Seanad debates

Thursday, 25 November 2004

Order of Business (Resumed).

 

11:00 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Bheadh sé tráthúil anois cuireadh a thabhairt don Aire, an Teachta Ó Cuív, teacht isteach agus labhairt faoi na rudaí dearfacha atá ag tarlú maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Feicim le cúpla lá anuas go mbíonn mionfhógraí sna páipéirí maidir le comhionannas teanga, agus tá sé tábhachtach go mbeadh an t-eolas ar fad ag an Teach seo. Chomh maith leis sin, léigh muid sna páipéirí nach raibh éinne ag cur ina choinne maidir le stádas oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Eoraip. Bheadh áthas ar an Aire, an Teachta Ó Cuív, teacht isteach agus labhairt linn faoi na rudaí sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.