Seanad debates
Wednesday, 3 December 2003
Order of Business. - Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs (Powers and Functions) Bill 2003: Second Stage.
Tá an chumhacht maidir le seirbhísí paisinéirí bus ag teastail ar bhonn siarghabhálach chun faidhbe ultra vires a d'aimsigh Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit a leigheas agus rinneadh plé air le gairid ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí. Bhí i gceist díriú ar an ngné seo i gcomhthéacs Bhille an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna)(Leasú) 2001 nár achtaíodh. Go bunúsach tá an chumhacht seo ag teastáil sna cuinsí go bhfuil riachtanas ann paisinéirí a thabhairt ar aghaidh idir an phointe tuirlingthe/fágála ar an mórthír agus an t-ionad daonra is giorra. Is sampla den chineál riachtanas atá i gceist ná an conradh farantóireachta d'Inis Bó Finne. Tagann an bád i dtír ag Céibh an Chloiginn agus bíonn seirbhís bus ceangailte leis an gconradh chun na gasúr scoile ón oileán a thabhairt ar aghaidh go dtí an scoil i dTuam nó Mainistir na Coille Móire. Sampla eile is ea an tseirbhís bus go Gaillimh a chuirtear ar fáil do phobail Oileáin Arann nuair a thagann siad i dtír ag Ros an Mhíl. I láthair na huaire tá riachtanas mar seo ann i gcás ceithre cinn as 14 chonradh farantóireachta chomh maith le conradh aeir amháin.
No comments