Seanad debates

Wednesday, 1 November 2006

Official Languages Act 2003: Statements

 

4:00 pm

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

Fáiltím roimh an Aire, atá istigh sa Teach arís inniu, agus go mór leis an alt deireanach nuair a dúirt sé go raibh sé sásta an rud seo a phlé agus go n-éistfeadh sé leis na moltaí a bheadh ag teacht ó Chiarraí ar an cheist chasta seo, cé nach bhfuil sí chomh casta sin.

Is maith an rud é seo a chur ar an taifead inniu. Aontaím go mór lena lán de na rudaí atá ráite ag an Aire. Mar shampla, aontaím go mór leis an méid a dúirt sé dhá bhliain ó shin sa Dáil i rith Chéim an Choiste d'Acht na dTeangacha Oifigiúla. Dúirt sé go raibh locht ag baint leis an dlí mar a bhí agus go raibh doiléireacht mar gheall ar stádas oifigiúil ainmneacha áite Gaoluinne sna Gaeltachtaí. D'aontaigh gach aon duine leis sin.

An uair sin, chuireamar leasú síos ó Fhine Gael le go mbeadh dátheangachas ann sa tslí is go mbeadh stádas oifigiúil ag an ainm Gaoluinne. Níos mó ná sin, chuir Sinn Féin leasú eile síos le go mbeadh ainm dátheangach ann ach le tús áite ag an nGaoluinn. Sin an méid a dúirt an tAire anseo inniu. Dúirt sé gur chóir go mbeadh comhstádas leis an ainm. Níl a fhios agam go beacht cad is brí le "comhstádas" nuair nach bhfuil ach an t-aon ainm amháin in aon teanga amháin i gceist, ach tuigim an méid a bhí ar aigne aige. Bhíos go mór i bhfabhar tús áite a thabhairt don ainm Gaoluinne, agus dúirt mé é sin leis an Aire go minic an uair sin.

Where did it go wrong? Ag féachaint ar an gconspóid sa Daingean, mar a dúirt mé go minic leis an Aire, tá trí ainm againn ar an áit sin. Tá An Daingean, Dingle agus Daingean Uí Chúis ann. Úsáidim "An Daingean" i gcónaí cosúil le duine in north Wicklow a déarfadh "Newtown" i gcomhair "Newtownmountkennedy". Déarfadh duine eile "Carrick", and he might be talking about Carrick-on-Shannon if he lived near it, or Carrick-on-Suir if he lived near there. Dá gcuirfí ceist ar dhuine i mBaile Átha Cliath cad as a dtáinig sé, áfach, déarfadh sé "Carrick-on-Shannon" nó "Carrick whatever". Is é an tslí chéanna dúinn. Agus mé ag caint le duine ó m'áit dúchais féin anseo sa chathair, is "An Daingean" a déarfaimis lena chéile. Dá mba rud é go rabhas ag caint le aon duine eile, is "Daingean Uí Chúis" a déarfainn nó "Dingle". Tá áit ar leith ag na teangacha.

Ag féachaint ar an méid atá ráite ag an Aire, táim an-soiléir ar an méid seo. Nílim ag rá an mhéid seo chun conspóid a bheith agam leis an Aire. Táim cinnte sa mhéid seo. Maidir lena bhfuil ráite ag an Ard-Aighne, deireann sé mar gheall ar an bpobalbhreith nach bhfuil aon éifeacht dlíthiúil aici faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1946 agus 2001 mar nach féidir leis an bpobalbhreith an t-ordú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur ar ceal. That is a classic miscall. It is absolute truth, except that níl aon duine ar domhain ag iarraidh é sin a bhrú siar scornach an Aire. That is not what is going on here. Ní raibh pobalbhreith ag muintir Dhaingin Uí Chúis chun ordú a chur ar ceal. Ní hé sin an chúis gur thógadar an phobalbhreith nó gur chuir an chomhairle contae í ar siúl in aon chor. Ba é an rud a dheineadar ná é seo. Bhí pobalbhreith acu chun ainm nua a roghnú. Ní raibh siad ag déanamh aon cheangail idir an phobalbhreith agus Acht na dTeangacha Oifigiúla. Let us be clear that they are two separate issues. Unfortunately, they have been connected. Áit éigin eile, deireann an tAire nach cuid den phróiseas comhchomhairleach a bhaineann le Cuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla é. This is right. I do not know of any kind of próiseas comhchomhairleach atá i gCuid 5 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla seachas dul i gcomhair le Coimisiún na Logainmneacha. This is not part of that and nobody is saying it is.

For the Minister to keep emphasising that the plebiscite has no place in the Official Languages Act and that it is not part of a consultation process under the Act is correct but irrelevant. Ní bhaineann sé ar chor ar bith leis an méid a bhí ar siúl acu. Dheineamar plé air sin. Ní rabhamar in ann cúlú siar nó an t-ordú a chur ar ceal trí aon cheann de na próisis sin, agus is é sin an fáth gur chuamar go dtí na hAchtanna Rialtais Áitiúil.

Fuaireamar an méid seo amach. Ní chuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla na hAchtanna Rialtais Áitiúil ar ceal. The Act does nothing to reverse the Acht Rialtais Áitiúil. Mar atá fhios go maith ag an Aire, fiú san t-aon reference in aon chor atá ann, ní féidir le Acht na dTeangacha Oifigiúla aon chinneadh atá déanta faoin Local Government Act 2001 a chur ar ceal. Gan amhras, níl tús curtha leis an Local Government Act 2001, so níl aon relevance ag baint leis sin ach oiread. Ní chuireann Acht na dTeangacha Oifigiúla an tAcht Rialtais Áitiúil ar ceal, agus mar sin, b'fhíor don Ard-Aighne nuair a dúirt sé nach féidir leis an bpobalbhreith an t-ordú a chur ar ceal ach oiread. They are not connected and stand on their own two feet.

Ar an dtaobh eile den scéal, ní bhraitheann an tAcht Rialtais Áitiúil ar an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Níl aon stádas oifigiúil ag an Aire sin in aon cheann de na hAchtanna Rialtais Áitiúil. It is true for the Minister to say that he does not have to take direction from the plebiscite in Dingle to reverse the decision under the Official Languages Act. The two processes are separate. There is no process provided in the Act for the people to speak in the way they did.

Is é an rud a chuir isteach go mór orm ná go raibh Acht na dTeangacha Oifigiúla ag baint ó mhuintir na nGaeltachtaí a gceart sibhialta chun cinneadh a bheith acu ar ainm a n-áit dúchais féin. That was my point in getting involved. Dúirt mé gur cheart an ceart sin a thabhairt ar ais dóibh, and they can decide on whatever name they wish. Ní bhraitheann na hAchtanna ar a chéile. They are separate institutions. Ní dhéanann an próiseas san Acht Rialtais Áitiúil aon idirdhealú idir Gaeltacht agus Galltacht. That is an absolute fact, a legal fact. The Local Government Act 1946 makes no distinction between "Gaeltacht" and "Galltacht". The Minister knows what is listed, including civil parishes, localities, etc., ach ní dhéantar aon idirdhealú idir Gaeltacht agus Galltacht.

I am not raising these points for argumentation. Tá sé seo ráite agam tar éis dianscrúdaithe a dhéanamh ar an Acht agus dul i gcomhairle le habhcóide agus people of great distinction, in their own eyes at least, about the implications of the Act. Nothing I would put on the record today is incorrect and therefore a solution exists if we want it. Ní dhéanann an próiseas san Acht Rialtais Áitiúil aon idirdhealú idir Gaeltacht agus Galltacht. Is féidir leis an Rialtas cinneadh a dhéanamh.

Under the 1946 Act, the returning officer in the plebiscite makes the decision thereon and then the county council makes the application to the Government, rather than just to the Minister for the Environment, Heritage and Local Government or the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs. In this sense, tá an ceart ag an Aire nuair a deireann sé nach bhfuil an fhreagracht air chun éisteacht leis an plebiscite. Ó thaobh bhunphrionsabail an daonlathais de, chun aon rud a dhéanamh ba chóir dóibh dul i gcomhairle leis an bpobal, and in fairness to him, tá sé sin ráite aige go minic ó tógadh an plebiscite.

It is very simple. The 1946 Act sets out an absolutely legal process. It was incorrect for the Minister to say, at some stage, that the county council was not acting within the appropriate legislation. It was acting within the 1946 Act, as amended by way of the Act of 1953, the guidelines of 1956 and an amendment in the 1990s.

Under the process, a certain percentage must vote in favour of the proposal, which they did, after which the council makes an application for a change of name to the Government. This process is legal and sound in all sorts of ways. It is not correct to use the argument about the tie between the plebiscite and the Official Languages Act. The Minister is correct in that they are two separate issues and follow two separate patterns. There was no way to go through with it under the Official Languages Act. The Minister must therefore convince the Government go bhfuil the people of Daingean Uí Chúis, An Daingean nó Dingle, mar a ghlaonn sé air, ar aon aigne, nach mór, gur chóir an t-ainm a athrú. De réir dealraimh agus an mhéid atá ráite acu, is é an rud a theastaíonn uathu ná "Dingle Daingean Uí Chúis".

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.