Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:00 am

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

10. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht i dtaca le Ceist Uimh. 7 den 15 Feabhra 2024, soiléiriú a thabhairt ar an bplean a d’eascair as an obair athbhreithnithe a rinne Údarás na Gaeltachta faoin bpunann iomlán maoine atá aige agus faoi na féidearthachtaí forbartha atá ann; soiléiriú a thabhairt ar na hacmhainní airgeadais a bheidh ag teastáil chun an plean a chur i gcrích; an dtabharfaidh sí an t-eolas is déanaí ar aon teagmháil idir a Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir le tithíocht a chur ar fáil ar thalamh agus réadmhaoin atá faoi úinéireacht an údaráis; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [16854/24]

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Baineann an cheist seo go háirithe leis an bpunann maoine iomlán atá ag Údarás na Gaeltachta, agus go simplí an talamh agus na foirgnimh atá acu. Bhí athbhreithniú ann agus buíochas le Dia, tá sé críochnaithe. Baineann mo cheist go sonrach leis an bplean a eascraíonn as an athbhreithniú sinagus an teagmháil a bhí, nó atá, ag an Roinn ó thaobh na bhféidearthachtaí maidir leis an dtalamh agus na bhfoirgnimh seo a úsáid, go háirithe i gcomhthéacs cúrsaí tithíochta.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ionann agus 216,000 m2 i méid na bhfoirgneamh ina n-iomláine atá i bpunann maoine Údarás na Gaeltachta. Is obair leanúnach idir fhorbairt agus cothabháil maoine atá ar bun ag an údarás ar an bpunann maoine atá i seilbh na heagraíochta. Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta liom go bhfuil athbhreithniú an údaráis ar phunann maoine ina áis thábhachtach taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcontae Gaeltachta. Tá plé ar bun ar bhonn leanúnach leis na cliaintchomhlachtaí atá na dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag iarraidh spás tráchtála nó teacht ar spás breise agus iad ag fás.

Níos minice ná a mhalairt, bíonn obair le déanamh ar fhoirgnítí mar chéim thosaithe do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le glanadh ag bord an údaráis agus chun a chinntiú go bhfuil na foirgnítí ag teacht le cúraimí reachtúla tógála agus rialachais. Tá liosta tograí mar phíblíne tograí d'fhorbairtí nua. Caithfear gach togra, ceann ar cheann, a chur faoi bhráid bhord Údarás na Gaeltachta chun gach deontas caipitil a cheadú agus iad mar chuid do chlár tograí a bheidh ar bun as seo go ceann roinnt blianta. Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta dom go bhfuil teagmháil leanúnach ar bun le cliaint reatha agus cliaint nua, údaráis áitiúla, soláthróirí seirbhísí agus dearthóirí. Beidh na tograí sin ar fad á bhforbairt go céimiúil le dul i dtreo an phróisis pleanála agus aon chomhairliúchán poiblí a bhaineann leis an bpróiseas sin.

Tá athbhreithniú déanta ag Údarás na Gaeltachta ar thograí tógála a d'fhéadfaí a thosú sa ghearrthéarma, go dtí 2026. Tá an clár infheistíochta caipitil don mbliain 2024 aontaithe ag leibhéal na bainistíochta san údarás, agus tá Údarás na Gaeltachta dóchasach go bhféadfaí cur leis seo ag brath ar acmhainní agus airgeadas a bheith ar fáil agus cead pleanála agus ceadanna eile a bheith in áit chuige.

Tá tábhacht leis an obair athbhreithnithe atá déanta ag Údarás na Gaeltachta mar chéad chéim i bhforbairt mhúnla tithíochta. Tá €250,000 ceadaithe ag bord an údaráis d'obair chomhairleoireachta agus thaighde i leith tithíocht a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Is cead i bprionsabal atá tugtha ag an mbord agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallsealbhóirí leasmhara. De réir Údarás na Gaeltachta, tá an obair leanúnach fós ar siúl ag an bhfoireann leis na geallsealbhóirí ábhartha. Tá mo Roinn coinnithe ar an eolas maidir leis an obair atá ar bun ag an údarás chun múnla tithíochta don Ghaeltacht a fhorbairt.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as ucht an fhreagra. Tá an cheist seo thar a bheith tábhachtach. Tá deiseanna agus féidearthachtaí iontacha anseo ó thaobh tailte agus foirgneamh de. Faraor géar, bhí Údarás na Gaeltachta ar an ngannchuid ó thaobh airgid de ag dul siar go dtí inniu. Níl a dhóthain airgid aige fiú i gcomparáid leis an IDA agus Enterprise Ireland. Mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá neamhaird i ndáiríre á dhéanamh ó thaobh an struchtúir de agus easpa cathaoirligh ann. Ní féidir leanúint ar aghaidh mar sin agus géarchéim thithíochta i gceist. Maidir leis an talamh seo, is iontach go bhfuil an talamh agus na foirgnimh aige, ach tá athbhreithniú déanta anois de bharr brú. Ba chóir go mbeadh sé sin déanta na blianta ó shin agus tá fís ag teastáil in éineacht leis an bplean. Cá bhfuil an plean i ndáiríre? Tá dul chun cinn ó thaobh comhairleoirí atá earcaithe anois. Arís, tá comhairleoirí agus airgead de luach €4 milliún i gceist. Bím idir dhá chomhairle le comhairleoirí i gcónaí ach ba chóir go mbeadh plean ag an údarás.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an t-údarás ag déanamh a dhíchill maidir leis seo. Tá sé i dteagmháil leis na cliaintchomhlachtaí. Tá an t-athbhreithniú ar siúl freisin. Tá an t-údarás ag iarraidh freisin go mbeidh plean caipitil aige agus é ceadaithe ag an mbord. Tá mise ag iarraidh go mbeadh ról níos mó ag an údarás maidir le tithíocht agus tá an obair sin tosaithe aige. Tá mé chun machnamh a dhéanamh ar an gceist sin sula dtagann an reachtaíocht tríd an Dáil. Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh aghaidh an údaráis casta ar an bhfadhb seo. Measaim gur féidir go mbeadh ról lárnach ag an údarás i soláthar tithíochta, idir sholáthar tithíochta sóisialta agus inacmhainne go háirithe, sa Ghaeltacht.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is dea-scéal amach is amach é sin, má tharlaíonn sé. Go dtí seo, is de bharr brú ón dtalamh anuas - tá BÁNÚ ann agus tá muid anseo ag obair as lámha a chéile sa bhFreasúra, agus chuile sheachtain os comhair na coiste Gaeilge, ag iarraidh an ghéarchéim atá ann a chur in iúl - go bhfuil a fhios againn faoi seo. Anois, buíochas le Dia, tá an t-athbhreithniú críochnaithe. Is é an rud is tábhachtaí domsa ná plean. Is é an rud atá i gceist faoi láthair ná togra píolótach i dtrí cheantar, An Ceathrú Rua ina measc. Níl i gceist ansin ach tithe inacmhainne. Tá sé sin go maith ach tá gá, mar a dúirt an tAire Stáit, le tithe sóisialta freisin. Tá gá le réimse leathan tithíochta agus ní mór don Aire Stáit, mar Aire Stáit nua, breathnú ar na féidearthachtaí atá anseo. Tá leabhrán de fhreagraí agamsa ag cur na féidearthachtaí sin in iúl, mar bhí fís ag na daoine a chuaigh romhainn le hÚdarás na Gaeltachta agus roimhe sin le Gaeltarra Éireann. Chuir na daoine sin béim ar thalamh agus ar fhoirgnimh. Tá gá leis an Rialtas agus leis an Aire Stáit nua díriú ar na féidearthachtaí seo, agus an t-airgead agus na hacmhainní cuí ar a chur ar fáil.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúig nó sé agallamh déanta agam leis na meáin Ghaeilge le seachtain anuas agus mé i m'Aire Stáit. Chuaigh mé isteach ar an gcéad lá agus ar an dara lá go dtí stiúideo TG4 agus bhí mé i stiúideo Tuairisc.ie freisin inné. Cuireadh an cheist orm i ngach agallamh agus tá mé an-sásta plé léi. Bhí an chéad cruinniú agam le hÚdarás na Gaeltachta i nGaillimh inné. Bhí an cruinniú sin gearr toisc go raibh orm teacht ar ais chuig an Dáil ach b'shin an céad uair a bhí an deis agam dul síos agus bhí mé ag iarraidh dul síos go luath. Beidh níos mó cruinnithe agam le hÚdarás na Gaeltachta. Tá a fhios ag lucht an údaráis go bhfuil an t-ábhar seo an-thábhachtach dom agus don Rialtas. Beidh mé ag plé na gceisteanna sa chomhthéacs seo a bhfuil leagtha síos ag cosmhuintir na Gaeltachta agus ag na Teachtaí Connolly agus Ó Cuív. Tá sé tábhachtach agus rinne Údarás na Gaeltachta an-obair. Tá monarchana agus gnóthaí ansin sa Ghaeltacht a choinníonn daoine sa Ghaeltacht, ach anois ta sé deacair teach a fháil ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht freisin. Tá an Rialtas ag déanamh oibre mhaith ar fud na tíre maidir le tithíocht ach is féidir ár n-aird a dhíriú ar na ceantair Ghaeltachta agus na deacrachtaí áirithe atá anseo, go háirithe le teanga, chomh maith leis na féidearthachtaí atá ag Údarás na Gaeltachta chun díriú ar chúrsaí tithíochta.