Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

Éiríonn fadhb shimplí eile. Phlé muid an cheist inné maidir le comharthaí a bheith i nGaeilge amháin. Bheadh sé sin iontach dá mba rud é go raibh an Ghaeltacht mar atá sé sainmhínithe in áiteanna ina bhfuil 90% den phobal ina gcainteoir Ghaeilge ó dhúchas. Tá áiteanna sa nGaeltacht faoi láthair nach bhfuil úsáid na teanga chomh forleathan. Tá mé ag díriú ar cheist na dteorannacha Gaeltachta mar tá áiteanna nach bhfuil ach 30% den phobal a labharann an Ghaeilge go laethiúil. Tá sin trí oiread níos airde ná an áit is airde taobh amuigh den nGaeltacht agus mar sin bhí tionchar ag an stádas Gaeltachta ar an cheantar sin. An bhfuil an Seanadóir a rá in áit mar sin má chuireann dochtúir in ionad sláinte comhartha dátheangach suas go mbeidh sé in aghaidh an dhlí? Sin an fhadhb atá agam leis seo agus sin an fáth go bhfuil an solúbthacht ann. Beidh sé leagtha síos agus cuirfear i bhfeidhm é trid an gcoimisinéir go mbeidh ar chomhlachtaí, ag brath air láidreacht na Gaeilge sa cheantar, seirbhís de leibhéalacha éagsúla a chur ar fáil taobh istigh den nGaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.