Seanad debates

Wednesday, 1 November 2006

Official Languages Act 2003: Statements

 

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba mhaith liom glacadh leis an deis seo chun na fíricí a bhaineann le cás An Daingin a chur ar thaifead an Tí seo. Tá breis is 2,300 logainm clúdaithe faoin Ordú Logainmneacha (Ceantair Gaeltachta) 2004, agus, go bhfios dom, níl fadhb ná deacracht léirithe ach i gcás amháin, agus mar is eol don tír ar fad faoin tráth seo, is dócha, is é sin An Daingean i nGaeltacht Chiarraí.

Tá se tábhachtach go gcuimhneofaí gur foilsíodh dréacht den ordú roinnt míonna roimhré ar mhaithe le dul i gcomhairle le pobal na Gaeltachta. Teastaíonn uaim go mbeadh sé seo rí-shoiléir. Mar sin, bhí an deis ag páirtí ar bith aon tuairimí a bhí aige maidir leis an dréachtordú a nochtadh sula ndearna me an t-ordú. Mar thoradh ar an bpróiseas seo, fuarthas 33 aighneacht san iomlán ar an dréachtordú, a bhain le suas le 250 logainm. Cuireadh na haighneachtaí faoi bhráid Choimisiún na Logainmneacha, agus rinneadh roinnt leasuithe ar an ordú bunaithe orthu sin. Rinneadh an t-ordú ar chomhairle a fuair me on gcoimisiún.

Níor tháinig aon aighneacht chugam faoin Daingean nó Daingean Uí Chúis. Tá an-phlé déanta maidir le cé acu is cirte. Tá an leagan oifigiúil, "An Daingean", ag dul siar i bhfad. Bhí Pádraig Ó Siochfhradha, "An Seabhac", más buan mo chuimhne, iar-Bhall den Teach seo, mar chathaoirleach ar Choimisiún na Logainmneacha nuair a moladh "An Daingean" mar an leagan údarásach. Ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a rá nach raibh aon eolas ag an Seabhac ar Ghaeilge Chorca Dhuibhne. Lena chois sin, ní mór dom a lua go bhfuil "An Daingean" leagtha amach mar ainm an bhaile ar chomharthaí bóthair laistigh den Ghaeltacht ón mbliain 1970 anall, agus go bhfios dom ní bhfuarthas oiread is gearán nó aighneacht amháin ag clamhsán gur "Daingean Uí Chúis" ar cheart a bheith ann in áit "An Daingean".

Ba mhaith liom díriú anois go sonrach ar an bpobalbhreith a reachtáladh sa Daingean le gairid agus a tharraing go leor poiblíochta, ní amháin go háitiúil ach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, de réir na comhairle dlí atá faighte agam ón Ard-Aighne, níl aon éifeacht dlíthiúil, faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil 1946 agus 2001, ag an bpobalbhreith seo, mar nach féidir leis an bpobalbhreith an t-ordú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur ar ceal.

Agus é sin ráite, dúirt me go soiléir le toscaireacht ó Chomhairle Chontae Chiarraí, nuair a chas me léi i mí an Mheithimh i mbliana, nár bhain se liomsa an cinneadh a dhéanamh, ná aon tuairim a thabhairt ina leith, má bhí an chomhairle contae ag iarraidh pobalbhreith a reachtáil mar reifreann comhchomhairleach. Mheabhraigh mé don toscaireacht an uair sin, áfach, nach mbaineann an próiseas atá leagtha amach sna hAchtanna Rialtais Áitiúil leis an bpróiseas comhchomhairleach a bhaineann le Cuid 5 den Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Agus é sin ráite, dúirt me le baill na comhairle, dá dtiocfaidís chugam tar éis na pobalbhreithe, mar ionadaithe tofa an phobail, le hiarratas a bheadh indéanta faoin dlí, go mbeinn breá sásta staidéar a dhéanamh air. Ag an gcruinniú a bhí agam leis an toscaireacht ó Chomhairle Chontae Chiarraí i mí an Mheithimh, rinneamar plé ar thrí rogha éagsúil maidir le hainm oifigiúil bhaile an Daingin. B'iad na trí rogha sin: an t-ordú a athrú le "Daingean Uí Chúis" a chur in áit "An Daingean"; an tOrdú Logainmneacha a chúlghairm i gcás "Dingle" agus "An Daingean" amháin; agus "An Daingean" a athrú go "Dingle Daingean Uí Chúis".

Maidir leis an gcéad rogha díobh seo, is é sin an t-ordú a athrú le go mbeadh "Daingean Uí Chúis" ann in áit "An Daingean", an ceann is fusa. Níl aon deacracht agamsa agus tá sé seo curtha in iúl agam do Chomhairle Chontae Chiarraí. Dúirt mé léi siar i nDeireadh Fómhair 2004 go ndéanfainn é sin láithreach. Níor thángthas chugam ó shin, áfach. Tá sé mínithe agam do Chomhairle Chontae Chiarraí go bhfuiltear míchinnte maidir leis na himpleachtaí dlí a bhaineann leis seo. Is é sin, ní bheadh aon amhras ach go dtiocfadh sé ar ais go dtí Dingle. Níl mé cinnte cad a tharlódh don leagan Gaeilge. Tá breis comhairle á lorg agam anois ó Oifig an Ard-Aighne ina leith. D'fheadfaí go gcaillfeadh an leagan Gaeilge a stádas dlíthiúil ar fad. Ní bheadh sé féaráilte a rá le comhairle contae rud a dhéanamh muna mbeimis cinnte cén toradh a bheadh air.

Maidir leis an tríú rogha, is é sin "An Daingean" a athrú go "Dingle Daingean Uí Chúis", tá sé mínithe agam don chomhairle contae — agus ní mór dom é a rá go soiléir arís — nach féidir liom, faoin dlí, logainm dátheangach a cheadú do cheantar Gaeltachta. Tá sé curtha in iúl agam don chomhairle contae nach féidir liom ná leis an Rialtas glacadh le hiarratas uaithi ar éileamh a leithéid d'athrú a dhéanamh.

Ardaíonn sé seo an cheist cén fáth nach n-athraím an dlí. Mar atá ráite agam cheana féin, ar ndóigh, tá 2,300 ainm i gceist leis an Ordú Logainmneacha a rinne mé. Ó tharla go bhfuil an chuid is mó de na pobail Ghaeltachta sásta leis an méid atá curtha i gcrích maidir le stádas dlíthiúil a gcuid logainmneacha, bheadh sé i gcoinne an daonlathais dlí atá aontaithe ag an mhórchuid de mhuintir na Gaeltachta a athrú. Sin an áit a bhfuil an fhadhb. Ón bplé agus ón rud a chloiseamar — agus ní féidir le héinne a rá nach bhfuil a fhios ag an saol Fódhla maidir leis an ordú a rinneadh — ní léir go bhfuil aon éileamh nó míshástacht go ginearálta sna Gaeltachtaí, agus go mórmhór sna Gaeltachtaí láidre ina labhraítear an Ghaeilge mar theanga pobail. Mar sin, mar lucht déanta reachtaíochta, caithfimid breathnú ar an gceist sin.

Mar fhocal scoir, ós rud é gur iarr an phobalbhreith ar na toghthóirí vótáil ar aon rogha amháin, rogha atá dodhéanta faoin dlí i mo thuairim, scríobh mé chuig bainisteoir Chomhairle Chontae Chiarraí sula raibh an phobalbhreith críochnaithe, agus lorg mé cruinniú le comhairleoirí Chontae Chiarraí chun an dlí a bhaineann leis an gceist seo a mhíniú go soiléir, mar aon leis na roghanna réadúla atá ann dóibh a phlé. Sílim go bhfaighidh muid an bealach is fearr ar aghaidh má shuímid síos agus má bhreathnaímid go fíorchúiseach ar na fíor-roghanna atá ann taobh istigh den dlí. Má tá siad ag iarraidh an dlí a athrú, ba cheart dúinn é sin a phlé, agus míneoidh mé na próisis a gcaithfí dul tríothu agus an comhairliúchán a chaithfí glacadh le pobal i bhfad níos leithne dá mbeadh a leithéid sin i gceist.

Beidh mé ag casadh le comhairleoirí Chontae Chiarraí ar 17 Samhain 2006, agus tá súil agam go mbeidh plé réadúil tairbheach dearfach againn i dtaobh na ceiste seo. Tá socrú á dhéanamh freisin agam freastal ar chruinniú poiblí i mbaile an Daingin féin le deis a thabhairt don phobal an cheist a phlé liom go díreach. Nuair a bheas an plé sin ar fad déanta, tabharfaidh mé deis don chomhairle contae teacht ar ais chugam agus moltaí a dhéanamh. Tar éis dom na moltaí sin a fháil, déanfaidh mé scrúdú orthu, agus féachfaidh mé cén bealach is féidir linn dul ar aghaidh ón áit ina bhfuil muid.

Is é an áit ina bhfuilimid ná gur achtaíodh dlí sa Teach seo a thug, den chéad uair, stádas do logainmneacha Gaeltachta agus Gaeilge ar fud na tíre. Is fiú a aithint sa tír seo gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Ar 1 Eanáir, beidh sí ina teanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Ní raibh muid ach ag tabhairt stádas dlíthiúil cothrom do na logainmneacha Gaeilge ar fud na tíre. I mórchuid na gcásanna, b'shin iad na bunlogainmneacha, mar tagann an chuid is mó de na logainmneacha Béarla ón nGaeilge sa chéad áit.

Maidir leis an nGaeltacht, tá cás faoi leith ann. Mhol mé é, agus ghlac Tithe an Oireachtais leis sin. Nuair a bhí an díospóireacht ar bun sa Teach seo, iarradh orm go leor rudaí eile a dhéanamh maidir le comharthaíocht agus rudaí eile sa Ghaeltacht. Glacadh leis seo. Rinne mé dianmhachnamh ar an gceist seo maidir leis na comharthaí dátheangacha taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht agus na comharthaí bóthair. Shíl mé ag an am gur ghlac mé le comhréiteach a bhí meáite, is é sin, go mbeadh na léarscáileanna dátheangach agus na comharthaí mar a chéile taobh istigh agus taobh amuigh den nGaeltacht.

Go ginearálta — agus feictear dom go bhfuil glactha leis seo ar fud na Gaeltachta — tá fadhb sa Daingean agus sílim gurb é an t-aon réiteach air seo anois ná go bpléifear é seo leis an gcomhairle contae. Ina dhiaidh sin, éistfidh mé go beacht agus go cúramach le moltaí na comhairle contae. Nuair a bheas siad sin faighte agam, feicfidh mé céard is féidir a dhéanamh leis an fhadhb seo a réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.