Seanad debates

Wednesday, 5 April 2006

4:00 pm

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Cuirim fáilte roimh an Aire. Tá mé an-drochbhéasach faoi sin, agus is minic a dhéanaim dearmad ar a leithéid a rá.

Mar a dúirt an cainteoir deiridh, is iontach an rud é go bhfuil a leithéid de dhíospóireacht ar siúl anseo, agus is fiúé. Níl mé cinnte gurbh é an rud ab fhearr go mbeimis go léir ar aon aigne faoin nGaoluinn. Ba cheart dúinn a bheith ar aon fhealsúnacht faoi na rudaí is tábhachtaí, áfach. Tá beagnach gach éinne san dá Thigh den Oireachtas ar an meon céanna faoina dteastaíonn uainn. Is é a theastaíonn uainn ná go mbeadh an teanga dhúchais againn beo, á labhairt go forleathan agus, go speisialta, go leanfadh ar aghaidh mar phobal beo pobal na Gaeltachta ina bhfuil an teanga á labhairt fós.

Nuair a fhéachtar ar an Ghaeilge, is féidir féachaint ar an ngloine agus a rá go bhfuil sí leath-lán nó leath-fholamh. It is worth quoting some statistics os comhair an Tí. Tá 6,000 teanga sa domhan agus de réir na saineolaithe, half of those are inevitably going to die out. Den 3,000 atá fágtha, tá 90% acu i mbaol. Níl ach 300 teanga nach bhfuil i mbaol agus tá an Ghaeilge i measc leo. It is an interesting fact that with all of our limitations, failings and smart alecry, mar a dúirt Coimisinéir na Teanga, the last native Irish speaker has not been born yet and will not be for another few generations. We have not done as well as I would have wished but we have not done as badly as many would have us believe; that is the present situation.

Nuair a fhéachaim ar an rún ag Fine Gael atá os ár gcomhair, tá mórán ann lena n-aontóinn ach tá líne amháin ann nach féidir le Páirtí an Lucht Oibre a thacú— go ligfí do gach mac léinn tar éis an teastas sóisir rogha a bheith aige Gaeilge a thógáil san ardteist — agus mar gheall air sin ní bheimid ag vótáil ar son an rún. Ní aontaím leis sin.

There is a valid argument about the teaching of Irish in this State and what we want to achieve. We have never clarified our thinking properly about it. To call dramatically now for a sudden and fundamental change in the way Irish is treated in the leaving certificate is not appropriate. There is a case for a review and I am happy to take it away from examination agus gach rud mar sin go mbeadh ach sprioc amháin a bheith againn — go dtí an teastas sóisir ar a laghad — go mbeadh Gaeilge labhartha cumasach ag gach éinne ag fágáil na meánscoile nó ag fágáil na bunscoile. Dá sroichfimis an sprioc sin, d'fhéadfaí tosnú ag caint faoi cad is fiú an Ghaeilge sa chóras meánscolaíochta, go mór-mhór san ard teastas. If we could reach a stage where everyone could speak good Irish comfortably, we could then talk about choices but it is putting the cart before the horse to talk about that before doing the other.

In case there is an excess of optimism on the other side, I am not suggesting that the Labour Party will vote for the Government amendment either. Tá rudaí ann lena n-aontaím ach sa líne deireanach tá an abairt "believes that all parties should support reform of how Irish is taught in our schools rather than jeopardising the future of the language by calling for its status in our education system to be downgraded". Má tá daoine ar lorg comhaontaithe faoi conas a láimhseálfaimis an Ghaeilge, ní chuirfidís a leithéid ar an chlár. That is confrontational politics and the Labour Party will not vote for the amendment.

Bheadh Páirtí an Lucht Oibre sásta vótáil ar son na leasaithe ó na Seanadóirí O'Toole agus Quinn because something funny is going on. Dá mbeimis i ndáiríre faoi seo bheadh téacsleabhair den chaighdeán is airde ar fáil do gach éinne a dteastódh uaidh ábhar ag an mbunscoil, meánscoil nó ar an tríú leibhéal a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá mé amhrasach faoin phleidhcíocht atá ar siúl faoin ionad náisiúnta a gealladh do Bhaile an Bhúirne. Aontaím leis an Seanadóir O'Toole — someone in Dublin thinks Baile an Bhúirne is too far away, tá sé chomh simplí sin. Ceapann siad go bhfuil na Gaeltachtaí ró-fhada ó Bhaile Átha Cliath. Sin trioblóid atá ag gluaiseacht na Gaeilge le 80 bliain — is mór an trua nach bhfuil an Ghaeltacht in aice le Baile Átha Cliath agus bheadh sé i bhfad níos compordaí le Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath dá mba rud é nach raibh orthu taisteal agus iad féin a chur faoi míchompord le cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht. Murach sin cén fáth nach bhfuil an institiúid ar siúl?

Glacaim go bhfuil a lán daoine dáiríre faoin nGaeilge ach tá rudaí atá ag teastáil le blianta. Tá orainn athscrúdú bunúsach a chur ar siúl faoin dóigh a múintear an Ghaeilge sna bunscoileanna. The single most extraordinary assumption that bedevils the whole movement ar son na Gaeilge ná the assumption that the same curriculum can be taught in a Galltacht and a Gaeltacht school. In one case children are being taught — agus tá Gaeilge ag an chuid is mó díofa — about a language atá acu cheana féin. I bhformhór na scoileanna tá muid ag iarraidh teanga nua a chur ar fáil. To use the same curriculum in both cases is ridiculous.

We must bheith cinnte go bhfuil na daoine atá ag múineadh na Gaeilge compordach agus iad ag labhairt na teanga. That is not an unreasonable demand, it should be true of all languages. We would not ask people to teach French who could not speak it fluently. Caithfidh téacsanna a bheith ar fáil fosta.

Is fiú go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl. Tá difríocht beag idir mo pháirtí féin agus Fine Gael ach níl sé ró-mhór. Ba é Aire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre a chuir TG4 ar bun, an cinneadh is dearfaí ar son todhchaí na Gaeilge le 50 bliain anuas. Is é an t-athrú is mó ar dhearcadh an phobail faoin Ghaeilge agus faoi Ghaelachas ná go bhfuil seirbhís teilifíse phroifisiúnta bheo bhríomhar as Gaeilge ar fáil. An t-aon easpa ná nach bhfuil na hacmhainní a ba chóir ag TG4 agus mholfainn don Aire agus don Rialtas acmhainní TG4 a mhéadú go mór.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.