Dáil debates

Thursday, 18 April 2024

Ceisteanna Eile - Other Questions

Údarás na Gaeltachta

10:10 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

16. To ask the Minister for Culture, Heritage and the Gaeltacht cén caiteachas atá déanta ar scoil áirithe (sonraí tugtha) i gContae Chorcaí le cúig bliana anuas; cad iad foinsí an mhaoinithe sin; cad iad na chéad chéimeanna eile chun an togra a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [17029/24]

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is togra an-tábhachtach é Coláiste Íosagáin, ní hamháin i gcomhair cheantar Mhúscraí ach i gcomhair na Gaeltachta i gcoitinne, Corcaigh, Ciarraí agus an t-iardheisceart ar fad. Tá plean cuimsitheach á ullmhú le tamall. An bhféadfadh an tAire Stáit léiriú a thabhairt ar an gcaiteachas chun an togra sin a chur i gcrích agus na chéad chéimeanna eile atá amach romhainn chun é sin a bhaint amach?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá suíomh an áitribh atá luaite ag an Teachta in úinéireacht Údarás na Gaeltachta ón mbliain 1998. Sa bhliain 2019, cheadaigh Fiontraíocht Éireann maoiniú de €2.16 milliún don obair thógála faoin gciste forbartha eacnamaíochta réigiúnach ar mhaithe le mol forbartha réigiúnach a lonnú ar an suíomh lena n-áirítear Gteic réigiúnach agus ionad fiontraíochta. Mar thoradh ar an maoiniú sin, cheadaigh bord an údaráis comh-mhaoiniú de €600,000 i mí Mhárta 2020.

Ina theannta sin, cheadaigh bord an údaráis €1 milliún ar mhaithe le hoibreacha ullmhúcháin a dhéanamh ar an suíomh i mí Márta 2021. Bhí an tsuim sin ar fad nach mór caite faoi dheireadh 2023.

Tá caiteachas caipitil de €1.2 milliún déanta ag Údarás na Gaeltachta ar an togra le cúig bliana anuas. Bhain formhór an chaiteachais sin - €960,000 - le hoibreacha réitithe suíomh. Tá curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta gur obair dheartha, innealtóireachta agus comhairleoireachta a bhí i gceist leis an gcuid eile den chaiteachas. Níor mhiste a lua gur cheadaigh bord an údaráis soláthar caipitil de €200,000 í mí na Samhna 2018 ar mhaithe le dearthóirí a cheapadh don togra. Is le linn na blianta 2019 and 2020 a tharla an caiteachas don obair sin. Ní dhéanfar éileamh ar mhaoiniú caipitil Fiontraíocht Éireann go dtí go mbeidh an togra ag staid tógála.

Tá an fhorbairt bheartaithe ar scála suntasach agus d'fhág an t-ardú ar chostais a d'eascair go príomha as boilsciú agus riachtanais pleanála go mba ghá iarracht a dhéanamh in athuair teacht ar bhreis maoiniú seachtrach. Tháinig seo ar bharr na dúshláin a bhain le scóip na hoibre agus cúrsaí pleanála. Bunaíodh comhlacht faoi leith le tabhairt faoin bhforbairt agus fostaíodh bainisteoir forbartha. De réir Údarás na Gaeltachta, chuir sé seo leis an moill.

Tuigim go bhfuil iarratas nua ar mhaoiniú déanta ar an gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe ón 8 Feabhra 2024 agus táthar ag súil go mbeidh cinneadh déanta ina leith seo go luath. Tá cead pleanála don fhorbairt in áit agus tá an próiseas tairisceana curtha i gcrích, agus dá bhrí sin tá an obair thógála ullamh le tosú ach na foinsí maoinithe a bheith deimhnithe. Má éiríonn leis an iarratas ar mhaoiniú, táthar ag súil go mbeidh tús á chur leis na hoibreacha tógála sa tríú ráithe den bhliain seo.

10:20 am

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus tá an-chuid sonraí ansin. Tá togra an-dearfach i gceist agus i ndán do Choláiste Íosagáin leis an mol digiteach atá luaite aige agus go leor eile. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfí é sin i gcrích agus tuigim go bhfuil costais ardaithe ó thosaigh an plean agus go bhfuil foinsí éagsúla á gcur in úsáid chun an maoiniú sin a bhailiú. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-údarás breá sásta a chuid maoinithe féin, maoiniú suntasach, a chur i gcrích agus a chur ar fáil ann agus nach mbeadh sé ag brath an iomad ar fhoinsí lasmuigh nach bhfuil siad i bhfeighil orthu.

Nuair a chuir mé ceist ar an údarás, bhí sé ag cur suimeanna caipitil ar fáil i gcomhair na réigiúin éagsúla a bhí á scaipeadh de réir an daonra a bhí sa cheantar. Dár ndóigh, tá daonra níos lú i gceantar Ghaeltacht Chorcaí. Bheadh sé fíorthábhachtach nach mbeadh sé sin mar shrian ar an gcaipiteal maoinithe a bheidh ar fáil ón údarás. An féidir a chinntiú mar sin go mbeidh sciar maith den mhaoiniú ar fáil ón údarás, pé maoiniú gur ghá chun a chinntiú gur féidir an togra tábhachtach seo a chur i gcrích?

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo bhuíochas leis an Teachta Ó Muineacháin de gur chuir sé ceist orm maidir leis an ábhar seo. Bhí mé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta inné agus beidh níos mó teagmhála ar siúl agam leis, agus beidh mé ag cur cás Chorcaí agus Gaeltacht Chorcaí, áit a d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge nuair a chuaigh mé go dtí an Ghaeltacht ar Oileán Chléire nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Tá rudaí ar siúl ar fud Chontae Chorcaí freisin. Tá 53 post i gCorcaigh faoi láthair i gcomhlachtaí atá ag fáil tacaíochta ó Údarás na Gaeltachta, agus tá pleananna teanga á bhfeidhmiú freisin i gceantar féin an Teachta, i Múscraí agus d’Oileán Chléire é féin. Ba mhaith liomsa aird a dhíriú ar Chontae Chorcaí agus ar Ghaeltacht Chorcaí agus ar an togra seo agus beidh mé ar ais i dteagmháil leis an Teachta nuair a dhéanann mé níos mó teagmhála le hÚdarás na Gaeltachta maidir leis an gceist seo.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an suim agam gur luaigh an t-Aire Stáit Oileán Chléire chomh maith mar, arís, is pobal é de dhaonra beag agus más rud é go bhfuil an t-údarás ag scaipeadh a chuid maoinithe de réir an daonra, bheadh a leithéid d'Oileán Chléire agus gach aon phobal eile faoi mhíbhuntáiste dá réir. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an t-údarás ábalta tograí mór le rá agus tábhachtacha a aithint agus an chuid maoinithe a chur ar fáil chucu, Coláiste Íosagáin ina measc. Caithfidh teachtaireacht shoiléir a bheith ann go mbeidh maoiniú údaráis cinnte chun é sin a chur i gcrích, pé rud a tharlódh le haon fhoinse eile, an RRDF, Fiontar Éireann nó aon dream eile. Caithfimid a bheith breá sásta go bhfuil maoiniú cinnte ag an údarás agus go mbeidh sé ar fáil chun an togra sin a chur i gcrích. Tá Coláiste Íosagáin fíorthábhachtach ní hamháin i gcomhair phobal Bhaile Bhuirne ach i gcomhair phobal Mhúscraí agus phobal an iardheiscirt go forleathan. Is féidir deiseanna iontacha a thabhairt i gcrích ann agus caithfimid an chinnteacht sin a fháil ón údarás go bhfuil sé sásta maoiniú suntasach a chur ar fáil chun é a chur i gcrích i gColáiste Íosagáin agus nach mbeidh sé scaipthe de réir daonra.

Photo of Thomas ByrneThomas Byrne (Meath East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta go bhfuil tábhacht ollmhór ag baint leis an athfhorbairt seo. Tá fíorthábhachtach ag baint le hathfhorbairt sna ceantair Ghaeltachta go léir. Táthar ag súil go dtabharfaidh an athfhorbairt seo deiseanna nua ó thaobh fiontraíochta agus fostaíochta do mhuintir ceantar an Teachta. Tá siad i dteideal na fostaíochta sin agus i dteideal na forbartha sin. Táimse ag iarraidh go mbeidh tograí den leithéid seo ann ar fud na nGaeltachtaí. Mar aon le maoiniú Údarás na Gaeltachta, tá maoiniú ó mo Roinn do thograí caipitil. B’fhéidir go bhfuil sé beagáinín níos lú. Ba mhaith liom go mbeadh iarratais ag teacht isteach ó phobal Mhúscraí, ó phobal Chléire agus ó phobail na nGaeltachtaí uilig. Caithfimid cabhair a thabhairt dóibh. Tá a lán áiteanna sna Gaeltachtaí, an chuid is mó acu, ina bhfuil daonra íseal ann i gcomparáid le háiteanna eile sa tír. Caithfimid aird a dhíriú orthu. Táim sásta dul i dteagmháil le Údarás na Gaeltachta arís maidir leis an togra seo agus tacaíocht a thabhairt don Teachta ina leith sin.

Questions Nos. 17 and 18 taken with Written Answers.