Dáil debates
Thursday, 10 July 2025
Ceisteanna Eile - Other Questions
Scéimeanna Tacaíochta
4:45 am
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
89. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta chun scéim na mbóithre áise a chur ar fáil arís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38150/25]
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Nuair a bhí scéim na mbóithre áise ag feidhmiú cheana féin, bhí sí an-chabhrach do phobal na Gaeltachta. Déanadh athchóiriú ar bhóithre ar fud na nGaeltachtaí. Cén dul chun cinn atá déanta anois chun an scéim sin a oscailt agus a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta arís?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tuigim go mór cé chomh tábhachtach is a bhí scéim na mbóithre áise le haghaidh mhuintir na Gaeltachta. Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht a cheiste fúithi. Mar a bhí luaite sa fhreagra i mí an Mhárta 2025, tá scéim na mbóithre áise curtha ar fionraí le roinnt blianta anuas. Faoin scéim sin, chuirtí airgead ar fáil do na húdaráis áitiúla ar mhaithe le hobair dheisiúcháin a dhéanamh ar bhóithre cáilithe faoi leith sa Ghaeltacht. Idir an dá linn, bhí agus tá maoiniú ar fáil faoin scéim feabhsaithe áitiúil, nó LIS, de chuid mo Roinne chun cabhrú le húdaráis áitiúla obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar bhóthair neamhphoiblí agus ar bhóithre nach ndéantar cothabháil poiblí orthu sa ghnáthbhealach. Tuigtear dom go gcaithfidh an bóthar i gceist a bheith ag dul chuig árais chónaithe, talamh feirme nó suíomheanna taitneamhacha ar nós locha, aibhneacha nó tránna. Tá breis eolais le fáil ar shuíomh na Roinne.
Tá geallta sa chlár Rialtais nua go dtabharfar scéim na mbóithre áise ar ais. Níl aon mheicníocht chuige sin oibrithe amach go fóill, áfach. Beidh athbhunú na scéime ag brath, dar ndóigh, ar airgead a bheith curtha ar fáil chuige sin do na blianta amach romhainn trí phróiseas na Meastachán. Tuigfidh an Teachta nach bhfuil an idirbheartaíocht maidir le Meastachán 2026 tosaithe go fóill. Beidh plé ar bun idir na páirtithe leasmhara agus mo Roinn maidir leis an gcur chuige is fearr chun an scéim seo a athbhunú. Tuigim cé chomh tábhachtach do mhuintir na Gaeltachta is atá an scéim sin. Is é an rud is tábhachtaí, áfach, ná go gcabhrófar le bóithre áitiúla sna Gaeltachtaí.
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Aire. Bhí an scéim an-úsáideach i gcomhair phobal na Gaeltachta mar rinneadh athchóiriú ar an chéad píosa den bhóthar ar a raibh siad ag tiomáint ar maidin agus an píosa deireanach sa tráthnóna ar a raibh siad ag taisteal agus iad ag filleadh abhaile. Tá sí dírithe ar bhóithre a bhí fágtha ar leataobh go minic ag an gcomhairle contae de bharr go raibh siad ag díriú ar bhóithre níos gnóthaí.
Tuigim nach mbeidh an scéim tosaithe thar oíche agus go mbeidh roinnt oibre sa chúlra i gceist. Cad iad na céimeanna atá tógtha go dtí seo chun an scéim sin a athoscailt? An bhfuil plé, mar shampla, le hÚdarás na Gaeltachta, le Roinn na Gaeltachta nó le comhairlí contae ar conas a dhéanfaí láimhseáil ar an scéim? Cad iad na céimeanna atá bainte amach go dtí seo cheana féin?
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá obair bhunúsach déanta ag m’oifigigh sa Roinn. Tá muid ag scrúdú na meicníochta a bheidh muid in ann úsáid chun cuidiú leis na bóithre sin, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu ar na bóithre sin nó a úsáideann iad le haghaidh obair feirmeoireachta. Mar a dúirt mé, tá an scéim feabhsaithe áitiúil ann agus tá mé ag cur béim ar an scéim sin chun airgead breise a fháil a thabharfaidh cuidiú breise do na húdaráis áitiúla ina bhfuil ceantar Gaeltachta. Tá muid fós beartaithe ar scéim na mbóithre áise a thabhairt ar ais mar tuigim cé chomh tábhachtach is atá sí ó scéal an Teachta. Tá sé ag cur brú orm. Tá Teachta Pat the Cope Gallagher ag crú brú orm freisin. Tuigim, agus tuigeann an tAire Stáit, an Teachta Buttimer, cé chomh tábhachtach is atá scéim na bóithre áise agus an scéim feabhsaithe áitiúil. Tá muid ag scrúdú na meicníochta is tapa agus éifeachtaí chun cuidiú le daoine agus na bóithre sin a fheabhsú.
Aindrias Moynihan (Cork North-West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Cloisim an méid atá á rá ag an Aire mar gheall ar an scéim feabhsaithe áitiúil, nó LIS, atá ann faoi láthair. Is scéim an-úsáideach í agus cabhraíonn sí le feabhsú bóithre ar fud na tíre. Tá sé fíorthábhachtach, pé dul chun cinn a dhéantar, go mbeidh scéim na mbóithre áise ag feidhmiú go chomhthreomhar leis an LIS agus go mbeidh deis breise ag pobal na Gaeltachta feabhas a chur ar na bóithre, seachas blas Gaeltachta a chur ar an LIS do phobal na Gaeltachta amháin agus go gcaillfidh siad amach ar an scéim eile. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an dá rogha ar fáil do phobal na Gaeltachta agus gurb amhlaidh go mbeidh buntáiste do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht. Mar sin, teastaíonn uaim a chinntiú nach mbeidh scéim na mbóithre áise ag teacht in áit an LIS agus go mbeidh sí ag rith go comhthreomhar léi ionas go mbeidh an dá rogha ar fáil do phobal na Gaeltachta nuair a bheidh an scéim nua ann.
Dara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Nuair a thiocfaidh Roinn na Gaeltachta go dtí an Roinn caiteachais phoiblí, is é sin an rud a bheidh muid ag déanamh. Is mian linn go mbeidh deiseanna breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus muintir na n-oileán. Tá sé tábhachtach go mbeidh na deiseanna breise sin ar fáil do mhuintir na Gaeltachta amháin agus go mbeidh siad in ann iad a úsáid. Is é an rud is tábhachtaí ná go n-oibríonn muid amach scéim chun tacú agus cuidiú le muintir na Gaeltachta le haghaidh na mbóithre áitiúla a úsáideann siad, mar a dúirt an Teachta, ag tús agus deireadh an lae. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeidh scéim againn le cuidiú leis na daoine sin go díreach agus go tapa, agus go mbeidh an t-airgead ann le haghaidh an bhealaigh sin. Tá mé ag obair ar bhealach tapa chun airgead breise a chur i dtreo mhuintir na Gaeltachta.