Seanad debates

Wednesday, 17 February 2010

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

 

8:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an Seanadóir Brian Ó Domhnaill as ucht na ceiste seo a thógáil tráthnóna. Mar ata a fhios aige, cuireadh tús le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge mar ata sí faoi láthair breis is 30 bliain ó shin. Bunaíodh an chéad choláiste Gaeilge 100 bliain ó shin agus bhí baint ag seanathair liom leis sin. Faoin scéim is féidir le mo Roinn deontas laethúil a íoc le teaghlaigh aitheanta sa Ghaeltacht a choinníonn ar iostas foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ag freastal ar choláistí Gaeilge samhraidh. Cúrsaí Gaeilge trí seachtaine a bhíonn i gceist go hiondúil agus is i mí an Mheitheamh, Iúil agus Lúnasa a eagraíonn na coláistí na cúrsaí. Íocann an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta deontas laethúil faoin scéim seo, chomh maith i leith foghlaimeoirí Gaeilge a bhíonn ag freastal ar roinnt bheag coláistí cónaithe ach ní bhíonn aon teaghlach ná bean tí i gceist sna cúrsaí sin.

D'fhreastal 25,162 scoláire ar chúrsaí Gaeilge - sa Ghaeltacht den chuid is mó dóibh - faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge sa bhliain 2009. Is léir go bhfuil leibhéal spéise forleathan i bhfoghlaim na Gaeilge i measc daoine óga. Sa bhreis ar sin, d'fhreastal 1,223 duine ar chúrsaí do dhaoine fásta agus 1,045 ar choláistí lasmuigh den Ghaeltacht. Le blianta anuas is léir go raibh freastal láidir ar na coláistí agus tá súil agam go leanfaidh an treocht seo sa bhliain 2010.

Ta ráite agam go minic go bhfuil scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar cheann de na scéimeanna is tábhachtaí a fheidhmíonn mo Roinn ó thaobh láidriú agus cur chun cinn na Gaeilge de sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Is léir go bhfuil beocht ar leith le hearnáil na gcoláistí Gaeilge le blianta beaga anuas. Bheinn an-dóchasach go mbeidh ar chumas na gcoláistí, i gcomhar le mo Roinn, deimhin a dhéanamh de go leanfaidh an scéal amhlaidh sna blianta amach romhainn.

Le caighdeán na gcúrsaí a chinntiú, ba mhaith liom a mheabhrú nach dtugtar aitheantas faoin scéim ach do na teaghlaigh sin a bhfuil mo Roinn sásta go bhfuil caighdeán ard Gaeilge ag gach ball don teaghlach. Ní leor, mar shampla, an Ghaeilge a bheith in úsáid sa teaghlach le linn cúrsaí amháin. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga an teaghlaigh i gcaitheamh na bliana. Dá bhrí sin tá an scéim seo fíor thábhachtach freisin ó thaobh buanú na Gaeilge de sa Ghaeltacht. Ta ionchur an-mhór ag an scéim freisin ó thaobh eacnamaíocht na Gaeltachta. Is tionscail ann féin iad na coláistí atá ag baint úsáide as an acmhainn is tábhachtaí ata sa Ghaeltacht. Tuigim go bhfuil suim léirithe ag roinnt mhaith teaghlaigh nua sa Ghaeltacht scoláirí a choinneáil faoin scéim, agus déanfar iarracht tairbhe na scéime a leathnú amach do na teaghlaigh sin freisin.

Is í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a thug aitheantas do na coláistí Gaeilge suas go dtí an bhliain 2009. Le tamall anuas, bhí cainteanna ar siúl idir an dá Roinn maidir le todhchaí na gcoláistí Gaeilge i 2010 agus ina dhiaidh. Tá áthas orm a rá go bhfuil toradh an-sásúil tagtha as na cainteanna sin anois. Faoin socrú nua, beidh cúraimí riaracháin na gcoláistí Gaeilge faoi chúram mo Roinn ó Feabhra 2010 ar aghaidh agus beidh mo Roinn freagrach as polasaithe a chur i bhfeidhm a chinnteoidh forbairt leanúnach ar na coláistí agus ard chaighdeáin sa chóras ina iomláine. Is í mo Roinn a bheidh freagrach freisin as aitheantas a thabhairt do na coláistí Gaeilge agus an riaracháin a bhainfidh leo.

Cuideoidh cigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le fiúntas an tsoláthair sna coláistí Gaeilge a chinntiú tri chlár cigireachta a reáchtáil i sampla de na coláistí Gaeilge ar bhonn bliantúil. Soláthróidh an chigireacht dearbhú cáilíochta maidir leis an soláthar i gcoláistí Gaeilge agus cuirfidh siad comhairle ar mo Roinn nuair is gá. Ta sé curtha rompu ag an gcigireacht meas ar a chéile agus muinín as a chéile a chothú idir an chigireacht agus pobal na gcoláistí Gaeilge, ar mhaithe le cumarsáid dheimhneach, phroifisiúnta a fhorbairt. Chuige sin, déanfaidh an chigireacht ard chaighdeán tuairisceoireachta a dheimhniú agus i ndiaidh tréimhse na cigireachta sna coláistí Gaeilge 2010, d'fheadfaí leagan deireanach na tuairisce a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Bhí cruinniú agam le CONCOS – scáth-eagraíocht na gcoláistí Gaeilge - ar an 15 Feabhra 2010, agus beidh mo Roinn ag scríobh go dtí na coláistí go léir go luath chun na socruithe nua uile a chur in iúl dóibh. Is céim suntasach é go mbeidh riaradh iomlán córas na gcoláistí Gaeilge, idir coláistí agus teaghlaigh nó na mná tí mar a thugtar orthu go minic, faoi chúram Roinn amháin feasta.

Ta áthas orm a chinntiú don Teach agus don Seanadóir go leanfaidh scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ar aghaidh i mbliana agus, go deimhin féin, ar aghaidh níos faide. Mar is eol don Teach, tháinig ardú suntasach ar an ráta laethúil a bhí iníoctha faoin scéim suas go dtí 2009 agus, ag cur an soláthar airgeadais atá ar fáil do mo Roinn i mbliana san áireamh, tá cinneadh déanta anois go mbeidh €10 in aghaidh an lae iníoctha leis na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoin scéim sa bhliain 2010, sé sin, laghdú de thart ar 5% nó 50c in aghaidh na hoíche. Ag an am céanna, is féidir liom a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis na díolúintí cánacha ata i bhfeidhm do na mná tí. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach do na mná tí agus sábhálann sé go leor obair cuntasaíochta. Leis na socruithe nua ata pléite le CONCOS agus a chuirfear i bhfeidhm i mbliana, is deimhin liomsa go gcuirfear go mór le héifeacht, luach ar airgead agus caighdeán na scéime sa bhliain 2010 agus sna blianta atá amach romhainn.

Beidh ról lárnach ag na coláistí i gcomhthéacs an straitéis 20-bliain don Ghaeilge agus tá se tábhachtach ó thaobh cur le héifeacht na gcoláistí go mbeidh an comhordú agus na cúramaí go léir a bhaineann leo faoi chúram Roinn amháin sna blianta amach romhainn. Ó d'ardaigh an Seanadóir an cheist liom maidir leis na campaí samhraidh, is féidir liom a dheimhniú go leanfaidh na campaí samhraidh Gaeltachta ar aghaidh. Creidim féin go bhfuil siad thar a bheith tábhachtach d'aos óg na Gaeltachta agus is féidir leis an Seanadóir a bheith cinnte de nach ndéanfaí aon fhaillí sna sampaí samhraidh sa bhliain 2010.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.