Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Caithfidh na Seanadóirí breathnú, i gCéad Sceideal, ar an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí. Má dhéanann siad sin feicfidh siad go bhfuil na Ranna Stáit agus na heagraíochtaí Stáit ar fad luaite. Luaitear údaráis áitiula agus boird sláinte. Ansin déantar tagairt do na heagraíochtaí deonacha a fhaigheann an chuid is mó dá gcuid airgid ón gciste phoiblí. Beidh leasú a thabhairt isteach maidir le comhlachtaí a oibríonn faoi cheadúnas ón Stát. Nuair a bheidh sin ar fad cuimsithe, is mór an méid a bheidh déanta, ach níl comhlachtaí príobháideacha sa gcíall an gharáiste áitiúla agus mar sin luaite. Tá brí uafásach leathan a thabhairt i gCéad Sceideal ar an chiall a bhaineann le comhlacht poiblí.

Bhí imní orm nuair a bhí muid ag dréachtú an Bhille. Chuir mé ceist faoina heagraíochtaí deonacha ar fad atá ag fáil 90% dá gcuid airgid ón Rialtas. Tá go leor acu faoi chúram mo Roinn féin. Cá seasann siad? Tá soláthar déanta sa mBille don chineál eagraíochta sin, d'eagraíochtaí a dhéantar príobháideach agus d'eagraíochtaí a bhfuil feidhm i ndáil leis an phobal i gcoitinne acu. Tá seo clúdaithe. Níl muid ag dul na céime deiridh agus a rá leis an ngaráiste áitiúil plean Gaeilge a chur isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.