Seanad debates

Wednesday, 9 April 2003

Official Languages (Equality) Bill 2002: Committee Stage (Resumed). SECTION 9.

 

10:30 am

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

An rud atá i gceist ná in aon chomhlacht, ag brath ar an gcomhlacht agus na dualgaisí atá air, beidh dualgaisí ar leith air i leith na Gaeilge. Ní shin le rá go mbeidh air gach seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge nó trí Bhéarla. Tá nós ag mo Roinnse nach gcuireann sí ach leaganacha Gaeilge den fhoirm dheontais tithíochta ar fáil i nGaeilge, ar tharla gur deontas tithíochta Gaeltachta atá i gceist agus go bhfuil cailíocht Gaeilge ag teastáil leis an ndeontas a fháil sa gcéad dul síos. Sin seirbhís a chuirtear ar fáil as Gaeilge amháin ach is seirbhís scríofa í. Thiocfadh leis an Roinn duine a fhiosrú faoin ndeontas i mBéarla. Má labharann an iarrthóir i mBéarla, labhartar ar ais leis i mBéarla.

Má thógaimid ospidéal mar shampla, beidh ar ospidéal i nGaillimh riarsheirbhísí a chur ar fáil nach bhfuil siad ag cur ar fáil trí mheán na Gaeilge nó trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla, ag brath ar an tseirbhís atá i gceist. D'fhéadfadh sé bheith istigh sa bplean nach gcaithfeadh an príomhanailísí ar rud éigin teicniúil seirbhís a chur ar fáil i nGaeilge go béal mura mbeadh Gaeilge ag an saineolaí áirithe sin.

Soláthraíonn an Bille seo deis déileáil leis na ceisteanna casta seo. Tá idirdhealú, ní amháin idir an tseirbhís a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, ach ar an mhó a chuirfear ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.

Mar a phlé muid inné, beimid ag éilimh má chuirtear comhfhreagas i nGaeilge go bhfaighfear freagra i nGaeilge agus beidh sin forleathan. Is rud éagsúil ar fad é agus duine ag caint ar sheirbhís ó speisialtóir mar ní féidir an t-éileamh céanna a dhéanamh mar muna bhfuil an teanga ag an duine sin, ní féidir a éilimh go labharfaidh sé teanga nach bhfuil aige. Is le teacht thar an dua leis an iliomad casta deiseanna agus fadhbanna sin go bhfuil an soláthar ann go ndéanfar go leor seo trí rialacháin ar lámh amháin de agus, ar an dtaobh eile den scéal, trí phleanáil. Níl aon mhíniú eile leis seo. Ní hé nach mbeidh dualgas é ar roinnt comhlachtaí aon seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. Beidh sin ginearálta ó thaobh comhfhreagrais agus staisiúineoireachta de.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.