Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

Bíonn comhlachtaí príobháideacha i gcónaí ag déanamh suirbhéanna ar dhearcadh a gcustaiméirí. Tá an-chuid daoine a bhfuil an Ghaeilge á úsáid acu agus roinnt eile atá báúil don Ghaeilge. Ba chóir go mbeadh comhlacht sásta féachaint air sin mar rud atá tairfeach dó féin. Ní rud diúltach atá i gceist anseo. Caithfimid a bheith sásta dul i gcomhairle leis na comhlachtaí seo, ar leibhéal an-ard, le míniú dóibh go mbeadh an Stát ag súil go mbeadh seirbhís den saghas sin ann. Ní leor ráiteas a chur amach ná litir a scríobh nó, fiú amháin, gearáin a dhéanamh ach comhairle bunúsach a chur chucu go bhfuilimid-ne dáiríre faoi stádas na Gaeilge agus gurb é an tuairm atá againn ná gur chóir go mbeadh seirbhísí den saghas sin le fáil. Tá súil agam go mbeidh an tAire, am éigin, in ann féachaint air sin. Tá súil agam nach bhfuíl ins an Bhille seo ach tús agus go bhfuil sé i gceist againn forbairt agus leathnú a dhéanamh amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.