Seanad debates

Thursday, 24 September 2009

Cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta

 

10:30 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Sinn Fein)

Seasaim chun aird an Teach a dhíriú ar na moltaí i dtuarascáil an bord snip nua maidir leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht. Ba mhaith liom go mhíneodh an Aire Stáit, an Teachta Curran, an gá leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, i bhfianaise na gciorruithe 58% nó €50 milliún atá molta ag an bord snip nua don Ghaeltacht agus dos na hoileáin, dearbhú a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge go mbeidh an Rialtas ag seasamh le chúig phrionsabal i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is iad na cúig phrionsabal ná Roinn na Gaeltachta a choinneáil faoi cheannasaíocht an Aire; cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil; oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint; scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá; agus ciste caiteachais a bheith ar fáil d'oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta ar nós an Ghaeltacht. Tá sé soiléir go bhfuil an bord snip nua ag lorg laghdú de 58% i gcaiteachas an Ghaeltacht agus na hoileáin. Tá sé sin i bhfad níos mó ná an ghnáth-laghdú - thart ar 8.3%, ar an meán - atá á lorg dos na Ranna eile. Ní cheart dúinn €50 milliún a tharraingt siar os na ceantair is iargúlta sa tír. Bheadh impleachtaí millteanacha i gceist don Ghaeilge agus don Ghaeltacht má cuireadh deireadh leis na scéimeanna seo.

Mar a dúirt mé leis an Aire Stáit taobh amuigh, sílim gur masla é nach bhfuil Aire nó Aire Stáit i láthair gur féidir leis nó léi an cheist seo a phlé i nGaeilge. Tuigim nach bhfuil Gaeilge ag gach éinne san Oireachtas, ach is é seo an chéad rún atá curtha síos sa Seanad le fada atá go hiomlán trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh an freagra le fáil go huile trí Ghaeilge agus go mbeimid ábalta mion-scrúdú a dhéanamh i nGaeilge. B'fhéidir go mbeidh níos mó le rá agam ar an cheist sin níos déanaí.

Tagann an rún seo ó feachtas atá á eagrú ag Guth na Gaeltachta, atá bunaithe i nGaeltacht Tír Chonaill, le cúpla seachtain anuas. Tá an bhfeachtas ag súil go mbeidh gach eagraíocht sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht sásta seasamh ar chúl na bprionsabal atá luaite agam. Táimid ag iarraidh déanamh cinnte de go mbeidh Gaeltacht láidir agus pobal Ghaeilge láidir againn sa todhchaí. Is grúpa trasphairtí agus neamhpholaitiúil é Guth na Gaeltachta. Ba mhaith liom sár-mholadh a thabhairt dóibh siúd atá ag stiúradh an ghrúpa. Tá sé iontach soiléir cén fáth nár cheart dúinn na ciorraithe seo a chur i bhfeidhm. Caithfimid Aire a choinneáil i Roinn na Gaeltachta, cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil agus oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint.

Níl mórán am agam. Mar a dúirt mé sa Seanad inné, caithfimid céim siar a ghlacadh chun smaoineamh ar an chineál tír gur mhaith linn a fhágáil i gceann deich nó fiche bliain, nuair a bheidh cúrsaí eacnamaíochta na tíre ag feabhsú. Má tá daoine ag obair arís, ní bheidh na brúnna eacnamaíochta sa tír is atá againn faoi láthair. Cén cineál tír a bheidh fágtha againn? Tá an dainséar ann gur tír aonteangach a bheidh againn. Beidh brú millteanach ar an Ghaeltacht, mar atá ag an phointe seo. B'fhéidir go mbeidh deireadh le chúrsaí Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht de bharr na ciorruithe seo. Ó thaobh oideachas na Gaeltachta de, tá sé soiléir go bhfuil an bord snip nua ag iarraidh deireadh a chur leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá an bord ag iarraidh scoileanna iargúlta nach bhfuil 100 dalta acu a dhúnadh. Is scoileanna beaga uilig atá sa Ghaeltacht. Níl scoileanna móra ann. Tá sé beartaithe ag an mbord cuid de chúramaí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a thabhairt go dtí an Roinn Oideachas agus Eolaíochta. Má tharlaíonn sin, níl dabht ar bith nach mbeidh seans á thabhairt don Ghaeltacht. Faoi láthair, tá an Roinn Oideachas agus Eolaíochta ag iarraidh deireadh a chur leis an luath-thumoideachas. Tá céatadán iontach beag de caiteachas iomlán na tíre, thart ar 0.5%, á chaitheamh sna ceantar Ghaeltachta. Níl an dearcadh ceart acu.

Tá mé i mo chónaí i nGaoth Dobhair, ag bun an sráid ina bhfuil an éastát tionsclaíochta lonnaithe. Bhí níos mó ná 1,500 duine fostaithe ann uair amháin, ach tá níos lú ná 1,000 duine ag obair ann anois. Ar a laghad, tá daoine fostaithe ann. Má théann cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta go dtí Enterprise Ireland, níl dabht ar bith ann ná nach bhfanfaidh na postanna sin i nGaoth Dobhair. Chruthaigh Údarás na Gaeltachta níos mó ná 900 post i 2007. Tharla an rud céanna anuraidh. Muna bhfuil foirne ag an údarás i nGaoth Dobhair agus in áiteanna eile i dTír Chonaill chun díriú isteach ar fostaíocht a chruthú, níl dabht ar bith ná nach mbeidh go leor postanna sna ceantair iargúlta Gaeltachta. Beidh ar muintir na Gaeltachta dul go dtí na bailte móra sa chontae, nó b'fhéidir go dtí áiteanna eile. Tá sé beartaithe freisin ag an mbord scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne, caiteachas caipitil agus cistí éagsúla eile a ghearradh siar, a laghdú nó a chur ar ceal.

Níl aon ciall leis, mar a dúirt mé. Sé an rud atá á iarraidh againn inniu ná go mbeadh an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta anseo inniu - níl sé, áfach, ach tá ráiteas ón Roinn agus tá sé sin ceart go leor - chun a rá an bhfuil an Rialtas sásta seasamh ar na cúig prionsabal, siad sin: an Roinn a choinneáil agus an Aire a bheith ann; cúrsaí fiontraíochta a fhágáil ag Údarás na Gaeltachta sa dóigh is gur tig linn sa Ghaeltacht déanamh cinnte de go mbeadh ar a laghad eagraíocht amháin dírithe ar fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht; oideachas Ghaeilge a choinneáil agus Gaeilge a chosaint; scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíona a choinneáil, cé nach bhfuil dabht ar bith go bhfuil leasú de dhíth ar cuid de na scéimeanna seo agus go gcaithfear iad a leasú; agus caiteachas a chur ar fáil le haghaidh infreastruchtúr a fheabhsú ar son daoine sna Gaeltachtaí, go háirithe ar na hoileáin. Fágfaidh mé é leis an Aire Stáit na ceisteanna sin a fhreagairt.

Comments

Simon MacGiolla Easpaig
Posted on 8 Oct 2009 2:05 pm (Report this comment)

Fair Play duit a Phiarais. Is mor an naire doibh nach bhfuil an abaltacht acu an Ghaeilge a labhairt agus freagair a thabhairt duit tre Gaeilge. Cen doigh an feidir ath-bheochain a dheanamh ar an Ghaeilge muna bhfuil ar n-Airi Stait fiu abalta i a labhairt i dtithi an Oirechtais?

Tabharagi tacaiocht do Guth Na nGael agus ar dteanga dhuchas.

'Tir Gan Teanga, Tir gan Anam'

Log in or join to post a public comment.