Seanad debates
Wednesday, 1 November 2006
Official Languages Act 2003: Statements
4:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Mar eolas dom féin, bheadh sé ina chuidiú dá mbeadh sé seo pléite. Is é an bhrí a bhaineann an Seanadóir as an vótáil ná go bhfuileadar ag iarraidh go mbeadh ainm nua amháin ar an mbaile, "Dingle Daingean Uí Chúis", agus gurbh é sin amháin a bheadh oifigiúil. B'shin an bhrí a bhain an Seanadóir as an bpobalbhreith. Muna bhfuilimid soiléir cé air a vótáil siad, beidh fadhb ann. B'fhéidir go bhféadfadh an Seanadóir a mhíniú cad é an cinneadh an fuaireamar.
No comments