Seanad debates

Wednesday, 17 February 2010

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

 

8:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Gabhaim buíochas as an deis an rún seo a ardú maidir leis na coláistí Gaeilge agus an liúntas atá ar fáil ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta do mná tí na coláistí Gaeilge, nó do na teaghlaigh a choinníonn scoláirí faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge. Tá sean eolas agam ar an tionscal seo, mar nuair a bhí mé féin ag fás aníos agus mé óg, choinnigh mo mháthair na scoláirí Gaeilge gach bliain sa bhaile. Chomh maith le sin, tar éis dom an ardteist a dhéanamh, d'oibrigh mé roinnt blianta i gcoláistí Gaeilge i nGaoth Dobhair mar chinnire, fad agus a bhí mé ar choláiste. Bhain mé spraoi agus sult as na laethanta agus na blianta sin.

Tuigim an dá thaobh anseo, taobh na mná tí agus taobh na coláistí de bhrí sin. Tuigim go maith go bhfuil buntáiste substaintiúil ag baint le tionscal na coláistí Gaeilge. Is ceart tionscal a thabhairt air mar go bhfuil thart ar 25,000 scoláire ag freastal ar na coláistí Gaeilge. Cruthaíonn sin ioncam a bhaineann le tionscal Gaeltachta mar go mbíonn daoine ag teacht go dtí an Ghaeltacht - na scoláirí iad féin, na tuismitheoirí ag teacht thart ag an deireadh seachtaine agus teaghlaigh a freastalaíonn ar na ceantair fosta. Caitheann siad airgead sna bialanna, na tithe ósta agus sa cheantar go ginearálta. Tá buntáiste ag baint leis na coláistí don cheantar, don phobal áitiúil, do theaghlaigh agus do na mná tí. I ndáiríre, jab atá i gceist do na mná tí nuair a thagann na scoláirí thart gach bliain.

Ba mhaith liom buíochas a thabhairt don Aire, an Teachta Éamon Ó Cuív, as an dea-obair atá déanta aige ó ceapadh é mar Aire Stáit i 1997. Bhí sé ag plé leis an tionscal seo ó shin. Tá dul chun cinn suntasach déanta. Fiú nuair a bhí na mná tí ag iarraidh go mbeadh an ioncam a bhí siad ag saothrú glan ó cáin, rinne an tAire moladh ag an am agus fuair sé an cúiteamh cána ón Roinn Airgeadais. Bhí sin fógraithe sa cháinfhaisnéis roinnt blianta ó shin agus rinne sin difear ollmhór do na mná tí. Tuigim go bhfuil brú ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, brú níos mó ná riamh roimhe seo, de bhrí go bhfuil riaradh na scéime go huile agus go hiomlán anois faoi chúram na Roinne sin. Bhí deontas riaracháin ar fáil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta, ach cuireadh deireadh leis an deontas sin anuraidh. Cuireann sin brú breise ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ba mhaith liom aitheantas a thabairt do sin.

Tá athbhreithniú déanta ar scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i measc an phobal go ginearálta. Bhí go leor plé ar seo le seacht nó a hocht mí anuas ag coistí pobail ó foilsíodh tuarascáil Mac Cárthaigh i mí Lúnasa seo caite. Bhí moladh sa tuarascáil sin deireadh a chur le scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, le na coláistí Gaeilge agus leis an ioncam a bhí na mná tí ag saothrú as an foinse sin. Tá lúcháir ormsa nach Mac Cárthaigh a bhí ag déanamh an cinneadh agus go raibh deis ag an Rialtas an ionchur polaitíochta a bhí ag Fianna Fáil agus ag an Aire, an Teachta Ó Cuív, a chur i bhfeidhm. De bhrí an ionchur sin, níl deireadh á chur leis an scéim seo. Tá straitéis 20 bliain don Ghaeilge foilsithe a leagfaidh amach an teanga ar fud an Stáit sa 20 bliain amach romhainn. Tá aitheantas suntasach tugtha do ról na coláistí Gaeilge insan straitéis sin agus tá fhios againn go raibh ionchur mór ag an Aire ann. Fearaim buíochas dó as an méid atá insan straitéis a chinnteoidh ról na gcoláistí Gaeilge insan todhchaí.

Tuigim i mbliana go bhfuil brú ollmhór ar cistí Stát agus go gcaithfear ciorraithe de €4 billiúin a aimsiú tar éis an cháinaisnéise agus go raibh deacrachtaí ag na hAirí go léir ag tarraingt suas go dtí an cháinaisnéise. Tá sé cosúil le reáchtáil tí. Muna bhfuil an airgead ag teacht isteach go dtí an teach, ní féidir an airgead a scaipeadh thart. Dá bhrí sin beidh cinntí deacra le déanamh faoin scéim seo agus scéimeanna eile. Tá mé ag ardú na ceiste seo chun an éiginnteacht atá ann agus a bhí cothaithe ó áiteanna éagsúla a árdú agus soiléiriú a thabhairt go mbeidh an scéim ar fáil i mbliana agus fosta oiread airgead agus is féidir. Tá ardú suntasach tagtha ar an airgead a bhí ar fáil faoin scéim seo ón Roinn do na mná tí suas go dtí €10.50 i 2009, ardú substaintiúil. Táimid buíoch as an ardú sin agus tá súil agam nach mbeidh ionchur mór ag na ciorraithe ar sin i mbliana.

Ba mhaith liom, agus muid ag caint ar an ábhar seo, tagairt a dhéanamh fosta do scéim eile atá ag an Roinn, sé, sin scéim na gcampaí samhraidh. Scéim iontach tábhachtach é do ceantair Ghaeltachta, páistí Gaeltachta, na pobail agus don teanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.