Seanad debates

Thursday, 9 June 2011

Progress on the 20 Year Strategy for the Irish Language: Statements

 

12:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ar dtús, ba mhaith liom leithscéal a ghabháil leis an gCathaoirleach agus leis na Seanadóirí as moill a chur ar imeachtaí an lae inniu. Thuig mé gur ag ceathrú chun a dódhéag a bhí mé le bheith anseo. Is dóigh gur fearr go mall ná go brách.

Táim thar a bheith buíoch as an deis a fháil labhairt sa Teach seo inniu maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ba mhaith liom a rá gur onóir mhór atá ann domsa a bheith ceaptha mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le freagracht ar leith do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta. Táim buíoch don Aire Jimmy Deenihan don tacaíocht atá tugtha aige dom agus muid ag obair i bhfochair a chéile ar rnhaithe leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

I dtosach báire, ba dheas liom léargas a thabhairt daoibh ar an dul chun cinn atá déanta ag an Rialtas agus ag mo Roinn maidir le tosaíocht a thabhairt don straitéis.

Tá sé ráite go soiléir sa Chlár Rialtais go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don straitéis 20 bliain agus go ndéanfaidh an Rialtas na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Ón uair gur tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, chinn an Taoiseach, Enda Kenny, an Coiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht a athbhunú faoina chathaoirleacht féin, mar atá sonraithe faoin straitéis 20 bliain. Go dtí seo, tá dhá chruinniú den Choiste Rialtais tionólta aige i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine. Is dóigh liom go léiríonn sé seo tiomantas an Taoisigh féin don Ghaeilge go bhfuil sé toilteanach agus ábalta am a fháil ina sceideal gnóthach chun aghaidh a thabhairt ar chur i bhfeidhm na straitéise, in ainneoin an iliomad éileamh eile atá ar a chuid ama.

Is léiriú é freisin ar thiomantas an Taoisigh i leith na Gaeilge go bhfuil cinneadh tógtha aige go mbeidh an straitéis 20 bliain faoi stiúir ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus agam féin mar Aire Stáit. Mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, níl aon cheist ach go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht mar an chéad chloch ar mo phaidrín mar Aire Stáit agus tá mé ag obair go tréan i gcomhar leis an Aire chun an straitéis 20 bliain a chur i gcrích.

Ó thaobh mo Roinne féin de, táthar ag tabhairt le dúthracht faoi chéim an bhunaithe den straitéis. Tá aonad straitéise bunaithe i mo Roinn atá freagrach as pleanáil agus feidhmiú na straitéise a threorú. Tá plean forfheidhmithe do chur i bhfeidhm na straitéise ag mo Roinn i mbliana ullmhaithe ag an aonad straitéise agus táthar san am i láthair ag ullmhú plean forfheidhmithe trí bliana don straitéis.

Ar ndóigh, tá iliomad páirtithe leasmhara éagsúla luaite faoin straitéis 20 bliain agus is fánach an mhaise don té a cheapfadh go bhféadfaí a leithéid de straitéis uaillmhianach uile-chuimsitheach a chur i bhfeidhm as a stuaim féin. Dá bhrí sin, is gearr go mbeidh an taonad straitéise i mo Roinn ag lorg a gcuid bpleananna forfheidhmithe féin ó na príomhpháirtithe leasmhara eile atá luaite faoin straitéis, is iad sin na Ranna Rialtais ábhartha, ach go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Tá na céimeanna tosaigh tógtha ag an aonad straitéise i mo Roinn chun grúpaí oibre a bhunú leis na príomhpháirtithe leasmhara atá luaite cheana féin agam. Os rud é go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le réimse gnímh an oideachais faoin straitéis 20 bliain, tá grúpa oibre ardleibhéil bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn agus oifigigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá an grúpa oibre seo ag tabhairt tús áite do na tosaíochtaí a aithint maidir le cur i bhfeidhm na straitéise i réimse gnímh an oideachais, ag tabhairt san áireamh na laincisí ar acmhainní i láthair na huaire.

Cé is moite de réimse gnímh an oideachais, tá dhá ghrúpa oibre eile bunaithe ag foireann an aonaid straitéise i mo Roinn ar mhaithe le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá grúpa oibre ardleibhéil ar leith bunaithe idir oifigigh ó mo Roinn, ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta. Tá an grúpa seo dírithe ach go háirithe ar idirdhealú a dhéanamh idir feidhmeanna reachtúla na Roinne, an fhorais agus an údaráis sa chaoi is gur féidir a chinntiú go mbeidh an luach is fearr ar airgead ag an Státchiste agus nach mbeidh aon dúbláil soláthair ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm na straitéise ag an Roinn, ag an fhoras agus ag an údarás.

Ní miste a lua go bhfuil grúpa oibre ardleibhéil eile bunaithe idir mo Roinn, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus an Roinn Fiontar, Post agus Nuálaíochta chun plé a dhéanamh ar infheistíocht fiontraíochta sa Ghaeltacht.

Tá súil agam go dtugann sé seo léargas don Teach ar roinnt de na gníomhaíochtaí atá ar bun ag an Rialtas agus ag mo Roinn faoin straitéis 20 bliain. Mar is eol don Teach, is straitéis uaillmhianach í seo atá le cur i bhfeidhm thar thréimhse fiche bliain i naoi gcinn de réimsí gnímh éagsúla. Chuige sin, feictear dom go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an tréimhse phleanála atá ar siúl ag an aonad straitéise i mo Roinn, i gcomhar leis na príomhpháirtithe leasmhara, faoi na grúpaí oibre atá bunaithe leo agus a bhfuil léargas tugtha agam ina leith don Teach.

Ar ndóigh, níl amhras ar bith ach go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na struchtúir fhorfheidhmithe a fháil i gceart faoin straitéis 20 bliain. Mura bhfuil dúshraith mhaith faoin straitéis, is dóigh liom nach fiú tráithnín féir iarracht a dhéanamh í a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht i mí an Mhárta, beartaíodh breathnú as an nua ar an straitéis 20 bliain maidir leis na struchtúir fhorfheidhmithe a bhí le cur ar bun fúithi.

Cuireadh an próiseas seo ar bun i gcomhthéacs an ghealltanais sa Chlár Rialtais go ndéanfaidh an Rialtas na spriocanna indéanta atá luaite sa straitéis a sheachadadh agus i gcomhthéacs an phlé atá déanta ag an Choiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Chas mé féin le go leor de na páirtithe leasmhara mar chuid den phróiseas seo - Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ina measc.

Mar thoradh ar an phróiseas seo, tá cinntí críochnúla tógtha ag an Rialtas faoin straitéis 20 bliain a bheidh le cur i bhfeidhm sa Bhille Gaeltachta a bhfuiltear ag súil é a fhoilsiú chomh luath agus is féidir, ag brath ar chlár reachtaíochta an Rialtais. Ba dheas liom an deis seo a thapú chun léargas a thabhairt don Teach ar na cinntí polasaí seo a tógadh ag an chruinniú Rialtais ar an 31 Bealtaine. Baineann na cinntí polasaí seo leis an sainmhíniú nua ar an Ghaeltacht agus leis na struchtúir fhorfheidhmithe is fóirsteanaí do chur i bhfeidhm na straitéise.

I dtosach báire, is mian liom súil a chaitheamh ar an staid ina bhfuil an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Léirigh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go bhfuiltear iompaithe go mór i dtreo an Bhéarla sa Ghaeltacht agus go bhféadfadh nach mairfeadh an Ghaeilge mar theanga phobail agus theaghlaigh sa Ghaellacht ach ar feadh 15 nó 20 bliain eile mura ndéanfaí gníomh ar bhonn práinne chun cúrsaí a leasú. Ar ndóigh, mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, tá taithí phearsanta agam ar mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Teastaíonn ón Rialtas seo gníomh fónta a dhéanamh faoin straitéis 20 bliain chun todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht a shlánú i gcomhar leis an phobal ar an talamh sna limistéir Ghaeltachta éagsúla.

Mar atá ráite faoin straitéis 20 bliain, tá forbairt chóras cuimsitheach pleanála teanga ag an leibhéal pobail sa Ghaeltacht mar ghné lárnach den straitéis le cinntiú go mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe go ndéanfar foráil faoin Bhille Gaeltachta do shainmhíniú reachtúil nua ar an Ghaeltacht a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha le hais an tsainmhínithe mar a sheasann sé faoi láthair atá bunaithe ar limistéir shonracha gheografacha. Tabharfar stádas reachtúil faoin Bhille Gaeltachta do cheantair Ghaeltachta le stádas teangeolaíoch éagsúil acu. Mar is eol don Teach, forbraíodh próifíl shochtheangeolaíoch do na cineálacha seo de phobail teanga faoin Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch.

Ar ndóigh, tá sé tábhachtach freisin nach mbeidh an Ghaeltacht teoranta ag na ceantair a bhfuil stádas reachtúil Gaeltachta acu faoi láthair. Dá bhrí sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Bhille Gaeltachta do chineál nua de cheantair "Gaeltacht gréasáin" a bheidh lasmuigh de ria ceantair Ghaeltachta reachtúla atá ann cheana féin. Is ceantair iad seo a mbeidh a bhformhór i bpobail uirbeacha agus a mbeidh toirt bhunúsach chriticiúil de thacaíocht phobail agus Stáit acu don Ghaeilge.

Chomh maith leis sin, tabharfar stádas reachtúil faoin Bhille Gaeltachta do Bhailte Seirbhíse Gaeltachta, is iad sin bailte ina gcuirtear seirbhísí ar fáil do cheantair Ghaeltachta. Go bunúsach, déanfar foráil sa Bhille Gaeltachta d'Orduithe, arna ndéanamh le faomhadh an Rialtais, ina sonrófaí na ceantair a bheadh le háireamh sa Ghaeltacht, mar cheantair "Gaeltacht gréasáin" nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta.

Tá sé thar a bheith tábhachtach nach n-aireoidh aon phobal Gaeltachta faoi léigear nó faoi bhagairt mar thoradh ar an sainmhíniú reachtúil nua do limistéir Ghaeltachta a bheidh bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha. Beidh mo Roinn, i gcomhar le heagrais Stáit eile, ag obair go dlúth le pobail Ghaeltachta ar an talamh chun cabhrú leo pleananna teanga, ina n-áireofaí gnéithe uile shaol an phobail, a ullmhú agus a chur i gcrích.

Mar is eol don Teach, tá sé beartaithe faoin straitéis 20 bliain go mbeadh an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge faoi mo Roinn, go leanfadh Foras na Gaeilge ag comhlíonadh a dhualgas i gcomhthéacs uile-oileáin mar áisíneacht den bhForas Teanga Forfheidhmithe Thuaidh Theas agus go ndéanfaí Údarás na Gaeltachta a athstruchtúrú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta le freagracht do chur i bhfeidhm na straitéise ar bhonn náisiúnta. Mar thoradh ar an phlé a rinneadh faoin straitéis 20 bliain ag an Choiste Rialtais faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht agus ag an chruinniú Rialtais ar na mallaibh, tá athbhreithniú ó bhonn déanta ag an Rialtas ar na struchtúir is éifeachtaí chun an straitéis a fheidhmiú. Dá bhrí sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas gur mar seo a leanas a bheidh na struchtúir fhorfheidhmithe faoin straitéis 20 Bliain: fanfaidh an lárfhreagracht maidir le gnóthaí Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht araon ar mo Roinn, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta; leanfaidh Foras na Gaeilge ag feidhmiú mar áisíneacht teanga thuaidh theas; beidh mo Roinn, i gcomhpháirtíocht le páirtnéirí ábhartha Stáit, freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise lasmuigh den Ghaeltacht - breathnófar ar na féidearthachtaí go bhféadfadh Foras na Gaeilge seachadadh a dhéanamh ar eilimintí áirithe den straitéis ar bhonn

comhaontaithe le mo Roinn; maidir le cur i bhfeidhm na straitéise laistigh den Ghaeltacht, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas nach ndéanfar Údarás na Gaeltachta a athstruchtúrú mar Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta - fanfaidh Údarás na Gaeltachta mar atá agus beidh an túdarás freagrach as cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht.

Níl aon dabht ach gur comhartha muiníne é an cinneadh Rialtais in Údarás na Gaeltachta. Mar thoradh ar shaineolas agus ar thaithí Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht ón uair gur bunaíodh é i 1980, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas gur fearr go mór an túdarás a choinneáil mar atá ag plé lena réimse saineolais sa Ghaeltacht agus ag plé le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht. Ar an iomlán, feictear don Rialtas gurb iad seo na struchtúir fhorfheidhmithe is fóirsteanaí do chur i bhfeidhm na straitéise ar na cúiseanna seo a leanas: ciallaíonn an cur chuige seo go mbeidh meicníochtaí ann chun an straitéis a sheachadadh ag baint leas as struchtúir atá ann faoi láthair a mhéid agus is féidir - ní bheadh aon ghá comhlacht nua reachtúil a bhunú, mar a bhí beartaithe faoin straitéis; chomh maith leis sin, beidh deighilt shoiléir idir na feidhmeanna maidir le cur i bhfeidhm na straitéise ag Údarás na Gaeltachta sa Ghaeltacht agus ag an Roinn agus ag Foras na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht; tá taithí na mblianta ag Údarás na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht agus ag Foras na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht - feictear don Rialtas gur cóir leas a bhaint as an saineolas seo agus muid ag díriú ar chur i bhfeidhm na straitéise.

Ar ndóigh, éilíonn an cur chuige úr seo i dtaca leis na struchtúir fhorfheidhmithe faoin straitéis 20 bliain cur chuige úr i dtaca le húdarás na Gaeltachta. Mar is eol don Teach, rinne an Rialtas deireanach buiséad caipitil an Údaráis ón Státchiste a laghdú ó €18 milliún anuraidh go €6 milliún i mbliana. Is cinnte go titim mór agus trom é sin. Níl aon cheist ann ach go bhfuil an laghdú suntasach seo ag cruthú deacrachtaí don Údarás. Ag an am céanna, caithfear a bheith réalaíoch agus aird a thabhairt ar na fadhbanna airgeadais ollmhóra atá le réiteach againn mar Stát.

Tuigimse go maith an dea-obair atá déanta ag Údarás na Gaeltachta ón uair gur bunaíodh é sa bhliain 1980 agus freagracht air as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta. Mar dhuine de bhunadh na Gaeltachta, creidimse gur éirigh le hÚdarás na Gaeltachta infheistíocht shuntasach a mhealladh chun na Gaeltachta thar na blianta agus go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach a chinntiú go leanfar leis an infheistíocht sin chun an pobal buan seasmhach a choinneáil sa Ghaeltacht.

Chuige sin, tá cinneadh polasaí tógtha ag an Rialtas go leanfaidh Údarás na Gaeltachta ag comhlíonadh a chuid feidhmeanna go ginearálta, an fheidhm fhiontraíochta san áireamh. Mar aitheantas ar na laincisí buiséid faoina gcaithfidh Ranna agus eagrais Stáit feidhmiú san am i láthair, an tÚdarás san áireamh, déanfar foráil reachtúil faoin Bhille Gaeltachta chun cumhacht a thabhairt don Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir a thabhairt don Údarás a chuid acmhainní teoranta a dhíriú i dtreo earnálacha fiontraíochta ar leith. Chomh maith leis sin, tá cinneadh polasaí tógtha ag an Rialtas go bhforbrófar meicníocht chun go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann comhoibriú le Fiontraíocht Éireann agus leis an IDA, ach go háirithe i gcás tograí suntasacha Gaeltachta a bhfuil poitéinseal ard acu. Ar ndóigh, déanfar an mheicníocht seo a fhorbairt i gcomhar leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus i gcomhar leis an Roinn Fiontar, Post agus Nuálaíochta.

Ciallaíonn na cinntí polasaí seo atá tógtha ag an Rialtas go bhfuil todhchaí Údarás na Gaeltachta mar eagras Stáit neamhspleách le cúraimí sonracha i leith na Gaeltachta slán sábháilte, go n-éireoidh le hÚdarás na Gaeltachta a chuid feidhmeanna reachtúla a choinneáil agus go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann leas a bhaint as a chuid saineolais ar mhaithe le cur i bhfeidhm na straitéise sa Ghaeltacht. Ní hamháin sin ach tiocfar ar mheicníocht chun go mbeidh comhoibriú idir Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an IDA ar mhaithe le hinfheistíocht i limistéir Ghaeltachta.

Maidir le bord Údarás na Gaeltachta, i dtosach báire ba dheas liom obair an bhoird a thréaslú leis na comhaltaí boird atá ann faoi láthair. Is cinnte go bhfuil obair fhiúntach déanta agus á dhéanamh ag an bhord ar mhaithe le pobal na Gaeltachta. Faoi láthair, tá 17 comhalta tofa ar bhord an Údaráis chomh maith le triúr chomhalta atá ainmnithe ag an Aire. É sin ráite, tá tuairimí forleathan go leor ann le blianta beaga anuas go mb'fhéidir nach raibh struchtúr den chineál seo iomlán éifeachtach mar gheall ar líon na gcomhaltaí.

Tá an Rialtas tiomanta fócas níos gléine a thabhairt do bhoird Stáit. Léiríonn taighde idirnáisiúnta agus taithí ó iliomad boird Stáit in Éirinn go gcuidíonn sé le bord a bheith ag feidhmiú ar bhonn éifeachtach má bhíonn líon na gcomhaltaí réasúnta teoranta - idir deichniúr agus dáréag, nó mar sin. Dá bhrí sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go ndéanfar foráil maidir leis seo sa Bhille Gaeltachta chun líon na gcomhaltaí ar bhord an Údaráis a laghdú go suntasach.

Faoi réir na reachtaíochta, ní mór an chéad toghchán eile do bhord an Údaráis a reáchtáil faoi Dheireadh Fómhair 2012 agus d'fhéadfadh costas suas le leathmhilliún euro a bheith i gceist leis seo i 2012 dá reáchtálfaí toghchán. Mar is eol don Teach, caithfidh an Rialtas amharc go géar ar gach uile líne caiteachais faoin athbhreithniú caiteachais cuimsithigh atá ar siúl againn san am i láthair. Déarfainn gur beag duine a d'easaontódh liom nuair a deirim go bhféadfaí an leathmhilliún euro seo a chaitheamh ar bhealach a rachadh níos mó chun sochair do phobal na Gaeltachta seachas trí thoghchán a reáchtáil. Dá bhrí sin, tá cinneadh tógtha ag an Rialtas go ndéanfar foráil maidir leis seo sa Bhille Gaeltachta chun deireadh a chur leis an riachtanas do thoghcháin.

Ar ndóigh, feictear don Rialtas go bhfuil sé tábhachtach nach gcaillfear an ghné dhaonlathach marthoradh ar na hathruithe ar bhord an Údaráis. Dá bhrí sin, tiocfar ar mheicníocht faoin Bhille Gaeltachta chun gur féidir le húdaráis áitiúla, a bhfuil limistéir Ghaeltachta faoina gcúram, líon áirithe comhaltaí a ainmniú ar bhord an Údaráis agus déanfaidh an tAire roinnt comhaltaí eile a ainmniú mar thoradh ar shaineolas ar leith a bheith acu i réimsí gnímh an Údaráis.

Tá a fhios agam gp bhfuil an cheist maidir le príomhfheidhmeannach buan a cheapadh ar an Údarás ar na bacáin le tamall agus gur thoiligh Seán Ó Labhraí seasamh sa bhearna bhaol ar feadh tréimhse agus feidhmiú mar phríomhfheidhmeannach gníomhach go dtí go mbeadh cinntí sonracha tógtha maidir le todhchaí an Údaráis. Ag eascairt as cinntí an Rialtais, tá lúcháir orm a bheith in ann a rá go bhfuil na céimeanna sa treis ag mo Roinn cheana féin chun cead na Roinne Caiteachais Poiblí agus Athchóirithe a fháil chun príomhfheidhmeannach buan a cheapadh don Údarás agus tá súil agam go mbeidh toradh dearfach ar ár n-iarratas go luath.

Níl amhras ar bith ach go bhfuil ré chorrach i gcinniúint ár dtíre buailte linn agus go bhfuil go leor dúshlán le sárú againn sna blianta beaga amach romhainn. B'fhíor do Mhicí Mac Gabhann a dúirt ina leabhar cáiliúil Rotha Mór an tSaoil: "Ní uasal ná íseal ach thuas seal agus thíos seal."

In ainneoin na ndeacrachtaí ar fad, tá mise iontach dóchasach faoin Ghaeilge agus faoin Ghaeltacht. Tá dúshraith láidir againn le tógáil uirthi leis an straitéis 20 bliain agus tá céimeanna dearfacha tógtha cheana féin againn chun tús a chur le feidhmiú na straitéise sin. Anuas air sin, tá Rialtas úr i bhfeighil na tíre anois nach bhfuil doicheall ar bith air cinntí crua agus cróga a thógáil ar mhaithe le leas na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar atá léirithe anseo agam inniu. Ach thar aon ní eile, is cúis dóchais ar leith dom an pobal beo bríomhar atá báúil agus dílis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó cheann ceann na tire.

Mar fhocal scoir, ba dheas liom a athdhearbhú go bhfuil an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar an ghad is gaire don scornach domsa mar Aire Stáit. Aithním go mbeidh an bóthar atá romhainn amach achrannach mar thoradh ar an ghéarchéim eacnamaíoch ina bhfuil an tír.

Aithním an méid bóthair achrannaigh atá romhainn amach, mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch ina bhfuil an tír. Geallaim don Teach go ndéanfaidh mise mo dhícheall mar Aire Stáit ar mhaithe le teacht i gcabhair ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Caithfimid a aithint, áfach, nach féidir linn fanacht slán ón anfa eacnamaíoch atá ag séideadh san am i láthair agus a bhfuil impleachtaí aige dúinne uilig go léir. Feictear dom go gcuidíonn na cinntí críochnúla atá tógtha ag an Rialtas le cinnteacht a chur in áit na héiginnteachta a bhí ann le tamall anuas agus go mbeimid in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin amach romhainn le dúthracht agus le dóchas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.