Seanad debates
Wednesday, 1 November 2006
Official Languages Act 2003: Statements
4:00 pm
Joe O'Toole (Independent)
Caithfidh mé an méid seo a rá. Ó thosaigh an chonspóid seo, tá sé seo ráite agam. Mar nach bhfuilim i mo chónaí san áit sin, níor chóir go mbeinn á rá cad é ba cheart a bheith ann mar ainm. Fágaim é sin faoi mhuintir Dhaingean Uí Chúis, An Daingin, nó Dingle. Is é an rud atá á rá agamsa ná gur chóir don chinneadh a bheith déanta acu siúd.
No comments