Seanad debates

Tuesday, 24 February 2009

Development of the West: Statements

 

4:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Chun críochnú — leaving out three quarters of the speech I was going to make — is dócha gurb é infreastruchtúr ar nós bóithre agus leathanbhanda an rud is tábhachtaí domsa. Tá gá le leathanbhanda chun seans a thabhairt do dhaoine tionsclaíocht agus fostaíocht a chur chun cinn ina áiteanna dhúchais fhéin. Táimid ag brath ar sin, fiú amháin ó thaobh turasóireacht de. Tugann a lán daoine an oifig leo nuair a théann siad ar saoire. Bíonn díoma orthu muna bhfuil 3G ar fáil ar a fón póca, nó muna féidir leo an laptop a úsáid, san áit ina bhfuil siad. Téann sé sin i gcoinne an áit. Is féidir linn a lán rudaí beaga a dhéanamh.

Impím ar an Aire gur chóir go mbeadh díospóireacht go minic, sa Teach seo nó sa Teach eile, ar an iarthar an fad, seachas dáilcheantair, áiteanna beaga, scéimeanna beaga agus feachtais beaga. It is hugely important to have a wide-ranging debate on the west of Ireland chun go mbeidh tuiscint ag muintir an iarthar go bhfuilimid ann dóibh agus go bhfuilimid sásta iniúchadh a dhéanamh ar na deacrachtaí ar leith a bhaineann le dul chun cinn agus forbairt réigiúnach. Braithim go bhfuil tús maith déanta againn leis an bhfeachtas seo agus an tuarascáil seo. Molaim go mór iad. Ba chóir dúinn feachtas a chur ar bun chun moltaí na tuarascála a scrúdú and to seek to have them implemented in any way we can. We should take something from them, make them work and make them real.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.