Seanad debates

Thursday, 17 October 2002

Parliamentary Committees: Motions.

 

10:30 am

Photo of Labhrás Ó MurchúLabhrás Ó Murchú (Fianna Fail)

Tá suim agam sa chóras aistriúcháin a bhí ag na coistí mar is cuimhin liom go dtí seo go raibh deacrachtaí teichniúla ann, go mór mór sa choiste a bhíonn ag plé cúrsaí Gaeltachta, cúrsaí cultúir, cúrsaí ealaíona agus cúrsaí Gaeilge. Bheadh daoine ann agus bheadh leisce orthu Gaeilge a labhairt toisc go mbeadh daoine i lathair nach raibh cumas na Gaeilge acu agus ní bheadh córas aistriúcháin ar fáil. Tá súil agam go mbeidh córas aistriúcháin ann agus go mbeidh sé éifeachtach. Tá sé thar a bheith deacair cúrsaí Gaeltachta a phlé gan bheith in ann na cúrsaí sin a phlé as Gaeilge.

I am interested in the translation service because we have had a lot of technical difficulties there. When dealing with cultural matters and matters relating to the Irish language and the Gaeltacht, many Members would wish to speak in Irish but would be a bit reluctant to do so because others might not be able to follow the debate. I hope that problem will be corrected in the coming session.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.