Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Tá fáilte roimh an Aire Stáit. Tréaslaím leis de bharr a dhílseachta féin i leith na Gaeilge. Tá áthas orm go bhfuil an Ghaeilge agus an straitéis á phlé againn go luath sa tSeanad. Tugann seo seans dúinn a bheith in ann cúrsaí a scrúdú maidir le cur i bhfeidhm na straitéise. Bhí an t-Aire Stáit féin lárnach don phróiséis a bhain leis an straitéis agus tuigeann sé an cur chuige a bhí ann. Rud a bhí an-thábhachtach ná go raibh chomhchomhairle i gceist leis na heagrais agus le daoine eile a raibh baint acu leis an nGaeilge. Is cuimhin liom go ndeachaigh an coiste Oireachtais go dtí an Ghaeltacht chun bualadh leis na heagrais sin. Chuir sé áthas agus ionadh ar an-chuid againn gur tháinig breis agus 30 eagras ar fad isteach go dtí an ócáid sin chun a dtuairimí a nochtadh. Chomh maith leis sin, bhí cruinniú eile againn le beagnach naoi n-eagras anseo i mBaile Átha Cliath. An rud a bhí suimiúil faoi sin ná gur tháinig TG4 isteach chun an rud ar fad a chlúdú agus a chur amach beo ar feadh ceithre uair an chloig. Mar a bhí mé ag maoíomh ag an am, níor tharla sé sin le haon ábhar eile.

Chruthaigh sé sin go raibh an cur chuige a bhí ag baint leis an bpróiséis ag an am dáiríre agus gur thuig daoine go raibh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an straitéis á húsáid i gceart, go mbeadh an struchtúr ceart á chur ann agus, chomh maith leis sin, go mbeadh sé indéanta, mar a luaigh an t-Aire Stáit féin. Níl haon mhaith straitéis a chur ann munar féidir é a chur i bhfeidhm. Caithfimid a bheith cinnte go bhfuil spriocanna ann agus go bhféadfaimís na spriocanna sin a bhaint amach.

Rud a chuireann áthas ar an-chuid daoine ná go bhfuil an straitéis tras-pháirtí. Tá sé sin an-thábhachtach. Ar feadh tamaill, bhí baol ann go raibh liathróid pholaitiúil á dhéanamh as an Ghaeilge. Nuair a tharlaíonn a leithéid, bíonn súil an imearthóra ar an bhfear in ionad a bheith ar an líathróid. Tá sé tábhachtach dúinn, mar náisiún, an súil a choimeád ar an liathróid, is é sin an tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge. Ní chóir go mbeadh "party politics" ag cur isteach. Ceann des na buanna is mó a bhaineann leis an straitéis is ea go bhfuilimid aontaithe maidir leis. Mar sin is féidir linn a bheith ag díriú ar na rudaí tábhachta - na bun rudaí - agus a bheith ag comh-obair lena chéile.

I stair an náisiúin nó i stair na Gaeilge, ní raibh an t-atmasféar i leith na Gaeilge chomh dearfach ariamh is atá sé i láthair na huaire. Féach an tábhacht a bhaineann leis na gaelscoileanna. Tá ag éirí go hiontach leo. Tá scuanna ag iarraidh teacht isteach ins na gaelscoileanna, rud a chruthaíonn go bhfuil a leithéid ag teastáil ó dhaoine. Tá Raidió na Gaeltachta ann agus job sár-mhaith proifisiúnta á dhéanamh ag an stáisiún. Níl aon amhras ach go bhfuil TG4 ar cheann des na huirlisí is fearr atá againn ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge. Tá íomhá an-mhaith ag an stáisiún. Ní gá go mbeadh na seanóirí ar fad curtha ar leataobh, ach tá na daoine óga chun tosaigh ann. Tá siad proifisiúnta agus san iomaíocht le haon stáisiún eile. Tugaim faoi ndeara go bhfuil daoine, fiú amháin daoine atá ar bheagán Gaeilge, ag dul go dtí an stáisiún sin. B'fhéidir nach dtéann siad ann ar mhaithe leis an nGaeilge ach ar mhaithe leis na cluichí nó leis na cláracha staire, rud nach bhfuil á dhéanamh ag cuid des na stáisiúin eile. Is cuma an chúis go dtéann daoine chuig an stáisiún sin, a fhad is atá gaol acu leis an stáisiún féin.

Tá reachtaíocht ann maidir le comhionnanas teanga. Mar sin, tá stádas faoi leith reachtúil tugtha don Ghaeilge, rud nach raibh ann roimhe sin. Cé go raibh sé sa Bhunreacht, ní raibh reachtaíocht féin ann. Chomh maith leis sin, tá stádas oibre oifigiúil bainte amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach, rud a bhí thar a bheith tábhachtach. Is ionann sin agus a rá go bhfuil an stádas céanna ag an Ghaeilge is atá ag an mBéarla nó ag aon teanga eile san Eoraip. Siombal muiníne don Ghaeilge gur tharla a leithéid.

Anois, tá straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Bhí mé beagáinín amhrasach nach mbeadh i gcaint an Aire Stáit ach an fód a sheasamh. Mar sin féin, caithfidh mé an t-Aire agus an Rialtas a mholadh. Tá siad ag tabhairt faoi cur i bhfeidhm na straitéise sa tslí cheart. I dtosach, tá plean trí bliana leagtha amach. Gan rud mar sin a bheith ann bheadh sé an-deacair dul i ngleic le 20 bliain, go mórmhór na rannaí a bhaineann leis an 20 bliain sin. Tá an-áthas orm go bhfuil trí bliana i gceist. Ta straitéis trí bliana ann chomh maith le straitéis 20 bliain, rud atá thar a bheith tábhachtach

Ta an-áthas orm go bhfuil an coiste Rialtais ag teacht le chéile. Tháinig sé le chéile faoi dhó cheana féin. Molaim an Rialtas mar gheall ar sin. Bhí amhras orm nach mbeadh an coiste sin ag feidhmiú, agus ní toisc go bhfuil Rialtas nua ann. Tá áthas orm go raibh dhá chruinniú ag an gcoiste. Baineann an-chuid leis an gcoiste sin le cinntiú go bhfuil an straitéis á chur i bhfeidhm. Muna bhfuil an Rialtas féin ag díriú ar an straitéis, agus an gnó sin ar fad fágtha ag gníomhaithe agus ag na heagrais, bheadh laige ann.

Tá áthas orm go bhfuil Roinn a bhaineann le cúrsaí airgeadais i mbun na gcoistí atá á mbunú. Cé nach bhfuil cúrsaí eacnamaíochta chomh maith agus ar bhreá linn iad a bheith, caithfimid tús áite, i slite áirithe, a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht maidir le heacnamaíocht. Caithfimid a bheith in ann a rá ní hamháin gur seoid í a Ghaeilge ach go dtugann sí ardú meanman dúinn chomh maith. Árdaíonn sí an sprid díreach nuair atá gá le sprid an náisiúin a árdú. Ní teanga amháin í an Ghaeilge nó bailiúchán focal agus gramadaigh. Tá níos mó ná sin sa Ghaeilge. Tá an teanga istigh inár gcroíthe agus go smior ionainn. Cabhróidh aon rud a bhaineann lenár bhféiniúlacht náisiúnta linn, chomh maith le rudaí eile. Tá mé cinnte go mbeidh guth láidir ag an Aire Stáit sa Rialtas le cinntiú go mbeidh an cabhair airgid ann nuair a bheidh gá leis.

Ba bhreá liom an Roinn Oideachais agus Scileanna a lua freisin. Braitheann a lán ar an Roinn sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.