Dáil debates

Thursday, 4 December 2025

Ceisteanna Eile - Other Questions

Cúrsaí Tithíochta

3:25 am

Photo of John ConnollyJohn Connolly (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

17. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cé na féidearthachtaí atá ann d'Údarás na Gaeltachta obair le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla chun tacú le tógáil tithíochta do phobail Ghaeilge mar atá curtha san áireamh sa phlean Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [68405/25]

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táim ag tógáil na ceiste seo ar son an Teachta John Connolly. Mar is eol don Aire, tá géarchéim thithíochta ann sa Ghaeltacht. Cén féidearthachtaí atá ann d'Údarás na Gaeltachta obair le hUisce Éireann agus le húdaráis áitiúla chun tithíocht a thógáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, go háirithe leis an bplean Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030?

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Cearúil agus leis an Teachta Connolly. Aithníonn an Rialtas go bhfuil fáil ar mheascán oiriúnach de thithe cuí ríthábhachtach chun inmharthanacht pobail rathúla Gaeltachta a chinntiú. Dá réir, foilseofar ár ráiteas náisiúnta pleanála do thithíocht sa Ghaeltacht chun soiléireacht agus leanúnachas a chur ar fáil den chóras pleanála maidir le cosaint na Gaeilge. Gealltar sa chlár Rialtais go leanfar ag obair le hÚdarás na Gaeltachta agus le páirtithe leasmhara eile chun a chinntiú go bhfuil soláthar leordhóthanach tithíochta agus seirbhísí pobail ar fáil sna ceantair Ghaeltachta. De réir Acht na Gaeltachta, 2012, tá an t-údarás freagrach as forbairt eacnamaíoch, teanga, sóisialta agus cultúrtha laistigh de na 26 limistéar pleanála teanga. Tacaíonn Údarás na Gaeltachta le níos mó ná 9,000 fostaithe i gcliantchomhlachtaí dá chuid.

Beidh soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge atá fostaithe sna comhlachtaí seo, sa tionscal, i ngnóthaí eile san earnáil phríobháideach agus i gcomhlachtaí san earnáil phoiblí ag feidhmiú laistigh den Ghaeltacht ríthábhachtach sa Ghaeltacht. Tá sé seo mar rún againn chun deis a thabhairt do chainteoirí Gaeilge fanacht ina gcónaí sa Ghaeltacht.

Ina theannta sin, tá Údarás na Gaeilge le roinnt blianta anuas tar éis saineolas a fhorbairt maidir le cúrsaí fuíolluisce tríd a bheith ag freastal ar a gcuid líonra páirceanna gnó agus le heastáit tionsclaíochta atá faoina chúram. Tá sé i gceist go ndéanfar measúnú ar an fhéidearthacht go bhforbródh Údarás na Gaeltachta, in éineacht le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla, suíomhanna seirbhísithe ó phunann maoine an údaráis a bheadh feiliúnach do thithíocht do chainteoirí Gaeilge laistigh de na limistéir pleanála teanga. Tá sé ar intinn agam go mbeidh cruinniú agam le príomhfheidhmeannach an údaráis chun an teagmháil sin le hUisce Éireann agus an gá le comhoibriú idir an dá eagraíocht a phlé, ní hamháin do chúrsaí tionscail ach do chúrsaí tithíochta freisin.

3:35 am

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is dea-nuacht é sin. Mo bhuíochas leis an Aire go bhfuil sé ag buaileadh le príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta le breathnú air seo agus ar na féidearthachtaí atá ann. Mar is eol dó, tá grúpaí éagsúla ann ar nós BÁNÚ agus Tinteán atá ag déanamh iarracht an cás seo a chur os comhair an phobail. An cás ná nach bhfuil tithíocht nó cead pleanála á fháil ag muintir na Gaeltachta agus go bhfuil sé deacair dóibh fanacht sa Ghaeltacht agus go mbeadh daonra óg sa Ghaeltacht freisin. Tá sé sin fhíorthábhachtach go háirithe do thodhchaí na Gaeltachta agus go mbeadh sé tarraingteach do dhaoine óga agus do phobal labhartha na Gaeilge chomh maith b’fhéidir bogadh go dtí an Ghaeltacht. É sin ráite, fáiltím roimh an dea-nuacht ar maidin go mbuailfidh an tAire leis an bpríomhfheidhmeannach agus go mbreathnóidh sé ar na féidearthachtaí atá ann ó thaobh pleanála de.

Photo of Conor McGuinnessConor McGuinness (Waterford, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios agam go bhfuil an tAire an-dáiríre agus tiomanta mar gheall ar an gceist áirithe seo. Tá an plean tithíochta a nochtaigh an tAire tithíochta cúpla seachtaine ó shin lag ina iomlán ach tá sé thar a bheith lag i dtaobh cúrsaí Gaeltachta ach go háirithe. Ba mhaith liom rud éigin a chur ar an taifead anseo. Tá dhá píosa talún sa Rinn, i nGaeltacht na nDéise, ceann amháin gur leis Údarás na Gaeltachta í agus ceann eile gur cheannaigh an chomhairle áitiúil le tamall anuas. Tá na seirbhísí uisce timpeall orthu. Chun a cead a thabhairt d’Uisce Éireann, tá infheistíocht an-mhór curtha isteach aici sa Rinn le cúpla bliain anuas. Tá córas iomlán séarachais nua timpeall air seo agus tá cosáin. An rud atá in easnamh ná toil pholaitiúil ón Rialtas seo chun dul i ngleic leis seo agus tithe a thógáil. Tá an t-údarás áitiúil tar éis iarratas a chur isteach sa Sean Phobal, an dara leathpharóiste i nGaeltacht na nDéise, i gcomhair tithíocht shóisialta. Tá sé sin fós leis an Roinn, cúig bliana i ndiaidh don iarratas dul isteach. Is í sin an fhadhb atá ann i dtaobh an ghéarchéim tithíochta.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Aontaím leis an Teachta agus táimid ag iarraidh é sin a phlé. Ar mhiste leis an Teachta McGuinness na sonraí sin a chur chugam go díreach agus déanfaidh mé iarracht breathnú orthu? Is é sin an saghas ruda go gcaithfimid obair air; áiteanna a bhfuil talaimh agus sites cosúil leis sin ann. Pléifidh mé an píosa le príomhfheidhmeannach an údaráis nuair a bhuailim leis. Tá sé tábhachtach go mbainfear úsáid as an talamh atá ag an údarás nach bhfuil sé ag úsáid do chúrsaí tionscal. Tá sé tábhachtach freisin go leanfaidh sé ar aghaidh leis na pleananna tionsclaíochta agus poist a chruthú sa Ghaeltacht. Tá talamh ar fáil le haghaidh tithíocht nach mbeidh an t-údarás in ann a úsáid le haghaidh cúrsaí gnó nó fostaíochta. Ba cheart go mbeadh muid in ann é sin a dhéanamh. Tá sé tábhachtach freisin go bhfuil tuiscint ní hamháin ag an údarás ach ag na húdaráis áitiúla nó na comhairlí contae áitiúla faoi chomh réidh is atá na talún sin agus na sites sin. Beidh suim agam na sonraí on Rinn a fheiceáil.

Photo of Naoise Ó CearúilNaoise Ó Cearúil (Kildare North, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Nuair a bhreathnaímid ar ról an údaráis go dtí seo agus poist á gcruthú aige, is dócha go bhfuil sé deacair poist a chruthú nuair nach bhfuil éinne ann chun obair sna poist sin. Go dtí seo, bhí mise ag ceapadh an t-am ar fad go raibh na cumhachtaí sin ag na comhairlí áitiúla ó thaobh cead pleanála de agus ó thaobh pleanáil timpeall an chontae, go háirithe sna contaetha sin a bhfuil Gaeltacht iontu. Is léir, áfach, nach raibh na comhairlí contae go dtí seo ag déanamh idirdhealú idir an Ghaeltacht agus áiteanna eile nach bhfuil sa Ghaeltacht maidir le dul chun cinn na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta agus cead pleanála a thabhairt dóibh sin i gcomparáid le daoine atá ag tógáil tithe samhraidh, mar shampla. Fáiltím go mór roimh an méid atá ráite ag an Aire inniu. Ba bhreá liom cloisteáil conas a éiríonn leis an gcruinniú sin leis an bpríomhfheidhmeannach, más féidir an t-eolas sin a roinnt linn ina dhiaidh, agus faoin obair a dhéanfaidh an t-údarás agus an Roinn lena chéile as seo amach.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táimid ag obair leis an údarás ach tá sé tábhachtach go bhfuil na húdaráis áitiúla ag obair freisin agus go bhfuil siad ag cur béime ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus ag obair leis an Roinn tithíochta. Beidh mé ag obair leis an Aire tithíochta ar an bhfadhb seo agus ar an dúshlán. Tá sé tábhachtach go bhfuil cinnteacht againn faoi stádas na talún sin agus faoi stádas na sites atá ag an údarás agus fios a bheith againn an bhfuil siad réidh don pleanáil. Luaim ní hamháin cúrsaí seirbhíse, cúrsaí uisce nó séarachais ach freisin dlí pleanála agus gach rud mar sin. Is é seo príomhthosaíocht na Roinne tithíochta agus beidh mé ag obair leis an Aire. Tuigeann sé. Bhí cruinniú ag an mbeirt againn le BÁNÚ agus le Tinteán i rith an tsamhraidh faoi seo. Beimid ag obair agus beimid ag cur béime air sin. Má tá sonraí ag aon Teachta faoi thalamh nó faoi site sa Ghaeltacht, iarraim orthu na sonraí sin a chur chugam agus déanfaidh mé obair orthu.