Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:00 am

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ionann agus 216,000 m2 i méid na bhfoirgneamh ina n-iomláine atá i bpunann maoine Údarás na Gaeltachta. Is obair leanúnach idir fhorbairt agus cothabháil maoine atá ar bun ag an údarás ar an bpunann maoine atá i seilbh na heagraíochta. Tá sé ráite ag Údarás na Gaeltachta liom go bhfuil athbhreithniú an údaráis ar phunann maoine ina áis thábhachtach taighde ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an bpunann sna seacht gcontae Gaeltachta. Tá plé ar bun ar bhonn leanúnach leis na cliaintchomhlachtaí atá na dtionóntaí cheana féin agus le cliaint nua atá ag iarraidh spás tráchtála nó teacht ar spás breise agus iad ag fás.

Níos minice ná a mhalairt, bíonn obair le déanamh ar fhoirgnítí mar chéim thosaithe do thionóntaí agus bíonn aon chaiteachas caipitil le glanadh ag bord an údaráis agus chun a chinntiú go bhfuil na foirgnítí ag teacht le cúraimí reachtúla tógála agus rialachais. Tá liosta tograí mar phíblíne tograí d'fhorbairtí nua. Caithfear gach togra, ceann ar cheann, a chur faoi bhráid bhord Údarás na Gaeltachta chun gach deontas caipitil a cheadú agus iad mar chuid do chlár tograí a bheidh ar bun as seo go ceann roinnt blianta. Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta dom go bhfuil teagmháil leanúnach ar bun le cliaint reatha agus cliaint nua, údaráis áitiúla, soláthróirí seirbhísí agus dearthóirí. Beidh na tograí sin ar fad á bhforbairt go céimiúil le dul i dtreo an phróisis pleanála agus aon chomhairliúchán poiblí a bhaineann leis an bpróiseas sin.

Tá athbhreithniú déanta ag Údarás na Gaeltachta ar thograí tógála a d'fhéadfaí a thosú sa ghearrthéarma, go dtí 2026. Tá an clár infheistíochta caipitil don mbliain 2024 aontaithe ag leibhéal na bainistíochta san údarás, agus tá Údarás na Gaeltachta dóchasach go bhféadfaí cur leis seo ag brath ar acmhainní agus airgeadas a bheith ar fáil agus cead pleanála agus ceadanna eile a bheith in áit chuige.

Tá tábhacht leis an obair athbhreithnithe atá déanta ag Údarás na Gaeltachta mar chéad chéim i bhforbairt mhúnla tithíochta. Tá €250,000 ceadaithe ag bord an údaráis d'obair chomhairleoireachta agus thaighde i leith tithíocht a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta. Is cead i bprionsabal atá tugtha ag an mbord agus súil múnla tithíochta inacmhainne do cheantair Ghaeltachta ar fud na tíre a fhorbairt mar thoradh ar an obair seo i gcomhpháirt le geallsealbhóirí leasmhara. De réir Údarás na Gaeltachta, tá an obair leanúnach fós ar siúl ag an bhfoireann leis na geallsealbhóirí ábhartha. Tá mo Roinn coinnithe ar an eolas maidir leis an obair atá ar bun ag an údarás chun múnla tithíochta don Ghaeltacht a fhorbairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.