Seanad debates

Thursday, 24 March 2005

Death of Former Member: Expressions of Sympathy.

 

10:30 am

Photo of Joe O'TooleJoe O'Toole (Independent)

On behalf of the independent Senators, ba mhaith liom cúpla focal a rá chomh maith chun cur leis an méid atá ráite ag an gCeannaire agus Senator Brian Hayes. Is dócha gur cheart tosnú lena rá gur dhuine den scoth ab ea Pól Ó Foighil, duine go raibh i gcónaí sásta an fód a sheasamh le haon grúpa nó aon rud a raibh creidiúint aige féin ann. B'shin mar a bhí sé i gcónaí.

Sheas Pól go mór le muintir na Gaeltachta ar feadh na blianta aon uair go raibh an seans aige. Cé gur rugadh é i gContae Tiobraid Árann, chuaigh sé ar eisimirce go dtí an Ghaeltacht agus, ina intinn níor fhág sé an Ghaeltacht riamh i ndiaidh sin. Tríd na blianta, thóg sé suim in a lán feachtais agus bhí an méid sin díobh is deacair a chuimhneamh orthu ag an bpointe seo. Mhol sé feirmeacha gaoithe a chur ar na hoileáin, go mór mhór ar Oileáin Árainn. Bhí sé an-sásta a chur leis na Gaelscoileanna, scoileanna na Gaeltachta agus Gaelscoileanna sa Ghaeltacht.

Bhí am aige i gcónaí an fód a sheasamh le cúrsaí Gaelainne agus, níos tábhachtaí, cúrsaí Gaeltachta. Go minic, níor aontaigh mé leis an méid a bhí le rá aige faoi chúrsaí Gaelainne ach bhí mé i gcónaí ar aon intinn leis nuair a bhí moltaí aige ar chúrsaí Ghaeltachta.

Bhí Pól an-phraiticiúil chomh maith. Is cuimhin liom nuair a bhí mé san INTO, chuir sé chugam tuairisc a bhí déanta aige féin agus cúpla duine eile ó Ghaeltacht Chonamara faoin ndeacracht a bhí ag muintir na Gaeltachta teacht ar sheirbhís síceolaíochta sna scoileanna trí Ghaeilge; ní raibh seirbhís síceolaíochta le fáil ach i mBéarla. Chuir an Roinn sórt "pilot scheme" ar fáil ina dhiaidh sin, nuair a chuir muid an moladh chuige, a bhfuil ann fós. Sin toradh amháin as a lán eile as ucht na hoibre a rinne Pól Ó Foighil ar son na Gaeltachta.

Is íomhá maith é an meascán sin d'fheachtais a bhí idir lámha aige i gcónaí ar an sórt intinn agus aigne a bhí ag Pól, ag rith agus ag rás i gcónaí ag féachaint ar rudaí i slite nua. An rud a dúirt Seanadóir Brian Hayes, agus an rud an-tábhachtach a rá, bhí sé i gcónaí sásta teacht ar athrú aigne nuair a bhí sé soiléir dó go raibh athrú tagtha ar na tosca a bhí ann ar dtús nuair a tugadh an chéad chinneadh. Níor chuir U-turns isteach air riamh má cheap sé go raibh siad in ord tar éis éisteacht leis an bhfáth. Duine an-loighciúil ab ea é sa mhéid sin.

Is cuimhin liom deacracht a bhí aige féin ó thaobh pinsin. D'éirigh sé as a phost mar mhúinteoir agus chuaigh sé ag obair ar son na Gaeltachta. Nuair a shroic sé trí scór bliain d'aois, ba chóir go mbeadh fáil aige ar a phinsean ach bhí tosca athraithe idir an dá linn agus ní raibh sé in ann an pinsean a fháil. Bhí muid ag caint leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Airgidis go mór mhór, faoi. Bhí air dul ar ais ag múineadh ar feadh lá amháin chun é féin a chur ar ais ar leabhair na Roinne agus teacht ar an phinsean. Chuir muid glaoch ar chúpla scoileanna timpeall ar lár Chonamara chun job a fháil dó. Bhí orainn teacht ar bhord scoile a bhí sásta job a chur ar fáil ar feadh lá amháin do dhuine amháin.

Is cuimhin liom Pól ag labhairt sa Teach go minic agus go líofa ar na deacrachtaí ag baint le forbairtí na Gaeltachta. Labhair an Ceannaire faoi na coinníollacha a bhí ar intinn aige a chur ar dhaoine a chur isteach le cead pleanála chun tigh a thógáil sa Ghaeltacht. Bhí sé ar intinn aige go mbeadh sé mar choinníoll orthu Gaeilge líofa a bheith acu dá mba mhaith leo cónaí sa Ghaeltacht.

D'imigh Pól uainn mar a mhair sé. Ní raibh sé críochnaithe in aon chor. Bhí sé tosnaithe ar chanbhasáil mar Neamhspleách sna togháin d'Údarás na Gaeltachta an mhí seo chugainn. Nuair a bhí sé sa Teach seo, bhí suíocháin eile againn sa líne seo mar ní raibh fhios ag duine riamh ó sheachtain go seachtain an mbeadh Pól i bhFine Gael nó linne mar Neamhspleách. Níor chuir sé sin isteach nó amach orm ach caithfear a rá gur Blueshirt go bunúsach ab ea é. B'shin mar a bhí a chroí i gcónaí.

I offer our condolences to his party and his family. Pól made a great contribution to Irish life and will be sadly missed. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.