Seanad debates

Wednesday, 5 April 2006

4:00 pm

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Sheasadar an fód, agus chruthaíodar go raibh féin-mhuinín againn agus go raibh sé ar ár gcumas rud a dhéanamh ar cheap an-chuid daoine nach raibh sé indéanta. Tá sé déanta anois, agus níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé sin ag cabhrú go mór linn ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge de, agus tugann sé sin dóchas dúinn.

Tá gaelscoil anois i ngach uile chontae sa tír seo. Ní amháin go bhfuil siad ag dul i bhfeabhas, ach tá daoine ag feitheamh le fáil isteach sna gaelscoileanna, mar tá sé faiseanta an Ghaeilge a bheith ag duine. Tá sé soiléir go bhfuil ardchaighdeán oideachais ar fáil, ach tá focal eile thar a bheith tábhachtach ó thaobh na Gaeilge de. Táéiteas sna scoileanna sin atá ag teastáil ó na tuismitheoirí. Sin bua eile, chomh maith le TG4, ach tá bua eile fós ag dul leis na gaelscoileanna. Lasmuigh, tá na tuismitheoirí ceangailte leis an oideachas sin. Bíonn siad ag cabhrú leis na scoileanna. Bíonn siad istigh ansin ag iarraidh coiste a chur le chéile chun feabhas a chur ar na scoileanna. Is rí-annamh anois go mbíonn sé sin le feiscint, agus beidh na gaelscoileanna ag méadú chuile lá.

Tharla rud stairiúil sa Seomra seo anuraidh nuair a d'éirigh linn rún a chur le chéile ar son na Gaeilge ar ghlac gach páirtí anseo leis. Bhíomar ag troid chun stádas oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip, ach d'aontaíomar le chéile anseo. Nuair a bhí an Bille teanga á phlé, is beag cur ina choinne a bhí anseo. Is é an tAcht teanga an dul chun cinn a chruthaíonn go bhfuilimid dáiríre faoin Ghaeilge agus go bhfuil sé i gceist againn an timpeallacht a ghaelú trí seirbhísí a chur ar fáil.

Ar chreid éinne 20 nó deich mbliana ó shin go mbeadh stádas oifigiúil ag an Ghaeilge i gComhphobal na hEorpa? Ní dóigh liom gur chreid. Bhí coiste ann, áfach, agus molaim Conradh na Gaeilge, Foras na Gaeilge, agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, a tháinig le chéile. Cérbh iad na daoine a bhí amuigh ar na sráideanna sa léirsiú? Níor sheandaoine iad ach daoine óga a bhí ag lorg cearta don Ghaeilge. Chuireadar brú iontach ar gach éinne le cinntú go mbeadh stádas oifigiúil oibre ag an Ghaeilge san Eoraip, rud atá againn anois. Más rud é go bhfuilimid ag caint ar dhul chun cinn sa timpeallacht, tá an-dul chun cinn ann.

Ní hionann é sin agus a rá nach féidir linn feabhas a chur ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais, agus ba chóir dúinn taighde a dhéanamh air sin. Tugaim faoi deara go bhfuil geallúint tugtha ag an Aire go bhfuil sé i gceist aige taighde a dhéanamh agus béim i bhfad níos mó a chur ar chumas cainte. Ba mhaith liom an méid seo a rá, áfach. Ní ghlacaim leis gur easpa chumas cainte an fhadhb is mó ach easpa muiníne. Is minic a bhíonn bunchloch na Gaeilge ag daoine, an foclóir agus an ghramadach, ach tá easpa muiníne acu. Cad ina thaobh go bhfuil easpa muiníne ann? Táimid ag caint anseo faoi fhéinmhuinín mar náisiún, an rud is tábhachtaí. Seo ár dteanga féin, an teanga náisiúnta. Tá litríocht shaibhir sa Ghaeilge sin.

Ag am a bhfuil gach náisiún ar domhan ag iarraidh cinntiú go mbeidh an fhéiniúlacht náisiúnta chun tosaigh, an Ghearmáin, an Fhrainc agus gach tír eile, tá sé tábhachtach dúinne díreach an rud céanna a dhéanamh agus ár bhféiniúlacht náisiúnta a chosaint. Caithfimid rud amháin a sheachaint, áfach, a bhaineann le cuid de na deacrachtaí a bhí againn go dtí seo, agus is é sin dearcadh diúltach. Caithfimid a bheith cúramach nach dtagann an dearcadh diúltach i bhfeidhm orainn go hiomlán. Nuair a bhíonn an dearcadh sin ann, tá sé cinnte nach féidir rud dearfach a dhéanamh, mar beimid diúltach faoin teanga.

Is cuma cad a thagann as an díospóireacht seo. Ní dóigh liom go mbaineann tábhacht ró-mhor le haon vóta a bheidh anseo, slí amháin nó slí eile, anocht. Tá rud amháin tábhachtach, áfach, agus is é sin go leanaimid ar aghaidh aontaithe. D'fhéadfaimis treoir a thabhairt don náisiún, agus is féidir linn anois glacadh leis an dearcadh dearfach atá i measc an phobail ó thaobh na Gaeilge de. I ngach uile shuirbhé a rinneadh do dtí seo, bhí sé soiléir go raibh feabhas ag teacht ar an scéal. Tá níos mó daoine ag labhairt na Gaeilge agus ina fabhar. Tá níos mó tuismitheoirí i bhfabhar stádas ceart a thabhairt don Ghaeilge sa chóras oideachais. Tá súil agam, nuair a bheidh an díospóireacht seo thart, is cuma cad a thagann aisti, go mbeidh muidinne in ann leanúint ar aghaidh ag cabhrú agus comhoibriú le chéile agus nach mbeidh aon dearcadh diúltach ag dul amach as an Teach seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.