Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Tugann alt 3 cumhachtaí don Aire i ndáil le haeradróim a sholáthar i dtaca le haersheirbhísí a chur ar fáil idir na hoileáin agus an mhórthír. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire lompair, talamh a fháil, trí aontú no go héigeantach, chun aeradróim agus saoráidí gaolmhara a thógáil, a fheabhsú, a leathnú nó a fhorbairt ar na hoileáin nó ar an mórthír más amhlaidh. Áirítear chun na críocha seo aon aeradróm atá ann cheana. Tá foráil ann freisin i leith maoiniú a dhéanamh ar na gnéithe seo.
No comments