teangeolaíoch de.

Tá sé fíor-thábhachtach go dtugann muid an tacaíocht d'áiteanna sa Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge láidir chun an stádas sin a choimeád agus a dhaingniú, cur i gcás in áiteanna mar Leitir Mór, áit ina bhfuil an Ghaeilge an-láidir, nó níos láidre ná in aon áit eile. Tá áiteanna eile, agus tá a fhios seo ag an Seanadóir Ó Clochartaigh, nach bhfuil an mhéid chéanna Gaeilge á labhairt iontu, cur i gcás Na Forbacha. Níl a fhios agam cén céatadán de dhaoine ansin a labhraíonn Gaeilge, b'fhéidir 30%. Cad atá muid chun a dhéanamh chun an rogha a thabhairt do no pobail sin a shocrú an bhfuil siad le bheith sa Ghaeltacht nó nach bhfuil. Má tá daoine chun roghnú a dhéanamh i bhfábhar na Gaeilge agus i bhfábhar an Ghaeilge a bheith beo sna pobail sin, caithfear an tacaíocht agus na hacmhainní a chur ar fáil dóibh.

Ar an ábhar sin, tá sé fíor-thábhachtach go leanfaidh ról Údarás na Gaeltachta i gcúrsaí fostaíochta, agus táim sásta gur mar sin a bheidh sé. Más buan mo chuimhne, labhair an Rialtas deireannach faoi Údarás na Gaeltachta agus na Gaeltachta, ach ní shin an t-ainm a bhéas air. Is maith an rud é go bhfuil dualgas ar leith i leith na teanga ag an údarás agus go bhfuil sin aitheanta. Riamh anall chuir Údarás na Gaeltachta maoin ar fáil, cur i gcás nuair a chabhraigh sé le TG4 agus mar sin de. Ceisteanna fostaíochta a bhí i gceist agus chuir siad acmhainní le haghaidh trraenáil agus mar sin de ar fáil. Dar ndóigh, bhí ceist na teanga laistiar de sin sa chúlra. Tá sé tábhachtach go mbeidh ról ar leith don teanga i measc na dualgais atá ar Údarás na Gaeltachta, ach caithfidh an nasc le fostaíocht a bheith ann. Má tá daoine ag dul isteach go Gaillimh gach lá, ag labhairt Gaeilge sa bhaile agus ag labhairt Béarla don chuid is mó i nGaillimh, beidh sé an-deacair ar na daoine sin teacht ar ais agus bheith ag labhairt Gaeilge sa mbaile. Ní mar sin a chaomhnítear an Ghaeltacht mar áit ina bhfuil Gaeilge labhartha. Sin an fáth go bhfuil cúrsaí fostaíochta chomh tábhachtach. Tá sé fíor-thábhachtach go mbeidh ról ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht agus go mbeidh an ról sin leanúnach agus daingnithe. Tá sé tábhachtach go mbeidh fostaíocht sa Ghaeltacht má tá an teanga le bheith beo. Ba bhreá liom ceist eile a chur maidir le Foras na Gaeilge. Chun an fhírinne a rá, ní saineolaí mé. Tuigim go bhfuil Foras na Gaeilge bunaithe ar Comhaontú Aoine an Chéasta, ó 1998. Tá sé sin fíor-tábhachtach. Tá a fhios agam go dtacaíonn Sinn Féin go mór le Foras na Gaeilge. Tá mo chairde ón bpairtí sin in aice liom. Tá daoine ann i gcomhluadar na Gaeilge a chuireann ceisteanna faoi éifeacht an fhorais. Faigheann Foras na Gaeilge na milliúin euro go bliantúil. B'fhéidir go raibh €20 milliún á chaitheamh acu ag am amháin. Níl an figiúr is deireanaí agam. Is é seo an áit chun na ceisteanna seo a ardú. Níl mé ag rá go bhfuil na freagraí agam. Nuair a bhíodh €20 milliún ag Foras na Gaeilge, mar eagraíocht maoinithe do heagraíochtaí eile, cuireadh b'fhéidir €8 milliún ar fáil dos na heagraíochtaí Gaeilge. Tá sé sin ceart go leor, ach céard a tharla don chuid eile den airgead? An raibh aon pleanáil cheart déanta? An ndearnadh aon rud mór leis an airgead sin? An bhfuil Foras na Gaeilge éifeachtach? B'fhéidir go bhfuil daoine ann a déarfaidh go bhfuil. Más é sin an freagra, glacaim leis. Ba bhreá liom ionadaíocht a dhéanamh dóibh siúd a chaitheann a saol ag obair ar son na Gaeilge agus a chuireann ceisteanna mar seo. B'fhiú na ceisteanna a fhreagairt, b'fhéidir, nó díospóireacht eile a bheith againn. Táimid ag feidhmiú gan na hacmhainní céanna a bhí againn. Tá sé níos tábhachtaí ná riamh go n-úsáidfí i gceart cibé acmhainní atá ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go mbeadh an pleanáil cheart á dhéanamh. Tá an cheist á ardú agam - is é sin an méid.

Ba mhaith liom labhairt faoi rudaí eile a ritheann liom i gcónaí. Ní féidir díospóireacht faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheith againn gan a rá arís go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a fhorbairt, cibé áit ina bhfuil sí á labhairt. Caithfimid deis a thabhairt do dhaoine sna háiteanna ina bhfuil an teanga níos laige í a chur chun cinn. Má tá sé sin le bheith déanta i gceart, caithfear daoine a bheith fostaithe sa Státseirbhís a bhfuil na scileanna cuí acu don phlean teanga. Ní féidir na hathruithe atá riachtanach a dhéanamh muna bhfuil saineolas laistigh den Rialtas, go háirithe an Rialtas buan, ag daoine le scileanna, an cur chuige ceart agus eolas faoin chaoi inar féidir an pobal a oiliúnt sa chóras pleanála don Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh saineolas i measc an phobail maidir le pleanáil teanga. Ba cheart go mbeadh go leor daoine laistigh den Rialtas agus an Státseirbhís in ann déileáil le pobal na Gaeilge chun an obair fhiúntach seo a chur i gcrích.

Maidir le cúrsaí oideachais, tá go leor daoine ag caint faoi na hathruithe tábhachtacha sa siollabas. Ba bhreá liom go dtiocfadh an lá ina mbeadh an Ghaeilge riachtanach i gcónaí sna scoileanna. Níl aon phoblacht cheart, i mo thuairim, muna bhfuil sí riachtanach. Aontaím gur chóir dúinn an siollabas a athrú ionas go mbeidh níos mó béime ar Ghaeilge labhartha agus cúrsaí téipe, srl., mar a bhí ann i gcónaí ó thaobh an bhFraincis agus dteangacha eile sna meánscoileanna. Deirtear go dtarlóidh sé i 2012, nuair a thabharfar 50% de na marcanna don Ghaeilge cliste labhartha. Ní leor é sin a dhéanamh muna bhfuil ardú sa chaighdeán ag an am céanna. Is féidir le daoine marcanna níos airde a fháil, ach ní hionann é sin agus a rá go bhfuil caighdeán níos fearr ann. Caithfimid díriú isteach ar chaighdeán múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Má táimid chun an cheist conspóideach sin a ardú, caithfimid díriú isteach ar na hacmhainní agus na riachtanaisí atá in áit do dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge agus ag cur snas ar a chuid Geailge sna hinstitiúidí triú leibhéal sar a théann siad amach ag múineadh na Gaeilge. Cén fáth, mar shampla, nach bhfuil sé riachtanach d'fhoghlaimeoirí múineadh na Gaeilge dul go dtí an Ghaeltacht sa samhradh? Is cuimhin liom nuair a rinne mé iarchéim san iriseoireacht, bhí orm a chinntiú go raibh mé in ann 40 focal a chlóscríobh in aghaidh an nóiméad. Bhí orm an riachtanas sin a chomhlíonadh sar a nglacfaí isteach ar an gcúrsa sin mé. Sa chaoi céanna, má tá daoine ag iarraidh an Ghaeilge a múineadh sna scoileanna, caithfidh rudaí áirithe, seachas siollabas an institiúid tríú leibhéal, a bheith riachtanach. Mar shampla, ba cheart go mbeadh sé de dhualgas orthu dul go dtí an Ghaeltacht go rialta le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.

Mar fhocal deiridh, bhí tráth ann nuair a raibh beagnach gach duine sa Roinn Oideachais, mar a bhí, in ann gnó a dhéanamh le daoine trí Ghaeilge. Athraíodh na rialacha 30 bliain ó shin nó níos mó. Sa lá atá inniu ann, b'fhéidir go bhfuil 3% dos na daoine in ann seirbhísí a chur ar fáil agus gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá a fhios agam is go teoiriciúil atáimid ag caint faoi earcaíocht anois, toisc na fadhbanna atá ann. Nuair a thagann an lá arís ina mbeimid ag earcú don Státseirbhís agus don tseirbhís phoiblí, bíodh an Ghaeilge riachtanach i measc na riachtanaisí eile. Bhí sean-nath ann, "all things being equal, the Fianna Fáil man gets the job". Ní bhéinn ag moladh sin, ach "all things being equal, the man nó woman le Gaeilge should get the job", a fhad is go bhfuil na caighdeáin agus na cáilíochtaí eile acu. Is sa chaoi sin a dhaingnítear todhchaí na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh a fhios ag daoine má chuireann siad ceist trí Ghaeilge, nach confusion a bheidh ann ach go gheobhaidh siad freagra chuimsitheach trí Ghaeilge. Tá brón orm gur chuaigh mé thar fóir leis an am.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.