Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Leagtar amach in alt 3 na nósanna imeachta a bheidh le leanúint sa chás gur gá ceannach éigeantach, lena n-áiritear forálacha caighdeánacha maidir le fógra roimh ré, pleananna a thaispáint, fógra chuig daoine leasmhara, fiosrúchán poiblí, cuiteamh, eadráin, etc. Tá foráil san alt seo freisin maidir le cumhacht an Aire i ndáil le bainistiú agus oibriú aeradróm den sórt sin, nó, má údaraítear é le hordú arna dhéanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire lompair, i ndáil leis an bhfeidhm sin a bhronnadh ar eagras reachtúil, mar shampla, chuig údarás áitiúil nó chuig cuideachta a fhaigheann maoiniú nó cuidiú ón Státchiste.
No comments