Seanad debates

Wednesday, 3 December 2003

Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.

 

Feidhmeoidh an dara cumhacht maidir le haerstraicí ar na hoileáin mar chreatlach reachtúil faoina bhféadfaí forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí iompar aeir go dtí na hoileáin amach anseo ach cead an Aire Airgeadais agus an Aire lompair a fháil. Bhí an chumhacht chumasaithe seo san áireamh chomh maith i mBille an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna)(Leasú) 2001 nár achtaíodh sa deireadh agus tá sé á lorg anois i gcomhthéacs gealltanais i gclár aontaithe an Rialtais maidir le haersheirbhísí a chur ar fáil go dtí na hoileáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.