Seanad debates

Wednesday, 10 March 2010

12:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Cuirim fáilte roimh an Aire agus oifigeach na Roinne freisin. Tá áthas orm go bhfuil an chaoi seo againn chun ráiteas a dheanamh i dtaobh na Gaeilge, go mórmhór ós rud é go bhfuil seachtain na Gaeilge ar súil i láthair na huaire. Molaim na daoine atá i mbun an fheachtais sin mar tá ag eirí go h-ana mhaith le Seachtain na Gaeilge, beagnach coícís na Gaeilge, anois. Tugaim faoi deara gur daoine óga is mó atá i mbun na oibre. Tugann sé sin dóchas dúinn.

Nuair a bunaíodh coiste an Rialtais i leith na Gaeilge agus nuair a chuaigh an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcoiste sin, bhí sé soiléir go raibh stádas faoi leith á thabhairt ag an Rialtas don Ghaeilge agus go raibh an Rialtas dáiríre faoi aon rud a bheadh ag teastáil nó a bheadh le déanamh maidir le cur chun chinn na Gaeilge agus aitheantas a thabhairt don Ghaeilge freisin. Mar sin, is feidir linn bheith an-dóchasach i láthair na huaire maidir le stádas na Gaeilge. Ní raibh an scéal amhlaidh dar ndóigh sna 1960í agus sna 1970í. Bhí an-chuid rudaí diúltacha le clos ag an am sin. Go minic bhí naimhdeas ann i leith na Gaeilge, rud a chuir an-díomá orainn go léir. Tá athrú iomlán ann anois maidir leis an t-atmaisféar i dtaobh na Gaeilge. Tá sin an-shoiléir sa Teach seo. Tá an-dea thoil don Ghaeilge, tacaíocht don Ghaeilge agus comhoibriú maidir leis an Ghaeilge sa Seanad. Níor chuala mé riamh focal cáinte i leith na Gaeilge sa Teach seo; a mhalairt ar fad atá ann ó ghach taobh.

Is cuimhin liom nuair a bhíomar ag lorg stádais oibre oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach gur sa Teach seo a thosnaigh cuid den obair sin, le rún comhpháirtithe a ritheadh d'aonghuth. Ghlac an Dáil leis an dea-shampla a thugamar agus tharla díreach an rud céanna sa Dáil. Bhí gach páirtí ar thaobh an rúin. Ní dóigh liom go dtarlaíonn sin ró-mhinic. Chruthaigh sé go raibh ré nua ann don Ghaeilge agus nár bhain sí le polaitíocht pháirtí ná aon rud mar sin ach gur ghlacamar gur ár dteanga féin a bhí inti. Bhí sin níos soiléire fós nuair a ritheadh an Bille agus nuair a raibh an Acht nua againn, Acht na dTeangacha Oifigiúla. Arís, is cuimhin liomsa go raibh sin á plé ag daoine. Ní dóigh liom gur chreid mórán ag an am go dtarlódh a leithéid, ach tá sé ann anois agus tá sé á chur i bhfeidhm. Tá breis agus 600 comhlachtaí poiblí luaite ann a bheidh in ann seirbhís dhátheangach a chur ar fáil. Go dtí seo, de réir mar a thuigim, tá 100 scéimeanna curtha i bhfeidhm agus 30 á ullmhú i láthair na huaire. Tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn an-tapaidh déanta maidir le sin. Tá sin tábhachtach. Rud amháin é an Ghaeilge a mhúineadh sna scoileanna agus cumas Gaeilge a bheith ag daoine, ach muna mbeidh an timpeallacht féin á Ghaelú agus muna mbeidh seirbhísí ar fáil, beidh sé an-deacair an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú. Anois beidh daoine in ann dul isteach chuig oifig an phoist, nó an comhairle contae agus gníomhaireachtaí eile agus seirbhís a fháil trí Ghaeilge. Bhí roinnt mhaith cainte maidir le aistriúchán ar cháipéisí, ach ní raibh aon bhunús le cuid de na ráitis maidir le sin. Thug an tAire sampla den chostas a bhaineann le haistriúchán. Costas fíor-bheag atá ann dáiríre i gcomparáid le cuid de na figiúirí a bhí á fhoilsiú ag an am.

Tá cúis dóchais le feiceáil sna figiúirí ón daonáireamh deireannach freisin. Léirigh 42% de dhaoine go bhfuil cumas Gaeilge áirithe acu. Sin méid an-mhór - breis agus 1.5 milliún duine a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu. Tá an dréacht straitéis atá againn an-chuimsitheach go deo. An sprioc atá leagtha amach inti ná go mbeidh 250,000 duine taobh istigh de 20 bliain ag úsáid na Gaeilge go rialta. Sin trí oiread níos mó ná mar a bhí léirithe ag an am sa daonáireamh deireannach. Is sprioc an-mhór í sin agus ní féidir í a bhaint amach gan plean cuimsitheach. Sin díreach atá sa straitéis. D'úsáid an tAire an téarma "léarscáil bóthair", agus sin mar ba chóir é a bheith. Ní obair shimplí í seo. Caithfimid a bheith cúramach gan an iomarca stró a chur ar dhaoine teacht isteach ar na pleananna atá sa straitéis. Caithfimid iad a mhealladh chomh maith le gach rud eile. Má tá muid chun líonras 250,000 a bhaint amach, is cinnte go gcaithfidh an plean a bheith céimnithe agus go mbeidh muid in ann é a bhaint amach céim ar chéim.

An rud is mó a chuaigh i bhfeidhm ormsa maidir leis an dréacht straitéis ná go bhfuair na grúpaí ar fad atá ag saothrú na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh seans a dtuairimí a nochtadh. Mar shampla, tháinig seacht grúpaí os comhair an chomhchoiste Oireachtais lá amháin. Beimid ag leanúint ar aghaidh le sin inniu agus beidh Údarás na Gaeltachta ina measc. Chuaigh an comhchoiste go Conamara freisin agus tháinig 30 grúpaí isteach lena dtuairimí a nochtadh. Bhí beagnach gach grúpa a tháinig isteach báúil leis an straitéis agus dearfach ina taobh. Tá sin tábhachach mar muna mbíonn comhoibriú le feiscint ó ghach phairtnéir a bhaineann leis an Ghaeilge, ní bheidh an neart ann gur féidir linn a bheith againn. Tá áthas orm gur ar an mbunchloch sin atá an straitéis á thógáil.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, an moladh atá sa straitéis ná gur Údarás na Gaeilge a bheidh ann amach anseo. De réir mar a thuigim, ní hionann é sin agus a rá go mbeidh aon athrú bunúsach ar an obair a bhí á dhéanamh ag an t-údarás go dtí seo ach go mbeidh dualgaisí eile air freisin. Ós rud é go bhfuil roinnt oibre le déanamh i leith sin, tuigim nach mbeidh an toghchán don t-údarás ag tarlú díreach anois. Seans go dteastaíonn ón Aire níos mó ama a thabhairt i dtreo agus go mbeidh dul chun cinn ann maidir leis an údarás idir an dá linn.

Bhí an-áthas orm an méid a bhí le rá ag an Aire maidir leis an caighdeán oifigiúil agus an coiste atá á bhunú a chlos. Tá áthas orm go mbeidh rannóg an aistriúcháin lárnach san obair seo. Ba mhaith liom an rannóg a mholadh as an obair atá déanta aici go dtí seo. Gan rannóg den tsaghas sin agus téarmaíocht ag athrú chuile lá agus téarmaíocht nua-aimseartha ag leathnú, ní bheadh ar ár gcumas gnó a dhéanamh trí Ghaeilge go proifisiúnta. Nuair a bheidh an coiste ina shuí, tá súil agam go mbeidh an obair atá déanta ag an rannóg go dtí seo, agus atá le déanamh sa todhchaí, mar chuid lárnach den obair a bheidh ar siúl ag an gcoiste.

Ní bheadh sé ceart críoch a chur le ráitis ar an ábhar seo gan an cheist faoin reshuffle a lua. Tá súil mhór agam go mbeidh Aire sinsearach ann don Ghaeilge. Tá súil agam freisin go mbeidh Roinn faoi leith ann don Ghaeilge, ach ní hamháin don Ghaeilge. Molaim an Roinn iontach atá againn i láthair na huaire, ach tá cúrsaí pobail agus tuaithe i gceist chomh maith. Tá súil agam go mbeidh an Teachta Éamon Ó Cuív fós againn mar Aire, mar níl aon amhras faoi ach go bhfuil ard-mheas air ó Thuaidh agus ó Dheas, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ós rud é go bhfuil sé léirithe ag an Taoiseach agus an Rialtas go bhfuil siad go mór taobh thiar den Ghaeilge, beidh eolas acu ar an obair lárnach atá déanta ag an Aire, ach más rud é go mbeidh nithe eile á chur leis an Roinn, sin mar is fearr é.

Tá súil agam go mbeidh seans eile againn go luath leanúint ar aghaidh le ráitis mar seo mar tá an-chuid rudaí gur cóir dúinn a phlé agus staidéar a dhéanamh orthu. Nuair a bheimid ag caint leis an gCeannaire amach anseo, tá súil agam go mbeidh seans aige leanúint ar aghaidh ar an dul céanna ag tabhairt seans dúinne ráitis eile a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.