Seanad debates

Wednesday, 10 March 2010

12:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit agus tacaím go huile agus go hiomlán leis an méid atá ráite ag an Seanadóir Labhrás Ó Murchú, go háirithe lena ndúirt sé maidir le tábhacht Aire sinsireach a bheith ann don Ghaeilge agus gach rud a bhaineann leis agus le tábhacht an róil atá á imirt at an Teachta Éamon Ó Cuív, ach go háirithe. Is siombail é siúd agus is pearsantacht é a sheasann do an-chuid rudaí atá go maith agus tábhachtach laistigh de Phairtí Fhianna Fáil agus i saol poiblí na tíre.

Bhí beirt Aire i láthair ag an díospóireacht seo agus Gaeilge mhaith ag duine amháin acu ar a laghad. Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh daoine le Gaeilge imeasc cheannairí na tíre. Más rud é go bhfaigheann an Teachta dddd céim in airde bheadh sin tuilte go mór aige. Tá a fhios agam go mbeadh sé in ann a chuid dualgais a chomhlíonadh ar bhealach chuimsitheach agus comh fada agus bhaineann sé leis an teanga nach mbeadh aon chall ansin ach an oiread

Fáiltím go mór roimh fhógra an Aire maidir leis an ath-bhreithniú i gcás an Chaighdeáin Oifigiúla. Tá géar-ghá leis seo, go háirithe i gcomhthéacs na hathraithe a luaigh an t-Aire féin. Tá sé tábhachtach freisin a rá, go bhful fadhbanna beaga sa Chaighdeán Oifigiúil mar atá sé faoi láthair. Tá rudaí in easnamh ón gCaighdeán agus rudaí go bhfuil sé amhrasach fúthu. Tá rudaí nár éirigh leis teacht ar réiteach na fadhba ariamh maidir leo. Mar shampla nuair a thagann dhá ainmfhocal le chéile agus an chéad cheann baininscneach an ndeirtear "cúis mórtais" nó "cúis mhórtais"? Tá amhras sa Chaighdeán faoi rudaí mar sin agus tá liosta mór eisceachtaí ann. I gcónaí, bíonn gá le obair leanúnach maidir le teanga agus faoi mar a athraíonn sé imeasc an phobaill. Tá na fadhbanna ársa sheanchaite sa Chaighdeán mar atá sé faoi láthair agus beidh gá le hobair ansin. Guím gach rath orthu siúd a bhéas i mbun na hoibre sin.

Dúirt an Piarsach uair amháin, "The Irish people would do anything for the Irish language except learn or speak it." Tá súil agam nach bhfuil sin fíor sa lá atá inniu ann. Tuigimid uilig go bhfuil dea-mhéin imeasc an chuid is mó de phoball na tíre maidir leis an teanga Ghaeilge ach ní hionann sin agus cur chuige a bheith ann. Tá sé fíor thábhacht go mbeadh ceannaireacht leanúnach chuimsitheach chiallmhar ar fáil ón Stát maidir leis sin.

Sa chomhthéacs sin, luafainn an straitéis 20 blian. Is íontach ann é agus an 13 mholadh atá ann. D'fhéadfaí a rá go bhfuil dhá rud in easnamh ann. Níl struchtúr ceart sa straitéis le cén chaoi a gcuirfear i bhfeidhm í. Ar leibhéal an Rialtais, mar shampla, an é Roinn an Taoisigh a bhéas i gceannas ar chur chun cinn na straitéise? Tá fíor-ghá le pleanáil agus tá sin in easnamh faoi láthair.

Tá an straitéis easnamhach chomh maith sa mhéid is nach bhfuil aon rud ráite innti faoi earcadh fóirne. Tá sé ceart go leor a rá go mbeidh seo siúd agus eile déanta maidir leis an nGaeilge, mar shampla i gcúrsaí oideachais i gcomhthéacs choláistí samhradh agus mar sin de ach caithfimid díriú arís ar an Stát Seirbhís. Ó fuarthas réidh leis an riail go raibh Gaeilge riachtanach sa Stát Seirbhís i 1974, níl amhras ach go bhfuil teip agus meith maidir le húsáid na Gaeilge san earnáil phoiblí ó shin. Ní cóir nach mbeadh daoine in ann foirmeacha a fháil i nGaeilge nó seirbhís a fháil i nGaeilge más mian leo é. Tá an-chuid cainte faoi choirithe agus tá sin in-tuigthe, ach nuair a bhí an Ghaeilge riachtanach don earnáil phoiblí bhí daoine sa chóras a bhí in ann rudaí a dhéanamh tré Ghaeilge, foirmeacha a dhréachta agus a leagan amhach tré Ghaeilge agus mar sin de.

Nuair atá post á fhógairt san earnáil phoiblí, i mBord Soláthar Leictreachais, RTE nó sa Stát Seirbhís féin, ba cheart socrú a dhéanamh an é go mbeadh an Ghaeilge úsáideach don phost, an buntáiste a bheadh sa Ghaeilge nó an é go mbeadh an Ghaeilge riachtanach. Tá ról anseo ag an Choimisiún um Cheapachan Poiblí go gcaithfear "Gaeilge proofing" a dhéanamh. Nuair atá postanna á fhógairt san earnáil phoiblí ba cheart go mbeifear ag cur na ceiste seo. "An mbeidh an Ghaeilge riachtanach chun an job seo a dhéanamh i gceart, go háirid má tá aon idir-bheartaíocht leis an bpoball i gceist." Má tá aon duine ag deighleáil leis an bpoball ba chóir go mbeadh an Ghaeilge riachtanach dá phost. Caithfimid ful sa treo sin arís. Níl aon leisce orainn a éileamh go mbeadh an t-ard teistiméireacht nó céim sa Ghaeilge ag daoine. Bíonn riachtanais éagsúla ag baint le gach post. Cad chuige nach mbeadh an Ghaeilge lárnach imeasc na riachtanas sin.

Ba mhaith liom ceist Ollscoil Náisúnta na hÉireann, NUI, a lua. D'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta le déanaí go mbeifear ag fáil réidh leis an NUI, ach céard faoin ról atá ag an NUI i gcosaint na Gaeilge, go háirithe maidir leis an riail go mbeadh gá le Gaeilge chun freastal ar ollscoil de chuid NUI. Is é an NUI a chuir an riail sin i bhfeidhm i gcónaí, agus tá a fhios agam go bhfuil eisceachtaí ann. An bhfuil aon phlean chun an riail sin a chosaint agus a chur i bhfeidhm sa chás nach mbeadh an NUI ann. Níor chualamar aon rud ón Rialtas maidir leis sin.

Fáiltím leis an méid a léigh mé i The Irish Times inniu. Dúirt an t-úrlabhraí caoi, an Teachta Ring, go mbeadh aireacht iomlán don Ghaeilge dá mbeadh Fine Gael i gcumhacht, ach céard faoin méid atá ráite ag Fine Gael maidir leis an nGaeilge mar ábhar árd teistiméireachta? Má táimid dáiríre go mbeadh an Ghaeilge lárnach agus feiceálach sa tír agus go mbeadh dea-thoil ina leith caithfimid cinntiú go bhfuil an Ghaeilge riachtanach don ard teistiméireacht. Bheinn ag súil go mbeidh cúlú ag Fine Gael maidir leis an moladh polasaithe sin. Measaim go ndéanfadh sé an-damáiste don Ghaeilge dá mbeadh fáil réidh ann maidir leis an Ghaeilge a bheith riachtanach mar ábhar ard teistiméireachta.

Cuirim fáilte mhór leis an méid atá ráite ag an Aire. Cuirim fáilte chomh maith leis na háiseanna nua atá le fáil. Mar shampla, úsáidim féin www.focal.ie nuair a bhím ag scríobh altanna i nGaeilge. Caithfimid díriú isteach ar cheist scríbhneoireacht sa Ghaeilge. Bheadh sé an-tábhachtach go mbeadh bog earra ríomhaireachta ar fáil le go mbeadh sé éasca síní fada a aimsiú, mar shampla. Chuala mé le déanaí go bhfaigheann daoine litreacha ón Roinn Shoisialach, dddd nach mbíonn aon síne fada iontu. Sa chás go bhfuil ainm Ghaeilge ag duine úsáidtear an litir O agus apostrophe in ionad Ó le síne fada. Ní chóir go mbeadh sé amhlaidh in aon Roinn nó in aon áit san earnáil phoiblí. Tá súil agam nach bhfuil sin fíor ach sin a chuala mé.

Beimid ag iarraidh go mbeidh an Rialtas ag tabhairt cheannaireachta chaoi agus go mbeidh sé ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge feiceálach agus go mbeadh polasaithe leanúnacha cuimsitheacha aige le sin a chur i gcrích. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh an Ghaeilge feiceálach ar chomharthaí bóithre agus mar sin de agus ar ard-chaighdeán.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.