Seanad debates

Thursday, 24 March 2005

Death of Former Member: Expressions of Sympathy.

 

10:30 am

Photo of Brendan RyanBrendan Ryan (Labour)

Is beag eile atá le rá faoi Pól Ó Foighil, ach caithfidh mé a rá gur baineadh an-gheit asam nuair a chuala mé go raibh sé imithe uainn, cosúil le gach éinne. An-gheit eile a baineadh asam ná nuair a fuair mé amach na blianta a bhí curtha siar aige. Bhí sé dochreidte domsa go raibh sé i lár na 70s mar bhí an oiread sin fuinnimh aige agus bhí sé chomh gníomhach is a bhí riamh.

Bhí sé suimiúil an méid a dúirt Seanadóir Ó Tuathail faoi Pól ag éirigh as an múinteoireacht. B'fhéidir gur éirigh sé as ach níor stop sé riamh. Bhí sé i gcónaí gníomhach, i gcónaí ag déanamh rudaí nua. Tá eolas agamsa ar Ghaeltacht Chonamara; tá cairde agam thuas ansin agus chloisfinn ó am go ham faoi ghníomhachtaí Pól. B'fhéidir nár bhuail na daoine seo le Pól i gcónaí. An rud ba mhó a tháinig as gach rud a chuala mé faoi ná go raibh rudaí ar siúl aige agus bhí an scéal céanna ann nuair a bhí sé anseo.

Bhí Pól duine de na daoine ón Ghaeltacht a bhí mar shiombail d'athrú bunúsach a bhí ag teacht ar na Gaeltachtaí, 'sé sin go raibh féinmhuinín ag fás ins na Gaeltachtaí agus go raibh pobal agus muintir na Gaeltachta tosnaithe ag seasamh suas ar a son féin, ar son na teanga agus ar son pobal iargúlta scaipthe a chreid nach raibh an tír dáiríre fúthu agus go raibh an oiread sin "lip service" don Ghaeltacht gan gníomhaíochtaí ag dul leis. B'shin an rud ba mhó a chuimhin liom faoi. Bhí sé dáiríre faoi pobal na Gaeltachta, faoin teanga agus faoi úsáid na Gaelainne agus an ceart gur chóir a bheith ag duine ar bith sa tír aon ghnó a theastaigh uaidh nó uaithi a dhéanamh san Oireachtas, le rannóga Stáit nóáit ar bith eile, Ghaeilge a úsáid gan aon chead a lorg ó éinne. Chreid Pól gur cheart bunúsach, bunreachtúil é sin. Sin an fear is cuimhin liom. An rud is mó nach bhfuil méábalta glacadh leis ná an aois a bhí aige mar bhí sé chomh hóg i ngníomhachtaí, fuinneamh agus mar sin de. Tá sé dochreidte dom fós go bhfuil sé imithe uainn. Ar dheis Dé go raibh a anam uasail.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.