Seanad debates

Tuesday, 24 February 2009

Development of the West: Statements

 

5:00 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail)

Ba mhaith liom buíochas a chur in iúl don Seanadóir Ó Dochartaigh agus déanaim comhghairdeas leis as an tuarascáil seo a tharraingt le chéile. Bhí mé ag léamh na tuarascála le cupla lá anuas, ach ní raibh deis agam í uilig a léamh. Aontaím le go leor de na pointí atá pléite inti agus creidim go bhfuil an Seanadóir ag iarraidh tuairimí pobail na ceantair sin a chur chun tosaí. Déanann sé tagairt do lear rudaí a bhaineann le ceantair an iarthair, ó Dhún na nGall go Contae Ciarraí, a chuireann isteach ar na pobail ata ina conaí sna ceantair sin. Mar Chonallach, tá lúcháir orm go bhfuil an tuarascáil seo curtha le chéile agus os comhair an choiste.

Má fhéachann muid ar an phictiúr iomlán, tá tagairt déanta sa tuarascáil don ísliú ar an daonra iomlán sna ceantair, ó 1926 go 2002. Ar ndóigh, bhí daoine ag fágáil na ceantair sin de bhrí nach raibh na deiseanna acu agus a bhí ag daoine ina cónaí in áiteanna eile sa tír. Tá aithne mhaith againn uilig ar an t-am a d'fhág daoine muinteartha linn iarthar na hÉireann. D'imigh siad go Baile Átha Cliath, Béal Feirste nó go Corcaigh nó thar lear go Sasana, Albain nó na Stáit Aontaithe chun jabanna a fháil dóibh féin agus chun airgid a chur abhaile. Go minic, bhí na teaghlaigh a bhí fágtha ag braith ar an airgead a bhí ag teacht abhaile le fear an phoist go dtí na ceantair sin. Bhí sin amhlaidh i gceantair Dún na nGall sna blianta sin.

Tá lúcháir orm go bhfuil an Aire anseo inniu. Creidim go láidir san obair atá déanta aige, go háirithe ó 1997 nuair a thosnaigh sé amach mar Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Chonaic sé go raibh deacrachtaí ann agus go raibh pobail na Gaeltachtaí agus iarthar na hÉireann ag lorg cuidithe. Thug sé cuidiú do na ceantair sin tríd an obair a ndearna sé leis an scéim CLÁR a thabhairt isteach sa bhliain 2002 agus an réamh obair a ndearnadh roimhe sin. Chuidigh sin le cuid de na fadhbanna a luaitear sa tuarascáil a athrú sa mhéid go raibh tacaíocht ar fáil do cheantair nach raibh tacaíocht ar fáil dóibh roimhe sin. Chuidigh sin le misneach a thabhairt do dhaoine teacht abhaile agus jab a fháil dóibh féin agus clanna a thabhairt ar ais go dtí na ceantair tuaithe.

Tá lúcháir orm go bhfuil na figiúirí ag athrú anois. Mar a dúirt an Aire i dtaobh an daonáireamh i 2006, tá athrú ar na figiúirí agus ar an daonra atá ag teacht abhaile. Tuigim féin agus tuireann an Seanadóir Ó Dochartaigh, má amharcann duine ar áit cosúil le hOileán Arainn Mhór, i nGaeltacht Thír Chonaill, tá go leor teaghlaigh óga atá beo ar an oileán, daoine a bhí ag obair i Londain, i Meiriceá nó in Albain, a tháinig abhaile agus thug siad a chlann leo. Fiú an bainisteoir atá i gceannas ar an chomharchumann ansin ar an oileán, is duine í a tháinig abhaile. Ta cáilíochtaí aici, tá Gaeilge aici agus tá sí ag cur na Gaeilge chun cinn ar an oileán. Creidim gur cuid é sin den deá-obair a bhí déanta de thairbhe an phacáiste a chuir an tAire le chéile faoin teideal CLÁR.

Mar a dúirt an tAire, tá tacaíocht de dhíth ar na réigiúin. Tá clár forbairt tuaithe beartaithe agus €1 milliún geallta ag an Rialtas anois. Gabhaim buíochas don Aire as an obair a rinne sé chun an t-airgead sin a tharraingt anuas agus a chinntiú. Beidh níos mó ná €400 milliún ar fáil faoin scéim Leader suas go dtí 2013. Bhí mé ag ocáid inné sa dáilcheantar ina bhfuil mé féin i mo chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht agus bhí duine ansin a bhí ag obair i gceann de na comhlachtaí páirtnéireachta ag cur in iúl do ghrúpa pobail go bhfuil scéim agus deontais ansin agus go dtiocfadh leis na daoine sin cur isteach ar na deontais chun hallaí a thógáil nó gnóthaí beaga a fhorbairt. Sin scéim nach raibh ann go dtí an bhliain seo; cé go raibh an t-airgead ar fáil, ní raibh sé chomh fairsing agus atá molta faoin scéim Leader úr.

Sa tuarascáil, tagraítear do na bóithre agus rochtain ar na réigiúin. Tá sin tábhachtach agus aontaím go gcaithfimid a chinntiú go mbeidh rochtain againn. Tá na haerfoirt réigiúnacha an-tábhachtach, i gCiarraí, i nGaillimh, i Sligeach agus i dTír Chonaill. Tá sé tábhachtach go mbeidh ceangaltas ón Rialtas go leanfar leis an tacaíocht a thabhairt do na haerfoirt réigiúnacha agus go mbeidh infheistíocht déanta iontu. Creidim go bhfuil gá le breish infheistíochta in aerfort Thír Chonaill.

The report highlighted that access to the regions and broadband availability are vital. Eircom is rolling out and upgrading exchanges under the national broadband scheme. The Government has made a commitment to deliver the scheme within 21 months and it must be ensured that happens. If there are anomalies and shortfalls in the scheme, they must be addressed in order that broadband is available everywhere.

Senator Doherty acknowledged in the report the need for a cross-Border or combined university in the north west and I agree totally with that proposal. Under the Minister's leadership, third and fourth level education is bring provided in Gaeltacht areas such as in Ollscoil na hÉireann, Gallimh's base in Gweedore, Donegal. It is a marvellous development and this initiative must be developed further. I agree with the cross-Border proposal where, perhaps, the University of Ulster could link up with Ollscoil na hÉireann, Gallimh or the Letterkenny Institute of Technology. It would bring a cross-Border element to third level education.

From speaking to teachers and lecturers in the North and as someone who attended college there, I know its university structure is focused eastwards towards Belfast, not Derry, Coleraine or Omagh. We must assist the people in the North by pulling the focus towards the north west. Perhaps Letterkenny or Gaoth Dobhair could be the centre. I hope that ministerial co-operation will bring this about.

Mar fhocal scoir, tá súil agam go mbeimid in ann roinnt de na moltaí atá déanta anseo a úsáid. Ní aontaím leis na moltaí uilig ach measaim go bhfuil obair déanta anseo atá fiúntach. Rud ar bith a chuidíonn leis na réigiúin, ba chóir dúinn uilig a bheith ag comhoibriú le chéile chun é a chur i bhfeidhm. Má chuideoidh moltaí atá agam nó ag an Seanadóir Ó Dochartaigh nó ag an Aire nó ag duine ar bith eile le jobanna a chruthú sna réigiúin le daoine a choinneáil ansin, ba chóir dúinn uilig i gcónaí a bheith ag comhoibriú le chéile leis an áit a dhéanamh níos fearr do na glúine atá le teacht. Mar sin, measaim gur céim chun tosaigh é seo agus oibreoimid uilig le cheile le cuid de na spriocanna sin a bhaint amach. Tá mé cinnte ó bheith ag éisteacht leis an Aire go mbeidh seisean ag déanamh sin agus buíochas dósan as an obair atá déanta aige chun an taoide a thiontú. Tá dóchas láidir agam anois, leis an méid obair atá déanta le roinnt blianta, go bhfuil na réigiúin lárnach san aisling atá ag an Rialtas don todhchaí. Maidir leis an airgead atá á chaitheamh, sin sprioc atá á bhaint amach, mar atá soiléir san NDP go dtí 2013.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.